Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Christine Lagarde
The President of the European Central Bank
Luis de Guindos
Vice-President of the European Central Bank
  • RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

PREASÓCÁID

Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Luis de Guindos, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Frankfurt am Main, an 4 Bealtaine 2023

Dia daoibh. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid.

Leanann an t-ionchas boilscithe de bheith ró-ard ar feadh tréimhse rófhada. I bhfianaise na mbrúnna leanúnacha ó bhoilsciú ard, chinn an Chomhairle Rialaithe inniu ardú 25 bhonnphointe a chur ar na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach. Tríd is tríd, tacaíonn an fhaisnéis atá ag teacht isteach ar an mórgóir leis an measúnú ar an ionchas boilscithe meántéarmach a rinneamar ag ár gcruinniú roimhe seo. Tá boilsciú foriomlán tite le roinnt míonna anuas, ach tá na brúnna bunúsacha praghais fós láidir. Ag an am céanna, tá na harduithe a rinneamar ar rátaí roimhe seo á n-aistriú go tréan chuig coinníollacha cistithe agus airgeadaíochta an limistéir euro, fad a bhfanann moilleanna agus láidreacht an aistrithe chuig an bhfíorgheilleagar neamhchinnte.

Cinnteoidh ár gcinntí amach anseo go dtabharfar na rátaí beartais go dtí leibhéil a bheidh sriantach a ndóthain chun filleadh tráthúil an bhoilscithe go dtí an sprioc mheántéarmach dó faoin gcéad a bhaint amach agus é a choinneáil ag na leibhéil sin chomh fada agus a bheidh gá leis. Leanfaimid de chur chuige a bheidh ag brath ar shonraí a leanúint chun an leibhéal cuí agus fad an tsrianta a chinneadh. Go háirithe, leanfaidh ár gcinntí faoi bheartas rátaí úis de bheith bunaithe ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú bunúsach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta.

Is iad eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh ár bpríomhuirlis fós chun an seasamh maidir le beartas airgeadaíochta a shocrú. I gcomhthráth, leanfaimid de phunann chlár ceannaithe sócmhainní (CCS) an Eurochórais a laghdú ag ráta measta agus intuartha. I gcomhréir leis na prionsabail seo, tá an Chomhairle Rialaithe ag súil éirí as na hathinfheistíochtaí faoin CCS ó mhí Iúil 2023.

Tá na cinntí uile a rinneadh inniu leagtha amach i bpreasráiteas atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin.

Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar an mboilsciú, agus ansin míneoimid ár measúnú ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.

Gníomhaíocht eacnamaíoch

Tháinig fás 0.1 faoi gcéad ar gheilleagar an limistéir euro sa chéad ráithe de 2023, de réir thobmheastachán sealadach Eurostat. Tá praghsanna fuinnimh níos ísle, maolú ar scrogaill soláthair agus tacaíocht beartais fhioscaigh do ghnólachtaí agus líonta tí ag cur le hathléimneacht an gheilleagair. Ag an am céanna, is dócha gur fhan éileamh intíre príobháideach, go háirithe tomhaltas, lag.

Tá muinín na ngnólachtaí agus na dtomhaltóirí ag téarnamh go seasta le roinnt míonna anuas ach tá sé fós níos ísle ná mar a bhí sé roimh chogadh na Rúise in aghaidh na Úcráine agus a muintire, cogadh nach bhfuil bonn cirt leis. Feicimid dibhéirseacht ar fud earnálacha an gheilleagair. Tá earnáil na déantúsaíochta ag oibriú trí riaráistí, ach tá a n-ionchais ag fáil níos measa. Tá fás níos láidre ag teacht ar earnáil na seirbhísí, go háirithe mar gheall ar athoscailt an gheilleagair.

Tá ioncaim teaghlach ag baint tairbhe as láidreacht an mhargaidh saothair, leis an ráta dífhostaíochta tite go dtí 6.5 faoin gcéad i mí Márta, ráta nach raibh chomh híseal riamh. Lean fostaíocht ag fás agus tá líon iomlán na n-uaireanta a oibríodh ag sárú leibhéil roimh an bpaindéim. Ag am céanna, fanann líon na n-uaireanta a oibríodh ar an meán beagán faoin leibhéal a bhí aige roimh an bpaindéim agus níl aon dul chun cinn déanta ar a théarnamh ó lár na bliana 2022.

De réir mar a bheidh an ghéarchéim fuinnimh ag maolú, ba chóir do rialtais laghdú ar na bearta tacaíochta bainteacha go pras agus ar bhealach cuimsithe chun brú suas brúnna boilscitheacha meántéarmacha a sheachaint, rud a d’éileodh freagairt níos láidre i leith beartas airgeadaíochta. Ba chóir beartais fhioscacha a bheith dírithe i dtreo ár ngeilleagar a dhéanamh níos bisiúla agus fiachas ard poiblí a thabhairt anuas. Is féidir le beartais chun cumas soláthair an limistéir euro a fheabhsú, go háirithe in earnáil an fhuinnimh, cabhrú freisin le brúnna praghsanna a laghdú go meántéarmach. Maidir leis sin, cuirimid fáilte roimh fhoilsiú thograí reachtacha an Choimisiúin Eorpaigh i ndáil le creat rialachais eacnamaíoch an AE a leasú, agus ba chóir go mbeadh sé sin tugtha chun críche go luath.

Boilsciú

De réir thobhmheastachán Eurostat, 7.0 faoin gcéad a bhí boilsciú san Aibreán, tar éis dó titim ó 8.5 faoin gcéad i mí Feabhra go dtí 6.9 faoin gcéad i mí Márta. Cé gur tháinig méadú éigin ar bhoilsciú praghsanna fuinnimh mar thoradh ar bhonnéifeachtaí, ó -0.9 faoin gcéad i mí Márta go 2.5 faoin gcéad i mí Aibreáin, tá an ráta i bhfad faoi bhun na rátaí a taifeadadh tar éis thús chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Tá boilsciú praghsanna bia fós ard, ag seasamh ag 13.6 faoin gcéad i mí Aibreáin, tar éis boilsciú 15.5 faoin gcéad i mí Márta.

Tá brúnna praghsanna fós ard. 5.6 faoin gcéad a bhí boilsciú gan fuinneamh agus bia san áireamh, tar éis dó laghdú beagán i gcomparáid le mí Márta chun filleadh ar leibhéal mhí Feabhra. Thit boilsciú tionsclaíoch neamhfhuinnimh go 6.2 faoin gcéad i mí Aibreáin, ó 6.6 faoin gcéad i mí Márta, nuair a thit sé den chéad uair i roinnt míonna. Ach tháinig ardú ar bhoilsciú seirbhísí go 5.2 faoin gcéad i mí Aibreáin, ó 5.1 faoin gcéad i mí Márta. Tá boilsciú fós á bhrú suas ag na harduithe costais agus scrogaill soláthair atá á gcur ar aghaidh de réir a chéile. Maidir le seirbhísí, go háirithe, tá sé fós á bhrú níos airde ag éileamh borrtha ó athoscailt an gheilleagair agus ag tuarastail atá ag ardú. Tugtar le fios san fhaisnéis atá ar fáil suas go Márta go bhfuil táscairí de bhoilsciú bunúsach fanta ard.

Tá brúnna pá neartaithe a thuilleadh de réir mar atá fostaithe, i gcomhthéacs margadh saothair láidir, ag fáil cuid den chumhacht ceannaigh atá caillte acu mar thoradh ar bhoilsciú ard ar ais. Thairis sin, i roinnt earnálacha, bhí gnólachtaí in ann a gcorrlaigh bhrabúis a mhéadú de bharr neamhréireanna idir soláthar agus éileamh agus an neamhchinnteacht a chruthaigh boilsciú ard luaineach. Cé go bhfuil an chuid is mó de na bearta a bhaineann le hionchais boilscithe níos fadtéarmaí ag thart ar dhó faoin gcéad faoi láthair, tá roinnt táscairí tar éis ardú agus tá gá le monatóireacht leanúnach a dhéanamh orthu.

Measúnú riosca

Bheadh riosca níos ísle ag baint le teannais margaidh airgeadais athnuaite ann, dá mairfeadh siad, don ionchas fáis toisc go bhféadfaidís dálaí creidmheasa níos leithne a dhéanamh níos láidre ná mar a bhíothas ag súil leis agus muinín a laghdú. Leanann cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine de bheith ina riosca suntasach ar an taobh thíos don gheilleagar. Mar sin féin, d’fhéadfadh aisiompú le gairid na rúscthaí soláthair diúltacha ón am atá caite, má leanann sé, muinín a spreagadh agus tacú le fás níos airde ná mar a bhíothas ag súil leis faoi láthair. D’fhéadfadh fás níos mó ná mar a bhí tuartha a bheith mar thoradh ar athléimneacht leanúnach an mhargaidh saothair, trí mhuinín na dteaghlach agus caiteachas na dteaghlach a neartú. 

Tá rioscaí móra ar an taobh thuas fós i gceist don ionchas boilscithe. Áirítear orthu sin brúnna atá sa phíblíne faoi láthair a d'fhéadfadh praghsanna miondíola a chur níos airde ná mar a bhíothas ag súil leis sa ghearrthéarma. De bhreis air sin, d’fhéadfadh cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine costais fuinnimh agus bia a bhrú suas arís. D’fhéadfadh ardú buan ar ionchais bhoilscithe os cionn ár sprice, nó arduithe ar phá agus corrlaigh bhrabúis ní b’airde ná mar a bhfuiltear ag súil leo, boilsciú a ardú tuilleadh, sa mheántéarma san áireamh. Tá comhaontuithe pá a socraíodh le déanaí ag cur leis na rioscaí ar an taobh thuas a bhaineann le boilsciú, go háirithe má tá corrlaigh bhrabúis fós ard. I measc na rioscaí ar an taobh thíos tá teannais athnuaite sa mhargadh airgeadais, rud a d’fhéadfadh boilsciú a laghdú níos tapúla ná mar a réamh-mheasadh. Chuirfeadh éileamh níos laige, mar thoradh mar shampla ar mhoilliú níos mó ar iasachtú bainc nó tarchur beartais airgeadaíochta níos láidre, le brúnna níos ísle praghais freisin ná mar atáthar ag súil leo faoi láthair, go háirithe sa mheántéarma.

Dálaí airgeadais agus airgeadaíochta

Tá athléimneacht cruthaithe ag earnáil baincéireachta an limistéir euro i bhfianaise an teannais sa mhargadh airgeadais a tháinig chun cinn roimh an gcruinniú deireanach a bhí againn. Tá ár méaduithe ar ráta beartais á dtarchur go láidir chuig rátaí úis saor ó riosca agus chuig na coinníollacha cistithe do ghnólachtaí, do theaghlaigh agus do bhainc. I gcás gnólachtaí agus teaghlach, tá fás na n-iasachtaí lagaithe mar gheall ar rátaí iasachtaíochta níos airde, coinníollacha níos déine maidir le soláthar creidmheasa agus éileamh níos ísle. Tuairiscíodh sa suirbhé is déanaí uainn maidir le hiasachtaí bainc go bhfuil na caighdeáin chreidmheasa fhoriomlána níos doichte, rud a bhí níos láidre ná mar a bhíothas ag súil leis sa bhabhta roimhe seo agus a thugann le fios go bhféadfadh an t-iasachtú a bheith níos laige. Chiallaigh iasachtú lag gur lean fás airgid ar aghaidh ag laghdú freisin.

Conclúid

Mar achoimre, leanann an t-ionchas boilscithe de bheith ró-ard ar feadh tréimhse rófhada. I bhfianaise na mbrúnna leanúnacha ó bhoilsciú ard, chinn an Chomhairle Rialaithe inniu ardú 25 bhonnphointe a chur ar na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach. Tríd is tríd, tacaíonn an fhaisnéis atá ag teacht isteach ar an mórgóir leis an measúnú ar an ionchas boilscithe meántéarmach a rinneamar ag ár gcruinniú roimhe seo. Tá boilsciú foriomlán tite le roinnt míonna anuas, ach tá na brúnna bunúsacha praghais fós láidir. Ag an am céanna, tá na harduithe a rinneamar ar rátaí roimhe seo á n-aistriú go tréan chuig coinníollacha cistithe agus airgeadaíochta an limistéir euro, fad a bhfanann moilleanna agus láidreacht an aistrithe chuig an bhfíorgheilleagar neamhchinnte.

Cinnteoidh ár gcinntí amach anseo go dtabharfar na rátaí beartais go dtí leibhéil a bheidh sriantach a ndóthain chun filleadh tráthúil an bhoilscithe go dtí an sprioc mheántéarmach dó faoin gcéad a bhaint amach agus é a choinneáil ag na leibhéil sin chomh fada agus a bheidh gá leis. Leanfaimid de chur chuige a bheidh ag brath ar shonraí a leanúint chun an leibhéal cuí agus fad an tsrianta a chinneadh. Go háirithe, leanfaidh ár gcinntí faoi bheartas rátaí úis de bheith bunaithe ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú bunúsach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta.

I gcás ar bith, táimid réidh lenár n-ionstraimí uile a choigeartú laistigh dár sainordú chun a chinntiú go bhfillfidh boilsciú go dtí ár sprioc mheántéarmach agus an tarchur réidh beartais airgeadaíochta a choinneáil.

Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.

Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa