Sracfhéachaint ar ár ráiteas beartas airgeadaíochta - Nollaig 2024
Cad a chinneamar?
INSERTED BY ANONYMOUS PROXY
Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more
Laghdaíomar ár n-eochair-ráta úis 0.25 pointe céatadáin
Rinneamar é sin toisc go bhfuil an boilsciú ag teacht gar dár sprioc 2% agus go bhfuil an geilleagar ag lagú. Beidh na cinntí a dhéanfaimid amach anseo ag brath ar an gcaoi a fheicfimid forbairt ag teacht ar an ngeilleagar agus ar bhoilsciú.
Cad atá ag tarlú sa gheilleagar?
INSERTED BY ANONYMOUS PROXY
Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more
Tá an geilleagar ag téarnamh níos moille ná mar a bhíomar ag súil leis
Níl daoine ag ceannach an oiread sin earraí agus seirbhísí. Níl gnólachtaí sásta infheistíochtaí a dhéanamh ach an oiread. Bíonn sé deacair ar roinnt tionscal dul san iomaíocht leis an gcuid eile den domhan. Ach le himeacht ama, ba cheart go n-éireodh an geilleagar níos láidre.
Tá pá ag dul suas, ach níl sé ag dul suas chomh mór is a bhí roimhe seo
Tá a lán daoine ag obair agus tá poist nua fós á gcruthú. Ach níl an oiread folúntas á bhfógairt ag gnólachtaí.
Tá an boilsciú ar an mbealach anuas de réir a chéile
Tá seirbhísí áirithe fós ag éirí níos costasaí, mar fhreagairt dhéanach ar an mboilsciú ard a bhí ann san ama a chuaigh thart. Sna míonna amach romhainn, d’fhéadfadh boilsciú dul suas agus anuas beagán. Ach táimid ag súil, tríd is tríd, go socróidh sé go luath ag thart ar ár sprioc 2%.
Conas a fheicimid an geilleagar ag forbairt?
Táimid ag súil go dtéarnóidh an geilleagar go mall sna blianta amach romhainn
Réamh-mheastacháin d’fhorás an limistéir euro in 2024 agus sna blianta amach romhainn
(réamh-mheastacháin ó mhí na Nollag 2024)
Táimid ag súil go socróidh boilsciú ag thart ar ár sprioc 2%
Réamh-mheastacháin do bhoilsciú an limistéir euro sa bhliain 2024 agus sna blianta amach romhainn
(réamh-mheastacháin ó mhí na Nollag 2024)
Féach ar na mionsonraí
CINNTÍ BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA
Seo an méid a chinn an Chomhairle Rialaithe faoi rátaí úis agus ionstraimí eile an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag a cruinniú deireanach.
PreasráiteasRÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA
Léigh ár míniú ar na cúiseanna atá leis na cinntí beartais airgeadaíochta is déanaí.
Ráiteas beartais airgeadaíochta