Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha

Tá sé d’aidhm ag na réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha staid fhoriomlán an gheilleagair a thuar agus a thuiscint. Tá faisnéis iontu a bhaineann leis an bhfás eacnamaíoch, boilsciú, pá, dífhostaíocht agus trádáil.

Cruthaíonn baill foirne an Eurochórais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha ina gcumhdaítear an t‑ionchas don limistéar euro agus don gheilleagar domhanda. Úsáidtear na réamh‑mheastacháin sin chun cur le measúnú Chomhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar fhorbairtí eacnamaíocha agus ar rioscaí cobhsaíochta praghsanna.

Foilsítear iad ceithre huaire sa bhliain (i mí an Mhárta, mí an Mheithimh, mí Mheán Fómhair agus mí na Nollag).

Meitheamh 2025
Sracfhéachaint

An t‑ionchas boilscithe

Meastar go leanfaidh an boilsciú ceannlíne de bheith i gcomhréir leis an sprioc mheántéarmach – cé go bhféadfadh sé titim faoi bhun na sprice sin go sealadach, de bharr forbairtí i bpraghsanna fuinnimh. Meastar go mbeidh an boilsciú ag ráta 2.0 % ar an meán in 2025 agus ag ráta 1.6 % ansin in 2026, sula bhfillfidh sé ar ráta 2.0 % in 2027.

Léigh tuilleadh
An t‑ionchas olltáirgeachta intíre

Mar thoradh ar an teannas trádála agus ar an éiginnteacht dhomhanda, tá amhras ann maidir leis an ionchas do gheilleagar an limistéir euro, ach ba cheart go gcuirfeadh caiteachas ar chosaint agus ar bhonneagar, agus ioncam teaghlaigh atá ag dul i méid, borradh faoin bhfás sa mheántéarma. Meastar anois go dtiocfaidh fás 0.9 % ar an ngeilleagar in 2025, 1.1 % in 2026 agus 1.3 % in 2027.

Léigh tuilleadh

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

An tuarascáil iomlán

Tá measúnú mionsonraithe sa tuarascáil fhoriomlán ar an ionchas do gheilleagar an limistéir euro.

Léigh an tuarascáil ina hiomláine

Réamh-mheastacháin reatha agus réamh-mheastacháin roimhe seo

Déan comparáid idir ár réamh-mheastacháin bhoilscithe agus fáis eacnamaíoch roimhe seo. Is féidir réamh-mheastacháin roimhe seo don limistéar euro agus do thíortha sa limistéar euro a íoslódáil anseo.

Na réamh-mheastacháin uile uainn

Gach leathanach sa rannóg seo