Airgead náisiúnta a mhalartú
I bhformhór na gcásanna, is féidir nótaí bainc agus boinn náisiúnta, amhail Mark na Gearmáine, a mhalartú fós ar an euro. Is iad na bainc cheannais náisiúnta amháin a dhéanann é sin. Ní mhalartaíonn an Banc Ceannais Eorpach aon nótaí bainc ná boinn airgid.
Chun féachaint ar na nótaí bainc is féidir a mhalartú ar an euro, cliceáil ar ainm na tíre sa tábla thíos agus féach na teorainneacha ama a shonraítear. Malartaíonn roinnt bainc cheannais náisiúnta sraith nótaí bainc níos sine fós ná iad siúd a léirítear.
Teorainneacha ama
Tá teorainn ama leagtha síos ag roinnt banc ceannais chun nótaí bainc agus boinn náisiúnta a mhalartú
Tír | Malartú nótaí bainc go dtí | Malartú bonn go dtí |
---|---|---|
An Ostair | gan teorainn ama | gan teorainn ama |
An Bheilg | gan teorainn ama | 31 Nollaig 2004 |
An Chipir | 31 Nollaig 2017 | 31 Nollaig 2009 |
An Fhionlainn | 29 Feabhra 2012 | 29 Feabhra 2012 |
An Fhrainc | 17 Feabhra 2012 | 17 Feabhra 2005 |
An Ghearmáin | gan teorainn ama | gan teorainn ama |
An Ghréig | 1 Márta 2012 | 1 Márta 2004 |
An Eastóin | gan teorainn ama | gan teorainn ama |
Éire | gan teorainn ama | gan teorainn ama |
An Iodáil | 6 Nollaig 2011 | 6 Nollaig 2011 |
An Laitvia | gan teorainn ama | gan teorainn ama |
An Liotuáin | gan teorainn ama | gan teorainn ama |
Lucsamburg | gan teorainn ama | 31 Nollaig 2004 |
Málta | 31 Eanáir 2018 | 1 Feabhra 2010 |
An Ísiltír (1) | 1 Eanáir 2032 | 1 Eanáir 2007 |
An Phortaingéil | 28 Feabhra 2022 | 31 Nollaig 2002 |
An tSlóivéin | gan teorainn ama | 31 Nollaig 2016 |
An tSlóvaic | gan teorainn ama | 2 Eanáir 2014 |
An Spáinn | 30 Meitheamh 2021 | 30 Meitheamh 2021 |
(1) Ní dhéanfaidh De Nederlandsche Bank guilder a mhalartú i ngach cás. Ní mhalartófar guilder a fuarthas ó ghníomhaíochtaí tráchtála tar éis an 27 Eanáir 2002 a thuilleadh. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar suíomh gréasáin De Nederlandsche Bank. |