Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Sracfhéachaint ar ár ráiteas beartais airgeadaíochta - Feabhra 2023

Cad a chinneamar?

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

D’ardaíomar rátaí úis arís 0.5 pointe céatadáin.

Táimid i mbun na rátaí a ardú go suntasach, agus ag luas seasta. Táimid á dhéanamh seo chun boilsciú a thabhairt anuas.

Táimid ag coigeartú na gclár ceannaithe atá againn

Tosóimid ag laghdú an líon mór bannaí atá ceannaithe againn le blianta beaga anuas faoinár gclár ceannaithe sócmhainní. Táimid chun na sealúchais de bhannaí corparáide atá againn a dhéanamh níos glaise chomh maith trí dhíriú tuilleadh ar ghnólachtaí a bhfuil feidhmíocht aeráide níos fearr acu.

Cad atá ar siúl sa gheilleagar?

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Tá boilsciú laghdaithe de bheagán ach tá sé fós ró-ard

Tá praghsanna fuinnimh tite go tobann le roinnt seachtainí, ach tá praghsanna bia fós ag ardú go láidir. Tá an borradh a tháinig roimhe seo ar chostais fuinnimh fós ag scaipeadh ar fud an gheilleagair. Mar thoradh air sin, tá go leor earraí agus seirbhísí níos costasaí.

Tá an geilleagar lag faoi láthair ach ba chóir go dtosódh sé ag feabhsú go luath.

Tá an cogadh, boilsciú ard agus geilleagar domhanda níos laige fós ag coinneáil siar ár ngeilleagair. Ach de bharr go bhfuil pánna ag ardú agus de bharr nach bhfuil praghsanna ag ardú chomh mór céanna níos mó, meastar go mbeidh daoine ag caitheamh níos mó airgid agus ba chóir go dtéarnóidh an geilleagar níos déanaí i mbliana.

Tá post ag go leor daoine agus tá poist nua á gcruthú go fóill

Tá an ráta dífhostaíochta fós ag an leibhéal is ísle riamh i stair an euro. Tá an lucht oibre ag éileamh arduithe pá níos mó chun an boilsciú ard a chúiteamh.

Tá iasachtaí bainc ag fáil níos costasaí

Tá níos lú daoine ag tógáil amach morgáistí de réir mar atá rátaí úis ag ardú. Níl an oiread iasachtaí á n-iarraidh ag gnólachtaí dá n-infheistíochtaí.

FÉACH FREISIN

Féach ar na mionsonraí

CINNTÍ BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Seo an méid a chinn an Chomhairle Rialaithe faoi rátaí úis agus ionstraimí eile an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag a cruinniú deireanach.

Preasráiteas

RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

Léigh ár míniú ar na cúiseanna atá leis na cinntí beartais airgeadaíochta is déanaí.

Ráiteas beartais airgeadaíochta
NÍ SAINEOLAÍ THÚ? FÉACH AR ÁR MÍNIÚ
FOGHLAIM TUILLEADH
Céard is beartas airgeadaíochta ann?