Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASEISIÚINT

Tuarascálacha BCE ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo ghlacadh an euro

26 Meitheamh 2024

  • Déantar measúnú sa tuarascáil dhébhliantúil ar an dul chun cinn atá déanta maidir le glacadh an euro sa Bhulgáir, i bPoblacht na Seice, san Ungáir, sa Pholainn, sa Rómáin agus sa tSualainn
  • Meastar gur príomhbhacainn eacnamaíoch é an boilsciú os cionn an luacha tagartha sna tíortha i lár agus in oirthear na hEorpa atá faoi athbhreithniú
  • Níl an reachtaíocht i 5 thír as 6 thír atá faoi athbhreithniú go hiomlán comhoiriúnach leis na ceanglais dhlíthiúla maidir le glacadh an euro
  • Meastar go neartóidh an ghníomhaíocht eacnamaíoch in 2024, ach tá éiginnteacht gheopholaitiúil ag cur isteach ar an ionchas

Tá dul chun cinn teoranta déanta ag Ballstáit an Aontais nach bhfuil sa limistéar euro maidir le cóineasú leis an limistéar euro ó 2022 i leith, dar leis an Tuarascáil ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) maidir le Cóineasú, 2024. Is é is cúis leis sin den chuid is mó ná dálaí dúshlánacha eacnamaíocha.

Le dhá bhliain anuas, tá na tíortha atá faoi athbhreithniú buailte ag drochiarmhairtí mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, as ar eascair lagú suntasach ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch agus ardú as cuimse ar an mboilsciú. Tíortha a raibh spleáchas fuinnimh níos airde acu ar an Rúis agus a raibh naisc trádála níos láidre acu léi go stairiúil ba mhó a bhí buailte. Ag féachaint chun cinn, táthar ag súil go neartóidh gníomhaíocht eacnamaíoch amach anseo sna tíortha uile atá faoi athbhreithniú , ach tá teannas geopholaitiúil agus rioscaí geopholaitiúla ag cur a n-ionchas eacnamaíoch i mbaol.

Maidir leis an gcritéar maidir le cobhsaíocht praghsanna, thaifead cúig cinn de na tíortha atá faoi athbhreithniú – an Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Ungáir, an Pholainn agus an Rómáin – meánrátaí boilscithe i bhfad os cionn an luacha tagartha 3.3%, agus bhí an boilsciú beagán os cionn an luacha tagartha sa tSualainn (Cairt 1). Tá an luach tagartha bunaithe ar na trí Bhallstát is fearr feidhmíocht le 12 mhí anuas, i.e. an Danmhairg (1.1%), an Bheilg (1.9%) agus an Ísiltír (2.5%), ag tógáil a meánrátaí úis le 12 mhí anuas agus 1½ phointe céatadáin a chur leis. Eisiadh asluiteach amháin, an Fhionlainn, ón ríomh sin.

Cairt 1

Boilsciú ICPT

(athruithe céatadáin bliantúla ar an meán)

Foinse: Eurostat.

Cairt 2

Barrachas (+) nó easnamh (-) rialtais ghinearálta

(céatadáin de OTI)

Foinse: Eurostat.

Tháinig feabhas ar an easnamh fioscach in 2023 i gcomparáid le leibhéal 2021 i gceithre cinn de na tíortha a chumhdaítear sa tuarascáil seo mar gheall ar an téarnamh eacnamaíoch tar éis na paindéime agus mar gheall ar dheireadh a bheith á chur de réir a chéile le bearta tacaíochta fioscacha. Mar sin féin, tá curtha isteach ag tionchar eacnamaíoch chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar an bhfeabhas seo i bpáirt, lena n-áirítear gníomhaíocht eacnamaíoch níos laige agus bearta beartais fhioscaigh a glacadh mar fhreagairt ar phraghsanna arda fuinnimh. In 2023, sháraigh Poblacht na Seice, an Ungáir, an Pholainn agus an Rómáin an luach tagartha easnaimh de 3% de OTI (Cairt 2). Bhí cóimheas fiachais-OTI an rialtais in 2023 faoi bhun an luacha tagartha (60%) i ngach tír a bhí faoi athbhreithniú seachas an Ungáir. In 2024 agus 2025, meastar go leanfaidh an t-iarmhéid buiséid de bheith os cionn an luacha tagartha san Ungáir, sa Pholainn agus sa Rómáin.

Tá an Rómáin fós faoi réir nós imeachta um easnamh iomarcach, ar cuireadh tús leis in 2020. An 19 Meitheamh 2024 chinn an Coimisiún Eorpach nach raibh gníomhaíocht éifeachtach glactha ag an Rómáin chun deireadh a chur lena heasnamh iomarcach. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid le déanaí freisin nár chomhlíon an Ungáir ná an Pholainn an critéar maidir le heasnamh rialtais faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis. Molfaidh an Coimisiún do Chomhairle an Aontais Eorpaigh tús a chur le nósanna imeachta um easnamh iomarcach le haghaidh na dtíortha sin.

A mhéid a bhaineann leis an gcritéar maidir leis an ráta malairte, níl ach lev na Bulgáire rannpháirteach sa sásra ráta malairte (ERM II). Chuaigh an Bhulgáir isteach in ERM II lena bord airgeadra reatha i bhfeidhm mar ghealltanas aontaobhach i mí Iúil 2020. Bhí an comhaontú sin maidir le rannpháirtíocht in ERM II bunaithe ar roinnt gealltanas beartais a rinne údaráis na Bulgáire. Tá an Bhulgáir ag obair chun na gealltanais bheartais sin a thabhairt chun críche faoi láthair, lena n-áirítear trína creat frithsciúrtha airgid a neartú.

Maidir le cóineasú rátaí úis fadtéarmacha, thaifead trí cinn de na sé thír atá faoi athbhreithniú (an Pholainn, an Rómáin agus an Ungáir) rátaí úis fadtéarmacha os cionn an luacha tagartha 4.8%.

Is gné thábhachtach é neart na n-institiúidí poiblí agus eacnamaíocha in inbhuanaitheacht an chóineasaithe le himeacht ama. Cé is moite den tSualainn, tugann táscairí a d’fhoilsigh eagraíochtaí idirnáisiúnta le fios go bhfuil cáilíocht na n-institiúidí agus an rialachais sna tíortha atá faoi athbhreithniú fós níos laige ná in áiteanna eile san Aontas.

Maidir le comhoiriúnacht na reachtaíochta náisiúnta leis na Conarthaí agus le Reacht CEBC agus BCE, ní raibh cúig cinn as na sé thír a scrúdaíodh ag luí go hiomlán leis na ceanglais chun an euro a ghlacadh. Maidir le reachtaíocht na Bulgáire, is é conclúid na tuarascála go bhfuil a reachtaíocht náisiúnta comhsheasmhach leis an gConradh agus leis an Reacht, faoi réir coinníollacha agus léirmhínithe a leagtar amach sa mheasúnú tíre ábhartha.

Le haghaidh fiosrúcháin ó na meáin, is féidir teagmháil a dhéanamh le Eszter Miltényi-Torstensson, teil.: +49 171 769 5305.

Nótaí

  • An Tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach maidir le Cóineasú
  • Sa Tuarascáil ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le Cóineasú, déantar athbhreithniú ar chóineasú eacnamaíoch agus dlíthiúil Bhallstáit an Aontais nach bhfuil sa limistéar euro le maolú gach dhá bhliain nó ar iarratas ó thír ar leith. Déantar measúnú inti ar mhéid an chóineasaithe eacnamaíoch inbhuanaithe leis an limistéar euro, an bhfuil an reachtaíocht náisiúnta comhoiriúnach le creat dlíthiúil an Aontais agus an gcomhlíontar na ceanglais reachtúla do na bainc cheannais náisiúnta faoi seach. Mar gheall ar an ‘‘gclásal um rogha gan a bheith páirteach’’ atá aici, ní chuirtear an Danmhairg san áireamh sa mheasúnú ach amháin má iarrann sí a bheith páirteach ann.
  • Ba é an 19 Meitheamh 2024 an scoithdháta le haghaidh an staidrimh a áirítear sa Tuarascáil seo maidir le Cóineasú. Is ó mhí an Mheithimh 2023 go dtí mí na Bealtaine 2024 atá an tréimhse thagartha le haghaidh an chritéir cobhsaíochta praghsanna agus an chritéir maidir le ráta úis fadtéarmach araon. Maidir le rátaí malairte, is ón 20 Meitheamh 2022 go dtí an 19 Meitheamh 2024 atá an tréimhse thagartha. Leis na sonraí stairiúla maidir le suíomhanna fioscacha, cumhdaítear an tréimhse go dtí 2023. Tá réamhaisnéisí bunaithe ar Réamhaisnéis Eacnamaíoch Earrach 2024 an Choimisiúin Eorpaigh agus ar na cláir um chóineasú is déanaí de chuid na dtíortha lena mbaineann, chomh maith le faisnéis eile atá ábhartha maidir le scrúdú réamhbhreathnaitheach ar inbhuanaitheacht an chóineasaithe.
TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa