Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cén fáth a bhfuil an Banc Ceannais Eorpach neamhspleách?

12 Eanáir 2017

Tá neamhspleáchas BCE ríthábhachtach dá phríomhchuspóir, is é sin, cobhsaíocht praghsanna a chothabháil. Is bunchloch de chóras airgeadaíochta an limistéir euro é.

Cén fáth a bhfuil neamhspleáchas an bhainc cheannais riachtanach?

Ní raibh na bainc cheannais neamhspleách i gcónaí, ach le himeacht ama tá claonadh soiléir ann beartas airgeadaíochta a scaradh amach ó thionchar polaitiúil díreach. Léiríodh i bhfianaise thurgnamhach agus in anailís theoiriciúil fhairsing go mbíonn bainc cheannais atá neamhspleách níos cumasaí maidir le rátaí boilscithe a choinneáil íseal.

Agus muid inár gcaomhnóirí ar chobhsaíocht praghsanna, cruthaíonn bainc cheannais an bonn le haghaidh geilleagar sláintiúil agus seasmhach. Dá mbeadh smacht díreach ag rialtais ar bhainc cheannais, tá seans ann go gcuirfí cathú ar pholaiteoirí rátaí úis a athrú ina bhfabhar chun borradh geilleagrach gearrthéarmach a chruthú nó chun airgead an bhainc cheannais a úsáid le bearta beartais a mbeadh gean an phobail orthu, a mhaoiniú. Dhéanfadh sé sin dochar tromchúiseach don gheilleagar san fhadtéarma.

Bunaíodh BCE go sonrach mar institiúid neamhspleách le cinntiú go ngníomhaíonn sé ar son leasa mhuintir na hEorpa. Tugtar sainordú an-soiléir agus teoranta do BCE sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh chun cobhsaíocht praghsanna a chothabháil sa limistéar euro. Ar an mbealach sin, is féidir le BCE tabhairt faoi bheartas airgeadaíochta a chothaíonn fás eacnamaíoch agus cruthú post san Eoraip.

Cad iad na príomhcholúin a bhaineann le neamhspleáchas BCE?

Tugann an creat institiúideach do bheartas aonair airgeadaíochta BCE cosaint ó gach cineál tionchair pholaitiúil. Tá cúig phríomhcholún i gceist le neamhspleáchas BCE agus léirítear iad i Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Neamhspleáchas institiúideach

Maítear sa Chonradh nár cheart do BCE aon ordú a lorg nó a fháil ó institiúid, rialtas nó comhlacht ar bith. Ag an am céanna, ní cheadaítear do rialtais na mBallstát ná d’institiúidí de chuid an Aontais tionchar a imirt ar chomhlachtaí cinnteoireachta BCE.

Neamhspleáchas pearsanta

Tugtar cosaint sa Reacht do neamhspleáchas pearsanta chomhlachtaí Bhord Feidhmiúcháin BCE. Ainmnítear iad ar feadh téarma ocht mbliana nach féidir a athnuachan agus ní féidir iad a chur as oifig ach i gcás mí-iompair thromchúisigh. Cuireann sé sin ar a gcumas cinntí freagracha agus oibiachtúla a dhéanamh.

Neamhspleáchas feidhmiúil agus oibríochtúil

Sanntar, tríd an Reacht, na hinniúlachtaí riachtanacha ar fad do BCE chun a phríomhchuspóir maidir le cobhsaíocht praghsanna a bhaint amach. Chuige sin, baineann an tEurochóras tairbhe as inniúlacht eisiach le haghaidh beartas airgeadaíochta sa limistéar euro. Anuas air sin, níl cead ag BCE iasachtaí díreacha a thabhairt don earnáil phoiblí. Tugann sé sin cosaint do BCE ó aon bhrú a d’fhéadfadh údaráis phoiblí a chur air.

Neamhspleáchas airgeadais agus eagraíochtúil

D’fhonn teorainn bhreise a chur leis an tionchar seachtrach ar an Eurochóras, tá a gcuid acmhainní airgeadais agus ioncam féin ag BCE agus ag na bainc cheannais náisiúnta. Ceadaítear do BCE a struchtúr inmheánach a eagrú de réir mar is cuí leis faoin Reacht. Cuireann an neamhspleáchas sin ar chumas an Eurochórais tabhairt faoina chúraimí uile mar is gá.

Neamhspleáchas dlíthiúil

Ar deireadh, tá a phearsantacht dhlítheanach féin ag BCE. Cuireann sé sin ar chumas BCE gníomhaíochtaí a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais Eorpaí chun a neamhspleáchas a fhorfheidhmiú más gá.

Conas a chinntíonn BCE cuntasacht?

Is gá neamhspleáchas an bhainc cheannais a chomhlánú le cuntasacht. Ar an mbonn sin, míníonn BCE a chinntí agus a bhunréasúnacht do shaoránaigh an Aontais agus dá n-ionadaithe tofa. I measc neart imeachtaí eile, freastalaíonn Uachtarán BCE ar éisteachtaí ráithiúla ag an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta i bParlaimint na hEorpa. Féadfaidh Comhaltaí Pharlaimint na hEorpa ceisteanna a dhíriú chuig BCE freisin.

Cén chaoi a bhfuil BCE freagrach as a chuid ghníomhaíochtaí?

Ar an iomlán, ceadaíonn na cúig cholún neamhspleáchais don BCE beartas airgeadaíochta a stiúradh go neamhspleách agus go héifeachtúil. Mar sin féin, cinntíonn creat cuimsitheach cuntasacht BCE ag an am céanna. Cuireann sé sin ar chumas BCE tabhairt faoina phríomhchuspóir de chobhsaíocht praghsanna agus gníomhú ar son leasa shaoránaigh an limistéir euro agus an gheilleagair Eorpaigh.

FÉACH FREISIN

Foghlaim tuilleadh faoi ábhar gaolmhar

Foghlaim tuilleadh

Cuntasacht Trédhearcacht