Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

Cinntí maidir leis an mbeartas airgeadaíochta

06 Márta 2025

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach a ísliú 25 bhonnphointe. Go háirithe, tá an cinneadh an ráta úis ar an tsaoráid taisce a ísliú – an ráta trína stiúrann an Chomhairle Rialaithe seasamh an bheartais airgeadaíochta – bunaithe ar a measúnú nuashonraithe ar an ionchas boilscithe, ar dhinimic an bhoilscithe bhunúsaigh agus ar neart tharchur an bheartais airgeadaíochta.

Tá an próiseas díbhoilscithe ar an mbóthar ceart. Tríd is tríd, lean an boilsciú air ag forbairt de réir mar a bhí an fhoireann ag dréim leis, agus tá na réamh-mheastacháin is déanaí ag teacht go dlúth leis an ionchas boilscithe a bhí ann roimhe seo. Síleann an fhoireann anois go mbeidh boilsciú foriomlán 2.3 faoin gcéad ar an meán in 2025, 1.9 faoin gcéad ar an meán in 2026 agus 2.0 faoin gcéad ar an meán in 2027. Léiríonn an t-athbhreithniú aníos ar an mboilsciú foriomlán do 2025 go bhfuil cúinsí níos láidre ann ag imirt tionchar ar phraghsanna fuinnimh. Maidir leis an mboilsciú gan fuinneamh agus bia san áireamh, réamh-mheasann an fhoireann gur 2.2 faoin gcéad ar an meán a bheidh ann in 2025, 2.0 faoin gcéad in 2026 agus 1.9 faoin gcéad in 2027.

Tugann an chuid is mó de bhearta an bhoilscithe bhunúsaigh le fios go socróidh boilsciú thart ar sprioc mheántéarmach 2% na Comhairle Rialaithe ar bhonn leanúnach. Tá an boilsciú intíre fós ard, go príomha toisc go bhfuil pá agus praghsanna in earnálacha áirithe ag dul in oiriúint go han-mhall i gcónaí don bhorradh a bhí ar an mboilsciú roimhe seo. Ach tá an fás ar phá ag maolú mar a bhíothas ag súil leis, agus tá brabúis ag cur srian le cuid den tionchar ar an mboilsciú.

Tá sé le brath nach bhfuil an beartas airgeadaíochta chomh sriantach céanna, toisc go bhfuil na ciorruithe ar rátaí úis ag laghdú an chostais a bhaineann le hiasachtaí nua do ghnólachtaí agus do theaghlaigh agus go bhfuil dlús leis an bhfás ar iasachtaí. Ag an am céanna, tá srian leis an maolú ar dhálaí maoiniúcháin mar gheall ar arduithe ar rátaí úis a rinneadh san am atá thart atá fós ag imirt tionchar ar an stoc creidmheasa. Tá an t-iasachtú fós lag ar an iomlán. Tá dúshláin leanúnacha roimh an ngeilleagar agus laghdaigh foireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh a gcuid réamh-mheastachán fáis arís – go 0.9 faoin gcéad do 2025, 1.2 faoin gcéad do 2026 agus 1.3 faoin gcéad do 2027. Léiríonn na hathbhreithnithe anuas do 2025 agus 2026 go bhfuil laghdú tagtha ar onnmhairí agus go bhfuil an infheistíocht lag i gcónaí, rud a eascraíonn go pointe ón éiginnteacht mhór atá ann maidir leis an mbeartas trádála mar aon leis an éiginnteacht níos leithne atá ann i dtaca le beartais. Is iad an t-ardú ar fhíorioncaim agus éifeachtaí na n-arduithe ar rátaí úis a rinneadh roimhe seo, ar éifeachtaí iad atá ag dul i léig de réir a chéile, na príomhchúinsí i gcónaí atá mar bhonn leis an méadú ar an éileamh a bhfuiltear ag dréim leis le himeacht ama.

Tá an Chomhairle Rialaithe meáite ar a chinntiú go gcobhsóidh an boilsciú ar bhealach inmharthana go dtí 2%, is é sin, an sprioc mheántéarmach, gan mhoill. Go háirithe agus an éiginnteacht ag dul i méid faoi láthair, leanfaidh sé cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Go háirithe, beidh cinntí na Comhairle Rialaithe faoi rátaí úis bunaithe ar a mheasúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú bunúsach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl an Chomhairle Rialaithe ag déanamh aon ghealltanas fós maidir le treo ar leith rátaí.

Eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach a ísliú 25 bhonnphointe. Dá réir sin, laghdófar na rátaí úis ar an tsaoráid taisce, ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe agus ar an tsaoráid iasachta imeallach go 2.50 faoin gcéad, 2.65 faoin gcéad agus 2.90 faoin gcéad faoi seach, le héifeacht ón 12 Márta 2025.

An clár ceannaithe sócmhainní (CCS) agus an clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (CCÉP)

Tá punanna CCS agus CCÉP ag laghdú ag ráta measta intuartha, toisc nach ndéanann an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ar fad ó urrúis atá ag teacht in aibíocht a athinfheistiú a thuilleadh.

***

Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena hionstraimí uile a choigeartú laistigh dá sainordú chun a chinntiú go gcobhsóidh boilsciú ar bhealach inmharthana go dtí a sprioc, is í sin 2 faoin gcéad, sa mheántéarma agus chun tarchur réidh beartais airgeadaíochta a choinneáil. Tá an Ionstraim Cosanta Tarchurtha ar fáil chun cur i gcoinne dinimicí margaidh neamhordúla nach bhfuil údar leo agus ar bagairt thromchúiseach iad do tharchur an bheartais airgeadaíochta i ngach tír de chuid an limistéir euro, agus, ar an gcaoi sin, cuirtear le cumas na Comhairle Rialaithe a sainordú cobhsaíochta praghsanna a shaothrú ar bhealach níos éifeachtúla.

Déanfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh trácht ar na breithnithe a bhí mar bhunús leis na cinntí seo ag preasráiteas a thosóidh ar 14:45 CET inniu.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar ar chinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa