Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Sracfhéachaint ar ár ráiteas beartais airgeadaíochta - Meán Fómhair 2024

Cad a chinneamar?

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Laghdaíomar ár n-eochair-ráta úis 0.25 pointe céatadáin

Rinneamar sin mar go bhfuil boilsciú ag laghdú de réir a chéile agus go bhfuil cúrsaí ag dul ar aghaidh mar a bhí measta againn. Braithfidh ár gcinntí amach anseo ar an gcaoi a fheicimid an geilleagar agus an boilsciú ag forbairt.

Cad atá ag tarlú sa gheilleagar?

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Tá an geilleagar níos laige ná mar a bhíothas ag súil leis…

Níl earnáil na tionsclaíochta ná earnáil na tógála ag déanamh go maith. Tá níos lú á chaitheamh ag daoine agus tá cuideachtaí ag gearradh siar ar a gcuid infheistíochtaí.

... ach ba chóir go dtéarnódh sé de réir a chéile

Tá na seirbhísí, go háirithe, ag coinneáil an gheilleagair ag imeacht i láthair na huaire. Ciallaíonn pá atá ag ardú agus boilsciú níos ísle go mbeidh daoine in ann níos mó a cheannach amach anseo. In éineacht le rátaí úis níos ísle, cuideoidh sé seo leis an ngeilleagar.

Tá laghdú tríd is tríd ag teacht ar an mboilsciú

Tá méadú mór ag teacht fós ar phraghsanna seirbhísí mar gheall ar phá a bheith ag ardú. D’fhéadfadh boilsciú ardú freisin sna míonna amach romhainn mar gheall ar phraghsanna fuinnimh. Ach tá an chosúlacht ar an scéal go dtiocfaidh laghdú go dtí 2% air sa dara leath den bhliain seo chugainn.

Conas a fheicimid an geilleagar ag forbairt?

Táimid ag súil go dtéarnóidh an geilleagar de réir a chéile sna blianta amach romhainn

Réamh-mheastacháin d’fhorás an limistéir euro in 2024 agus sna blianta amach romhainn
(réamh-mheastacháin ó Mheán Fómhair 2024)

Táimid ag súil go dtitfidh boilsciú de réir a chéile go dtí ár sprioc 2%

Réamh-mheastacháin do bhoilsciú an limistéir euro in 2024 agus sna blianta amach romhainn
(réamh-mheastacháin ó Mheán Fómhair 2024)

FÉACH FREISIN

Féach ar na mionsonraí

CINNTÍ BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Seo an méid a chinn an Chomhairle Rialaithe faoi rátaí úis agus ionstraimí eile an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag a cruinniú deireanach.

Preasráiteas

RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Léigh ár míniú ar na cúiseanna atá leis na cinntí beartais airgeadaíochta is déanaí.

Ráiteas beartais airgeadaíochta
NÍ SAINEOLAÍ THÚ? FÉACH AR ÁR MÍNIÚ
FOGHLAIM TUILLEADH
Cad is beartas airgeadaíochta ann?