Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASEISIÚINT

Cinntí beartais airgeadaíochta

18 Iúil 2024

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a dhéanamh ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Tacaíonn an fhaisnéis atá ag teacht isteach, ar an mórgóir, leis an measúnú a rinne an Chomhairle Rialaithe roimhe seo ar an ionchas meántéarmach boilscithe. Cé gur tháinig méadú ar roinnt beart maidir le boilsciú foluiteach i mí na Bealtaine mar gheall ar fhachtóirí aonuaire, bhí formhór na mbeart cobhsaí nó tháinig laghdú orthu i mí an Mheithimh. I gcomhréir leis na hionchais, maolaíodh tionchar boilscitheach an fháis ardphá le brabúis. Leis an mbeartas airgeadaíochta, tá dálaí maoiniúcháin sriantach i gcónaí. Ag an am céanna, tá an brú ar phraghsanna intíre fós ard, tá boilsciú seirbhísí ardaithe agus is dócha go bhfanfaidh boilsciú ceannlíne os cionn na sprice i bhfad isteach sa bhliain seo chugainn.

Tá an Chomhairle Rialaithe meáite ar a chinntiú go bhfillfidh boilsciú go dtí 2%, is é sin, an sprioc mheántéarmach, gan mhoill. Coinneoidh sí na rátaí beartais sách sriantach chomh fada agus is gá chun an aidhm sin a bhaint amach. Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe de chur chuige cruinniú-ar-chruinniú a bheidh ag brath ar shonraí a leanúint chun an leibhéal cuí agus fad an tsrianta a chinneadh. Go háirithe, beidh a chinntí maidir le rátaí úis bunaithe ar a mheasúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú bunúsach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl an Chomhairle Rialaithe ag déanamh aon réamhghealltanas maidir le conair ráta ar leith.

Eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Fanfaidh an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe, an ráta úis ar an tsaoráid iasachta imeallach agus an ráta úis ar an tsaoráid taisce gan athrú ag 4.25%, 4.50% agus 3.75% faoi seach.

Clár ceannaithe sócmhainní (CCS) agus clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (CCÉP)

Tá punann an chláir ceannaithe sócmhainní (CCS) ag laghdú ag ráta measta intuartha, toisc nach ndéanann an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ar fad ó urrúis atá ag teacht in aibíocht a athinfheistiú a thuilleadh.

Ní dhéanann an tEurochóras na príomhíocaíochtaí go léir ó urrúis a thagann in aibíocht agus a ceannaíodh faoi CCÉP a athinfheistiú a thuilleadh, rud a dhéanann punann CCÉP a laghdú €7.5 billiún in aghaidh na míosa ar an meán. Tá sé ar intinn ag an gComhairle Rialaithe deireadh a chur le hathinfheistíochtaí faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime ag deireadh 2024.

Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe uirthi ag cur solúbthachta i bhfeidhm maidir le hathinfheistiú fuascailtí dlite i bpunann CCÉP d’fhonn cur i gcoinne rioscaí in aghaidh mheicníocht tarchurtha an bheartais airgeadaíochta, ar rioscaí iad a bhaineann leis an bpaindéim.

Oibríochtaí athmhaoinithe

Ós rud é go bhfuil na méideanna a tógadh ar iasacht faoi na hoibríochtaí athmhaoinithe dírithe fadtéarmacha á n-íoc ar ais ag na bainc, déanfaidh an Chomhairle Rialaithe measúnú rialta ar an gcaoi a gcuireann oibríochtaí fadtéarmacha iasachtaithe agus a n-aisíocaíocht leanúnach lena seasamh maidir le beartas airgeadaíochta.

***

Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena hionstraimí uile a choigeartú laistigh dá sainordú chun a chinntiú go bhfillfidh boilsciú go dtí a sprioc, is í sin 2%, sa mheántéarma agus chun tarchur réidh beartais airgeadaíochta a choinneáil. Tá an Ionstraim Cosanta Tarchurtha ar fáil chun cur i gcoinne dinimicí margaidh neamhordúla nach bhfuil údar leo agus ar bagairt thromchúiseach iad do tharchur an bheartais airgeadaíochta i ngach tír de chuid an limistéir euro, agus, ar an gcaoi sin, cuirtear le cumas na Comhairle Rialaithe a sainordú cobhsaíochta praghsanna a shaothrú ar bhealach níos éifeachtúla.

Déanfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh trácht ar na breithnithe a bhí mar bhunús leis na cinntí seo ag preasagallamh a thosóidh ar 14:45 CET inniu.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar ar chinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa