Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cúig rud nach mór duit a bheith ar eolas agat faoin mBanc Ceannais Eorpach

10 Iúil 2015 (nuashonrú deireanach ar an 25 Lúnasa 2021)

1. Is institiúid Eorpach muid a oibríonn ar son thart ar 350 milliún saoránach

Is é an Banc Ceannais Eorpach an banc ceannais don euro, airgeadra 20 tír Eorpacha. Bunaíodh in 1998 é agus institiúid oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh atá ann. Tá an Banc Ceannais Eorpach suite in Frankfurt am Main na Gearmáine.

Is é príomhchuspóir an Bhainc Ceannais Eorpaigh praghsanna a choinneáil cobhsaí sna tíortha a úsáideann an euro mar airgeadra. Déanann sé amhlaidh trí bheartas airgeadaíochta a cheapadh agus a fhorfheidhmiú laistigh den Eurochóras. Is grúpa é an tEurochóras ina bhfuil an Banc Ceannais Eorpach agus bainc cheannais náisiúnta na 20 tír sa limistéar euro.

Bíonn tionchar díreach ag cinntí an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar gheilleagar an limistéir euro, a chiallaíonn gur féidir leo tionchar a imirt ar shaol an 350 milliún duine a chónaíonn ann.

2. Tá sé mar aidhm againn go mbeidh praghsanna cobhsaí ann sa limistéar euro

Is é príomhchuspóir an Bhainc Ceannais Eorpaigh praghsanna a choinneáil cobhsaí. Ciallaíonn sé sin go bhfuil sé mar aidhm ag an mbanc ceannais an ráta ag a méadaíonn praghsanna (boilsciú) a choinneáil ag 2% thar an meántéarma. Ní ardaíonn praghsanna chomh tapa is go n-imeoidh do chuid coigiltis le himeacht ama. Ní fhanann praghsanna ar leibhéal marbhánta ach oiread toisc go mbeadh baol ann go dtiocfadh ísliú ar phraghsanna agus go gcuirfeadh daoine a gcuid caiteachais siar dá dheasca. D’fhéadfadh sé sin an geilleagar a chur ina stad. Chaillfí poist, thiocfadh laghdú eile fós ar phraghsanna, agus bheadh fáinne fí ann dá dheasca.

Tá praghsanna cobhsaí tábhachtach do dhaoine agus do ghnólachtaí le go mothóidh siad slán chun pleananna a dhéanamh le hinfheistiú don todhchaí.

Mar aon le bainc cheannais eile, is é an príomhbhealach a imríonn an Banc Ceannais Eorpach tionchar ar phraghsanna ná tríd an ráta úis gearrthéarmach a shocrú. Is é sin an ráta ag a dtugann sé airgead ar iasacht do bhainc thráchtála. Tríd an ráta úis sin a athrú, déanann an Banc Ceannais Eorpach iarracht tionchar a imirt ar mhéid agus ar chostas an chreidmheasa a ghabhann trí bhainc chuig cuideachtaí agus teaghlaigh, agus isteach sa gheilleagar i gcoitinne. Nuair a bhíonn an geilleagar ag cúlú agus nuair a bhíonn boilsciú níos ísle ná sprioc an Bhainc Ceannais Eorpaigh, spreagann ráta úis íseal (“beartas airgeadaíochta éasca”) sreabhadh creidmheasa trí chreidmheas níos saoire a chur ar fáil. Cothaíonn se sin éileamh ar fud an gheilleagair ar fad agus, le himeacht ama, tagann boilsciú ar ais chuig sprioc an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Nuair a bhíonn róbhorradh faoin ngeilleagar agus nuair a bhíonn boilsciú os cionn na sprice, bíonn a mhalairt de thionchar ag ráta úis ard (“beartas airgeadaíochta teann”): bíonn iasachtaí níos costasaí dá bharr ionas go dtiocfaidh maolú ar an ngeilleagar agus an ráta ag a bhfuil praghsanna ag ardú.

Tá rátaí úis ar cheann amháin den iliomad uirlisí a úsáidimid chun críche an bheartais airgeadaíochta. Smaoinigh ar bhosca lán d’uirlisí éagsúla, ar féidir linn iad a úsáid astu féin nó le chéile, chun cuidiú linn smacht a choinneáil ar bhoilsciú. Le blianta beaga anuas tá uirlisí nua curtha againn sa bhosca, mar fhreagairt ar athruithe móra atá tarlaithe sa gheilleagar a chruthaíonn dúshláin dúinn agus muid ag iarraidh cobhsaíocht praghsanna a bhaint amach.

Is sampla iad ceannacháin sócmhainní d’uirlis nua. Nuair a bhíonn rátaí úis ghearrthéarmacha an-íseal cheana féin nó ag leibhéal diúltach, féadfaidh banc ceannais iarracht a dhéanamh beartas airgeadaíochta a éascú tuilleadh trí shócmhainní a cheannach, ar nós bannaí ceannasacha, d’fhonn an ráta úis fadtéarmach a ísliú. Leis an ísliú ar rátaí úis fadtéarmacha, brúitear síos costas creidmheasa do theaghlaigh agus do ghnólachtaí. Sa bhreis air sin, cruthaítear airgead bainc ceannais chun na bannaí a cheananch. Úsáideann na hinstitiúidí a dhíolann na bannaí an t-airgead sin chun sócmhainní eile a cheannach. Ardaíonn sé sin praghas na sócmhainní sin, agus tagann méadú ar rachmas na n-infheisteoirí ar leo iad. Bíonn spreagadh níos mó ag na hinfheisteoirí sin airgead a chaitheamh dá bharr. Leis sin, féadfar an geilleagar a thabhairt ar ais chun fáis inbhuanaithe agus chuig ráta boilscithe atá ag teacht le cuspóir an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

3. Cuirimid le hearnáil baincéireachta níos sábháilte

Ó Shamhain 2014 i leith, tá cúram breise tógtha air féin ag an mBanc Ceannais Eorpach maoirseacht a dhéanamh ar na bainc is mó sa limistéar euro. Mar aon le maoirseoirí náisiúnta sa Sásra Maoirseachta Aonair, déanann an Banc Ceannais Eorpach athbhreithniú ar an gcaoi a dtugann bainc faoina ngníomhaíochtaí. Is féidir leis ceadúnais bhaincéireachta a dheonú agus a aistarraingt. Is féidir leis rioscaí féideartha a shainaithint freisin agus dul i ngleic leo.

Déantar iarracht a chinntiú trí mhaoirseacht baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh go gcuirtear rialacha i bhfeidhm ar an mbealach céanna ar fud na hEorpa. Mar gheall go bhfuil bainc san Eoraip idirnasctha go láidir, tá an tionscal baincéireachta níos cobhsaí mar gheall ar an maoirseacht chomhchuibhithe agus níos iontaofa do shaoránaigh agus do chuideachtaí atá anois ann.

4. Is institiúid neamhspleách fhreagrach muid

Leagtar amach tascanna agus freagrachtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Mar institiúid fhornáisiúnta, feidhmíonn an Banc Ceannais Eorpach ar mhaithe leis an Eoraip ina hiomláine; agus mar bhanc ceannais, tá sé neamhspleách ó aon tionchar polaitiúil nó tráchtála. Tá sé seo tábhachtach mar léirítear sa stair gur féidir le banc ceannais a leanann orduithe polaitiúla dearmad a dhéanamh ar a chuspóir cobhsaíocht praghsanna a chothabháil.

Mar sin féin, tá an Banc Ceannais Eorpach cuntasach. Bíonn éisteachtaí poiblí rialta idir ionadaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh, lena n-áirítear an tUachtarán, agus comhaltaí Pharlaimint na hEorpa. Anuas air sin, ba é an Banc Ceannais Eorpach a thosaigh an cleachtas i measc bainc cheannais mhóra comhdhálacha preasa rialta a reáchtáil díreach tar éis dóibh cinntí beartais airgeadaíochta a dhéanamh,

Glactar na cinntí sin trí vóta tromlaigh sa Chomhairle Rialaithe, príomhchomhlacht cinnteoireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Cruinníonn seisear comhaltaí ó Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh le chéile le 19 ngobharnóir ó bhainc cheannais náisiúnta (a bhfuil cearta vótála ag 15 díobh ag an am, ar bhonn sealaíochta).

5. Cruthaímid airgead don limistéar euro

Tairgtear nótaí bainc ar fud an limistéir euro faoi mhaoirseacht an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Tá síniú Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar gach ceann acu – comhartha den mhórtas atá againn as ár gcuid oibre agus de rud a tharraingíonn le chéile muid ar fad. Tá an euro ar cheann de na comharthaí is inbhraite den chomhtháthú Eorpach. Éascaíonn sé trádáil, gnó thar theorainneacha, taisteal agus an saol laethúil sa limistéar euro.

Arna nuashonrú i Lúnasa 2021 chun torthaí an athbhreithnithe straitéise a rinneadh in 2020-2021 a chur san áireamh.

FÉACH FREISIN

Foghlaim tuilleadh faoi ábhar gaolmhar