An Tuarascáil maidir le Cóineasú
Déantar measúnú sa Tuarascáil maidir le Cóineasú ar an dul chun cinn atá déanta ag Ballstáit an Aontais nach bhfuil sa limistéar euro cé is moite den Danmhairg, a bhfuil rogha an diúltaithe aici, i dtreo chomhlíonadh na gcritéar is gá chun an euro a ghlacadh. Foilsítear í ar a laghad gach dhá bhliain, nó ar iarratas ó Bhallstát de chuid an Aontais ar mian leis dul isteach sa limistéar euro.
INSERTED BY ANONYMOUS PROXY
Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more
An Tuarascáil maidir le Cóineasú, Meitheamh 2024
Féach go mion ar an measúnú is déanaí ar chóineasú eacnamaíoch agus dlíthiúil na mBallstát nach bhfuil sa limistéar euro tríd an tuarascáil iomlán a léamh.
Féach an tuarascáil iomlánDo na meáin
Tá dul chun cinn teoranta déanta ag tíortha an Aontais nach bhfuil sa limistéar euro i dtreo cóineasú eacnamaíoch leis an limistéar euro ó 2022 i leith.
Léigh an phreaseisiúintAR MHAITH LEAT TUILLEADH A FHOGHLAIM?
FÉACH AR ÁR nEISIÚINTÍ ROIMHE SEO
Tuarascálacha ón gCoimisiún Eorpach
Cosúil leis an mBanc Ceannais Eorpach, foilsíonn an Coimisiún Eorpach tuarascálacha maidir le cóineasú ina ndéantar measúnú ar ullmhacht Bhallstáit de chuid an Aontais an euro a ghlacadh.
Féach na tuarascálacha ón gCoimisiúnINSERTED BY ANONYMOUS PROXY
Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more
Ballraíocht sa limistéar euro
Tá sé de cheangal ar Bhallstáit uile an Aontais, cé is moite den Danmhairg, an euro a ghlacadh. Chun é sin a dhéanamh, ní mór dóibh ar dtús na critéir um chóineasú a chomhlíonadh lena ndéantar measúnú ar a n-ullmhacht don aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta. Caith súil ar ár léarscáil idirghníomhach le fáil amach cathain a ghlac tíortha éagsúla an euro.
Caith súil ar an léarscáilDóibh siúd a bhíonn ag éisteacht le podchraoladh BCE
Cén chaoi a dtéann tír isteach sa limistéar euro? Phléamar an cheist sin in eipeasóid dár bpodchraoladh, ag féachaint go sonrach ar an gCróit.
Éist leis an bpodchraoladhAn euro glactha ag an gCróit
An 1 Eanáir 2023, ghlac an Chróit an euro, an fichiú Ballstát den limistéar euro.
Léigh an t-alt san Fheasachán Eacnamaíoch chun tuilleadh a fhoghlaimAn bhfuil sé fíor go bhfuil boilsciú breise ann sa Chróit mar gheall ar an athrú go dtí an euro?
Tá imní léirithe ag tomhaltóirí as an gCróit maidir le méadú ar phraghsanna a bhaineann leis an athrú go dtí an euro. Léiríonn réamhfhianaise a chuirtear i láthair i mblagphostáil de chuid an Bhainc Ceannais Eorpaigh gur beag tionchar a bhí ag an athrú ó kruna go dtí an euro ar phraghsanna tomhaltóirí na Cróite agus ar bhraistintí praghsanna go dtí seo.
Léigh an bhlagphostáil