Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Boinn

Tá ocht gcinn d’ainmníochtaí éagsúla i sraith na mbonn euro: 1, 2, 5, 10, 20 agus 50 cent, €1 agus €2. Tá taobh coiteann agus taobh náisiúnta ag na boinn euro. Léirítear an tír eisiúna ar an taobh náisiúnta. Ba é an tUasal Luc Luycx ó Mhionta Ríoga na Beilge a dhear taobhanna coiteanna na mbonn.

Léirítear íomhánna den Aontas Eorpach nó den Eoraip ar an taobh coiteann agus is siombail iad d’aontacht an Aontais. Léirítear an Eoraip in aice leis an Afraic agus an Áise ar chruinneog ar na boinn 1, 2 agus 5 cent.

Is féidir leat aon bhonn euro a úsáid áit ar bith sa limistéar euro.

Boinn chomórtha €2

Féadfaidh gach tír dhá bhonn comórtha a eisiúint in aghaidh na bliana. Tá na gnéithe céanna ag na boinn sin agus an taobh coiteann céanna acu agus atá ag gnáthbhoinn €2. Is boinn dhifriúla iad mar sin féin i ngeall ar an dearadh comórtha atá ar an taobh náisiúnta. Ní féidir ach ainmníocht €2 a úsáid le haghaidh boinn chomórtha.

Is dlíthairiscint iad ar fud an limistéir euro. Ciallaíonn sé sin gur féidir iad a úsáid díreach cosúil le haon bhonn euro eile agus go gcaithfear glacadh leo.

Boinn chomórtha €2

Freagracht as boinn airgid

Cé go bhfuil an Banc Ceannais Eorpach freagrach as líon na mbonn a fhéadfaidh tíortha an limistéir euro a eisiúint a cheadú, is inniúlacht náisiúnta i gcónaí iad boinn airgid. Má tá sé i gceist ag tír sa limistéar euro boinn airgid a eisiúint ar a mbeidh móitífeanna nua — amhail boinn chomórtha — ní mór di é sin a chur in iúl don Choimisiún Eorpach. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith C) arb iris ilteangach í. Is í sin an fhoinse údarásach ar a mbunaíonn an Banc Ceannais Eorpach a nuashonruithe ar a shuíomh gréasáin faoi bhoinn euro.

Féadfar ceisteanna maidir le boinn euro a sheoladh chuig: An Coimisiún Eorpach — Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais

Gach leathanach sa rannóg seo