Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe BCE (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)

Lúnasa-Meán Fómhair 2026

02 Deireadh Fómhair 2026

Cumarsáid sheachtrach

Fógraí maidir le tionscadal an euro dhigitigh

An 30 Iúil 2026 d’fhoilsigh BCE preasráiteas inar leagadh amach gnéithe inrochtaineachta aip an euro dhigitigh. Rachaidh an dearadh thar na ceanglais atá leagtha amach san Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht. Fógraíodh sa phreasráiteas chomh maith go dtosódh BCE tástála inúsáidteachta agus inrochtaineachta mar chuid de threoirthionscadal an euro dhigitigh in 2027. Tá an preasráiteas, chomh maith leis an doiciméadacht fholuiteach a bhaineann leis, le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

An 15 Meán Fómhair 2026 d’eisigh BCE glao ar léiriú spéise, inar n-iarrtar ar cheannaithe ríomhthráchtála agus tráchtála móibílí (m-thráchtáil) atá ag feidhmiú sa limistéar euro páirt a ghlacadh sa treoirthionscadal maidir leis an euro digiteach. Is é an 27 Deireadh Fómhair 2026 an spriocdháta chun iarratas a chur isteach.

Ar deireadh, an 28 Meán Fómhair 2026 d’eisigh BCE glao eile ar léiriú spéis, inar n-iarrtar ar chuideachtaí príobháideacha agus eagraíochtaí oibriú i gcomhar chun iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh bonneagar an euro dhigitigh tacú leo ina n-iarrachtaí nuálaíochta. Tugtar faisnéis níos mionsonraithe i bhfógra gaolmhar, atá le fáil ar shuíomh gréasáin BCE. Is é an 9 Samhain 2026 an spriocdháta chun iarratas a chur isteach.

Rannpháirtíocht láidir i suirbhé BCE maidir le dearadh na nótaí bainc euro amach anseo

An 23 Meán Fómhair 2026 d’eisigh BCE preasráiteas inar tuairiscíodh gur ghlac beag nach 10 milliún duine ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin páirt sa suirbhé BCE maidir le nótaí bainc euro amach anseo, a bhí ar siúl ón 23 Iúil go dtí an 21 Meán Fómhair 2026. Bhí leibhéal rannpháirtíochta nach bhfacthas riamh roimhe seo sa suirbhé agus sé comhionann le 2.6% de dhaonra an limistéir euro. Leagadh amach sa phreasráiteas na chéad chéimeanna eile sa phróiseas. Tá tuilleadh eolais maidir leis na nótaí bainc amach anseo, na tograí atá ar an ngearrliosta agus an próiseas roghnúcháin le fáil ar shuíomh gréasáin BCE.

Oibríochtaí margaidh

Leasuithe ar ghníomhartha dlí maidir le creat beartais airgeadaíochta an Eurochórais a chur chun feidhme

An 22 Meán Fómhair 2026 ghlac an Chomhairle Rialaithe leasuithe ar na gníomhartha dlí lena gcuirtear chun feidhme creat beartais airgeadaíochta an Eurochórais. Is iad na gníomhartha dlí leasaitheacha Treoirlíne BCE/2026/26 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2015/510 maidir le creat beartais airgeadaíochta an Eurochórais a chur chun feidhme agus Treoirlíne BCE/2026/27 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2016/65 maidir leis na caolchorrlaigh luachála a chuirtear i bhfeidhm i gcur chun feidhme chreat bheartas airgeadaíochta an Eurochórais.

Beidh feidhm ag na leasuithe ón 30 Samhain 2026 agus áireofar iontu na hathruithe a shonraítear i bpreaseisiúint ghaolmhar atá le fáil ar shuíomh gréasáin BCE.

Beartas macrastuamachta agus cobhsaíocht airgeadais

Freagairt an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) ar chomhairliúchán spriocdhírithe an Rialacháin maidir le Margaí Criptea-Shócmhainní (MiCAR)

An 7 Meán Fómhair 2026 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe, le rannpháirtíocht na Comhairle Ginearálta, freagairt CEBC ar chomhairliúchán spriocdhírithe an Choimisiúin maidir le hathbhreithniú MiCAR. Tá an fhreagairt, ina gcuirtear fáilte roimh an gcomhairliúchán measúnú a dhéanamh ar réimsí ar a bhféadfaí feabhas a chur ar na rialacha atá ann cheana d’fhonn go leanfaidh MiCAR de bheith oiriúnach, agus na ceachtanna a foghlaimíodh ó bhlianta tosaigh chur chun feidhme MiCAR, dinimic an mhargaidh atá ag teacht chun cinn agus cleachtais i ndlínsí eile á gcur san áireamh, le fáil ar shuíomh gréasáin BCE.

Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí

Ceapachán comhalta nua de chuid an Bhoird um Bonneagar Margaidh (MIB)

An 30 Iúil 2026 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe ceapachán Sigríður Dis Guðjónsdóttir, Ceann na nÍocaíochtaí agus Athléimneachta ag Banc Ceannais na hÍoslainne, mar chomhalta gan vóta de MIB ó bhanc ceannais nach bhfuil sa limistéar euro go dtí 31 Bealtaine 2029. Tá an liosta iomlán de chomhaltaí MIB le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Comhaontú le haghaidh agus cur i bhfeidhm chéim phíolótach Pontes

An 11 Lúnasa 2026 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe comhaontú ina rialaítear céadseoladh Pontes, réiteach lena gcumasaítear idirbhearta mórdhíola i sócmhainní téacschomharthaithe a shocrú in airgead bainc cheannais. Leis an gcomhaontú seo idir bainc cheannais an Eurochórais agus bainc cheannais náisiúnta an Eurochórais a sholáthraíonn réitigh, bunaítear creat dlíthiúil ceangailteach le haghaidh córais gráid táirgthe agus, ag an am céanna, léirítear an ghné eatramhach atá sa chéim seo den tseirbhís. Áirítear inti freisin téarmaí agus coinníollacha do rannpháirtithe sa mhargadh agus oibreoirí teicneolaíochta mórleabhar dáilte sa mhargadh (DLT) a sholáthróidh teimpléid chonartha le haghaidh socruithe idir bainc cheannais an Eurochórais agus a rannpháirtí sa mhargadh agus na hoibreoirí margaidh DLT. An 11 Meán Fómhair 2026 mhol an Bord um Bonneagar Margaidh dul ar aghaidh leis an dáta seolta sceidealta Pontes an 21 Meán Fómhair 2026. Tá preaseisiúint ghaolmhar le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Cinneadh BCE maidir le Córas Íocaíochta Visa Europe a shainaithint mar chóras íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach leis

An 24 Lúnasa 2026 ghlac an Chomhairle Rialaithe Cinneadh BCE/2026/22 maidir le Córas Íocaíochta Visa Europe a shainaithint mar chóras íocaíochta a bbhfuil tábhacht shistéamach leis de bhun Rialachán (AE) 2025/1355 maidir le ceanglais mhaoirseachta le haghaidh córais íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach leo. Tá an Cinneadh, ar tugadh fógra ina leith don bhrainse Gearmánach de Visa Europe Limited ina cháil mar oibreoir an Chórais Íocaíochta Visa Europe, ar fáil ar EUR-Lex. Mar thoradh ar an gCinneadh seo, déanfaidh an tEurochóras maoirseacht ar Chóras Íocaíochta Visa Europe agus an BCE ag gníomhú mar phríomh-mhaoirseoir.

Nuashonrú ar dhul chun cinn maidir leis an gCóras Socraíochta Íocaíochta Meandraí TARGET (TARGET instant payment settlement, TIPS)a idirnascadh le mearchórais íocaíochta eile

An 24 Meán Fómhair 2026 thug an Chomhairle Rialaithe dá haire ar nuashonrú maidir le dul chun cinn chun an t-ardán TIPS a idirnascadh le mearchórais íocaíochta eile ar fud an domhain agus d’fhormheas sí tús a chur le measúnú ar a indéanta TIPS a idirnascadh le córas íocaíochta meandraí na Brasaíle, Pix. Tá fógra gaolmhar le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Rinne an Chomhairle Rialaithe breithniú freisin ar mholadh an Bhoird um Bonneagar Margaidh maidir le praghsáil na seirbhíse idirnascadh TIPS. Cuirfear faisnéis níos mionsonraithe ar fáil ar shuíomh gréasáin BCE de réir mar a dhéantar tuilleadh dul chun cinn.

Comhairle maidir le reachtaíocht

Tuairim BCE maidir le Ciste Infheistíochta Cosanta na Polainne

An 28 Iúil 2026 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2026/23 arna iarraidh sin do Mharascal Pharlaimint na Polainne.

Tuairim BCE maidir le rannpháirtíocht Éireann in Iontaobhas Athléimneachta agus Inbhuanaitheachta an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta

An 12 Lúnasa 2026 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2026/24 arna iarraidh sin d’Aire Airgeadais na hÉireann.

Tuairim BCE maidir le toirmeasc a thabhairt isteach ar ghníomhaíochtaí cripteashócmhainní, agus bearta a bhaineann le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1114

An 12 Lúnasa 2026 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2026/26 arna iarraidh sin do Mharascal Pharlaimint na Polainne.

Tuairim BCE maidir le rialacha a bhaineann le hiompar agus sláine chomhaltaí foirne údaráis maoirseachta agus chomhaltaí a bhoird feidhmiúcháin

An 14 Lúnasa 2026 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2026/25 arna iarraidh sin d’Aireacht Airgeadais Fheidearálach na Gearmáine.

Tuairim BCE maidir le neamhspleáchas maoirseachta agus coinbhleachtaí leasa a chosc

An 19 Lúnasa 2026 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2026/27 arna iarraidh sin d’Aireacht Airgeadais Lucsamburg.

Tuairim BCE maidir le cuspóirí an Údaráis Maoirseachta Airgeadais, údaruithe srianta institiúidí creidmheasa agus cónascadh institiúidí creidmheasa

An 31 Lúnasa 2026 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2026/28 arna iarraidh sin d’Aireacht Airgeadais na Fionlainne.

Tuairim BCE maidir le coinbhleachtaí leasa Ghobharnóir, Leas-Ghobharnóir agus fhostaithe Bhanc Ceannais na Cipire a chosc

An 21 Meán Fómhair 2026 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2026/29 ar iarratas Aire Dlí agus Cirt agus Oird Phoiblí na Cipire.

Rialachas corparáideach

Síneadh ar shainordú beirt chomhaltaí den Bhord Riaracháin Athbhreinithiúcháin (ABoR) agus ar chomhalta malartach amháin

An 11 Meán Fómhair 2026 chinn an Chomhairle Rialaithe, i gcomhréir le hAirteagal 24(2) de Rialachán SAM, síneadh téarma iomlán cúig bliana a chur le sainorduithe Christiane Campill mar chomhalta ABoR agus Damir Odak mar chomhalta malartach go dtí 30 Samhain 2031, mar aon le sainordú Pentti Hakkarainen mar chomhalta ABoR go dtí 31 Eanáir 2032. Rachaidh sainorduithe an triúir comhaltai eile den ABoR, an comhlacht a dhéanann athbhreithnithe riaracháin inmheánacha ar chinntí arna ndéanamh ag BCE i bhfeidhmiú a chumhachtaí maoirseachta, in éag in 2029. Tá eolas níos mionsonraithe maidir le ABoR le fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.

Tuairim an Choiste Eitice maidir le gníomhaíocht beartaithe iarfhostaíochta chomhalta den Chomhairle Rialaithe

An 24 Meán Fómhair 2026 d’aontaigh an Chomhairle Rialaithe le tuairim an Choiste Eitice nach raibh cúis imní maidir le coinbhleacht leasa ag baint le rún Isabel Schabel, comhalta de Bhord Feidhmiúcháin agus Comhairle Rialaithe BCE, an post mar Chomhairleoir Airgeadais agus Stiúrthóir na Rannóige um Margaí Airgeadaíochta agus Caipitil ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) a thosú ón 4 Eanáir 2027 agus nach bhféadfaí é a mheasadh mar chúis imní maidir le coinbhleacht leasa. Dá bhrí sin, tháinig an Coiste Eitice ar an gconclúid nach raibh tréimhse marana ag teastáil sa chás seo. An lá céanna, d’éirigh Schnabel as a post in BCE le héifeacht ón 3 Eanáir 2027. Tá preaseisiúint ghaolmhar le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Staidreamh

Leasuithe ar an Treoirlíne maidir le staitisticí míre sa chlár comhardaithe agus staitisticí rátaí úis na n-insititiúidí airgeadais airgeadaíochta (IAAnna)

An 11 Meán Fómhair 2026 ghlac an Chomhairle Rialaithe Treoirlíne BCE/2026/25 lena leasaítear Treoirlíne BCE 2021/11 maidir le staidreamh mír den chlár comhardaithe agus staidreamh rátaí úis institiúidí airgeadais airgeadaíochta. Baineann gné theicniúil do na leasuithe inar tugadh isteach, cuir i gcás, nuashonruithe ar thuairisciú ar fhaisnéis staidrimh ráithiúil maidir le hiasachtaí le haghaidh corparáidí neamhairgeadais chun a n-ailíniú leis an aicmiú staidrimh athbhreithnithe gníomhaíochtaí eacnamaíocha san Aontas Eorpach (NACE) a áirithiú.

Maoirseacht Baincéireachta BCE

Cinneadh ina leagtar amach socrú cosanta sonraí maidir le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs maoirseachta

An 30 Iúil 2026, níor chuir an Chomhairle Rialaithe in aghaidh togra ón mBord Maoirseachta Cinneadh BCE/2026/18 a ghlacadh maidir le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa. Leagtar amach sa Chinneadh, atá ar fáil ar EUR-Lex, leithdháileadh na ról agus na bhfreagrachtaí faoi seach idir na rialaitheoirí comhpháirteacha, gur BCE agus na hÚINanna iad, maidir le comhlíonadh Rialachán (AE) 2018/1725, a bhaineann le BCE, agus Rialachán (AE) 2016/679, a bhaineann le ÚINanna, agus sonraí pearsanta á bpróiseáil acu agus na cúraimí maoirseachta á ndéanamh acu.

Foilsiú thorthaí na tástála struis droim ar ais ar riosca geopholaitiúil 2026

An 31 Iúil 2026 d’fhoilsigh BCE torthaí na tástála struis droim ar ais ar riosca geopholaitiúil 2026, ina gcumhdaítear 110 banc sa limistéar euro atá faoi mhaoirseacht dhíreach an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Tá na torthaí, mar aon le preasráiteas gaolmhar, le fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.

Tuarascáil Bhliantúil ar ghníomhaíochtaí sceithireachta in SAM in 2025

An 4 Lúnasa 2026 níor chuir an Chomhairle Rialaithe in gcoinne togra ón mBord Maoirseachta an chéad tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí sceiritheachta sa Sásra Aonair Maoirseachta (SAM) a fhoilsiú. Is é is aidhm don tuarascáil seo, ina gcumhdaítear an bhliain 2025, forléargas ar ghníomhaíochtaí sceithireachta uile-SAM a rinneadh i gcomhthéacs na maoirseachta stuamachta a sholáthar don phobal. Déantar achoimre, ar bhealach comhiomlánaithe, faisnéis faoi thuarascálacha sceithireachta a fuair na húdaráis ábhartha in 2025, lena n-áirítear na tuarascálacha leantacha. Tá an tuarascáil ar fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.

Comhlíonadh BCE le Treoirlínte ÚBE maidir le leasú a dhéanamh ar Treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm an tsainmhínithe ar mhainneachtain faoi Airteagal 178 de Threoir (AE) 575/2013

An 14 Lúnasa 2026, níor chuir an Chomhairle Rialaithe in aghaidh moladh ón mBord Maoirseachta fógra a thabhairt don Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) go gcomhlíonann an BCE, maidir leis na hinstitiúidí suntasacha faoina mhaoirseacht dhíreach, cheana féin leis na Treoirlínte leasaithe ÚBE maidir le cur i bhfeidhm an tsainmhínithe ar mhainneachtain faoi Airteagal 178 de Threoir (AE) 575/2013 (EBA/GL/2026/05).

Creataí tarmligin le haghaidh cinntí maidir le meastúchán ar phleananna téarnaimh grúpa agus cinntí maidir le hathruithe ábhartha ar chórais rátála chun ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca creidmheasa agus lena leasaítear Cinneadh maidir le tarmligean na cumhachta a ghlacadh maidir le samhlacha inmheánacha agus shíneadh a chur le spriocdhátaí

An 21 Lúnasa 2026 ghlac an Chomhairle Rialaithe Cinneadh (AE) 2026/2036 maidir le tarmligean na cumhachta chun cinntí a ghlacadh maidir le hathruithe ábhartha ar chórais rátála chun ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca creidmheasa a ríomh (BCE/2026/19), Cinneadh (AE) 2026/2037 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2021/1442 maidir le tarmligean na cumhachta chun cinntí a ghlacadh maidir le samhlacha inmheánacha agus i ndáil le síneadh a chur le spriocdhátaí (BCE/2021/38) (BCE/2026/20) agus Cinneadh (AE) 2026/2038 maidir le tarmligean na cumhachta chun cinntí comhpháirteacha a ghlacadh maidir le measúnacht ar phleananna téarnaimh grúpa (BCE/2026/21). Tá na gníomhartha dlíthiúla seo beartaithe chun feidhmíocht na gcúraimí maoirseachta BCE a fheabhsú agus an líon suntasach cinntí a dhéantar sna réimsí sin curtha san áireamh. Ar bhonn na gcinntí sin, an 1 Meán Fómhair 2026 ghlac an Bord Feidhmiúcháin Cinneadh (AE) 2026/2039 lena n-ainmnítear cinn aonad oibre chun cinntí comhpháirteacha a ghlacadh maidir le meastúchán ar phleananna téarnaimh grúpa (BCE/2026/23) agus Cinneadh (AE) 2026/2040 lena n-ainmnítear cinn aonad oibre chun cinntí tarmligthe a ghlacadh maidir le hathruithe ábhartha ar chórais rátála chun ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca creidmheasa (BCE/2026/24).

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa