Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Christine Lagarde
The President of the European Central Bank
Luis de Guindos
Vice-President of the European Central Bank
  • RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

PREASAGALLAMH

Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Luis de Guindos, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Frankfurt am Main, an 18 Iúil 2024

Dia daoibh. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasagallamh.

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a dhéanamh ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Tacaíonn an fhaisnéis atá ag teacht isteach, ar an mórgóir, leis an measúnú a rinneamar roimhe seo ar an ionchas meántéarmach boilscithe. Cé gur tháinig méadú ar roinnt beart maidir le boilsciú foluiteach i mí na Bealtaine mar gheall ar fhachtóirí aonuaire, bhí formhór na mbeart cobhsaí nó tháinig laghdú orthu i mí an Mheithimh. I gcomhréir leis na hionchais, maolaíodh tionchar boilscitheach an fháis ardphá le brabúis. Leis an mbeartas airgeadaíochta, tá dálaí maoiniúcháin sriantach i gcónaí. Ag an am céanna, tá an brú ar phraghsanna intíre fós ard, tá boilsciú seirbhísí ardaithe agus is dócha go bhfanfaidh boilsciú ceannlíne os cionn ár sprice i bhfad isteach sa bhliain seo chugainn.

Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfillfidh an boilsciú ar ár sprioc mheántéarmach dó faoin gcéad gan mhoill. Coinneoimid na rátaí beartais sriantach a ndóthain chomh fada agus is gá chun an aidhm sin a bhaint amach. Leanfaimid de chur chuige cruinniú-ar-chruinniú a bheidh ag brath ar shonraí a leanúint chun an leibhéal cuí agus fad an tsrianta a chinneadh. Go háirithe, beidh ár gcinntí faoi rátaí úis bunaithe ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Nílimid ag déanamh aon réamhghealltanas maidir le conair ráta ar leith.

Tá na cinntí uile a rinneadh inniu leagtha amach i bpreaseisiúint atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin.

Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar an mboilsciú, agus ansin míneoimid ár measúnú ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.

Gníomhaíocht eacnamaíoch

Tugtar le fios san fhaisnéis atá ag teacht isteach gur fhás geilleagar an limistéir euro sa dara ráithe, ach gur dócha go raibh sé níos moille ná mar a bhí sa chéad ráithe. Leanann seirbhísí de bheith chun tosaigh sa téarnamh, agus tá táirgeadh tionsclaíoch agus onnmhairí earraí lag. Tugtar le fios le táscairí infheistíochta go mbeidh fás balbh ann in 2024, i measc éiginnteacht mhéadaithe. Ag féachaint chun cinn, táimid ag súil go dtacóidh tomhaltas leis an téarnamh, arna spreagadh ag neartú fíorioncam mar thoradh ar bhoilsciú níos ísle agus pá ainmniúil níos airde. Thairis sin, ba cheart go dtiocfadh méadú ar onnmhairí in éineacht le méadú ar an éileamh domhanda. Ar deireadh, ba cheart don bheartas airgeadaíochta níos lú brú a chur ar an éileamh le himeacht ama.

Tá an margadh saothair fós athléimneach. Níor tháinig athrú ar bith ar an ráta dífhostaíochta, a bhí ag 6.4% i mí na Bealtaine, agus é fós ar an leibhéal is ísle ó tugadh isteach an euro. Tacaíodh le fostaíocht, a d'fhás 0.3% sa chéad ráithe, trí mhéadú breise sa lucht saothair, a leathnaigh ag an ráta céanna. Is dócha gur cruthaíodh níos mó post sa dara ráithe, go príomha in earnáil na seirbhísí. Tá gnóthais ag laghdú a gcuid postálacha de réir a chéile, ach ó leibhéil arda.

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag beartais náisiúnta fhioscacha agus struchtúracha an geilleagar a dhéanamh níos táirgiúla agus níos iomaíche, rud a chuideodh le fás ionchasach a ardú agus an brú ar phraghsanna a laghdú sa mheántéarma. Is príomhthosca iad cur chun feidhme éifeachtach, gasta agus iomlán chlár Next Generation EU, dul chun cinn i dtreo aontas na margaí caipitil agus chomhlánú an aontais baincéireachta, agus neartú an Mhargaidh Aonair a chuideodh le nuálaíocht a chothú agus infheistíocht san aistriú glas agus san aistriú digiteach a mhéadú. Is díol sásaimh dúinn an treoir a thug an Coimisiún Eorpach le déanaí ina n-iarrtar ar Bhallstáit an Aontais an inbhuanaitheacht fhioscach a neartú mar aon leis an ráiteas ón nGrúpa Euro maidir leis an seasamh fioscach don limistéar euro in 2025. Trí chreat rialachais eacnamaíoch athbhreithnithe an Aontais a chur chun feidhme go hiomlán agus gan mhoill, cuideofar le rialtais easnaimh bhuiséid agus cóimheasa fiachais a laghdú ar bhonn leanúnach.

Boilsciú

Laghdaigh boilsciú bliantúil go 2.5% i mí an Mheithimh, ó 2.6% i mí na Bealtaine. Tháinig ardú 2.4% ar phraghsanna bia i mí an Mheithimh – arb ionann é agus 0.2 pointe céatadáin níos lú ná mar a bhí i mí na Bealtaine – agus d’fhan praghsanna fuinnimh cothrom go bunúsach. Níor tháinig aon athrú ar bhoilsciú praghsanna earraí ná ar bhoilsciú praghsanna seirbhísí i mí an Mheithimh, ag 0.7% agus 4.1% faoi seach. Cé gur tháinig méadú ar roinnt beart maidir le boilsciú foluiteach i mí na Bealtaine mar gheall ar fhachtóirí aonuaire, bhí formhór na mbeart cobhsaí nó tháinig laghdú orthu i mí an Mheithimh.

Tá an boilsciú intíre fós ard. Tá pá fós ag dul i méid ag ráta ardaithe, lena gcúitítear an tréimhse de bhoilsciú ard a bhí ann roimhe seo. Tá pá ainmniúil níos airde, in éineacht le táirgiúlacht lag, tar éis cur le fás ar chostas aonad saothair, cé gur tháinig moilliú beag air sa chéad ráithe den bhliain seo. Mar gheall ar chineál céimnithe na gcoigeartuithe pá agus ar rannchuidiú mór na n-íocaíochtaí aonuaire, is dócha go leanfaidh an fás ar chostais saothair de bheith ard sa ghearrthéarma. Ag an am céanna, bhí sonraí le déanaí maidir le cúiteamh in aghaidh an fhostaí ag teacht leis na hionchais agus léiríonn na táscairí suirbhé is déanaí go maolóidh fás pá le linn na bliana seo chugainn. Thairis sin, chrap brabúis sa chéad ráithe, rud a chabhraigh le héifeachtaí boilscitheacha na gcostas aonad saothair níos airde a fhritháireamh, agus tugtar le fios le fianaise an tsuirbhé gur cheart leanúint de bhrabúis a mhaolú sa ghearrthéarma.

Meastar go luaineoidh an boilsciú thart ar na leibhéil reatha don chuid eile den bhliain, i bpáirt mar gheall ar bhunéifeachtaí a bhaineann le fuinneamh. Táthar ag súil ansin go laghdóidh sé i dtreo ár sprice sa dara leath den bhliain seo chugainn, mar gheall ar fhás níos laige i gcostais saothair, éifeachtaí ár mbeartas airgeadaíochta sriantach agus tionchar laghdaitheach an bhoilscithe a bhí ann roimhe seo. D’fhan bearta d’ionchais bhoilscithe níos fadtéarmaí cobhsaí den chuid is mó, agus bhí an chuid is mó díobh ag thart ar 2 faoin gcéad.

Measúnú riosca

Tá baoil don fhás eacnamaíoch tiontaithe i dtreo an taoibh thíos. Chuirfeadh geilleagar domhanda níos laige nó géarú ar theannas trádála idir mórgheilleagair isteach ar fhás an limistéir euro. Is príomhfhoinsí riosca geopholaitiúla iad cogadh gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an choimhlint thragóideach sa Mheánoirthear. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh gnólachtaí agus teaghlaigh chomh muiníneach céanna faoin todhchaí agus go gcuirfí isteach ar an trádáil dhomhanda. D’fhéadfadh an fás a bheith níos ísle freisin dá mbeadh éifeachtaí an bheartais airgeadaíochta níos láidre ná mar a bhíothas ag súil leis. D’fhéadfadh fás a bheith níos airde má thagann laghdú níos tapúla ar an mboilsciú ná mar a bhíothas ag súil leis agus má mhéadaíonn muinín agus ioncaim réadacha go dtiocfaidh méadú níos mó ar chaiteachas ná mar a bhíothas ag súil leis, nó má fhásann geilleagar an domhain níos láidre ná mar a bhíothas ag súil leis.

D'fhéadfadh boilsciú éirí níos airde ná mar a bhíothas ag súil leis má thagann méadú níos mó ar phá nó ar bhrabúis ná mar a bhíothas ag súil leis. Eascraíonn rioscaí ar an taobh thuas don bhoilsciú freisin as an teannas geopholaitiúil méadaithe, rud a d’fhéadfadh praghsanna fuinnimh agus costais lasta a bhrú níos airde sa ghearrthéarma agus cur isteach ar an trádáil dhomhanda. Thairis sin, d’fhéadfadh teagmhais adhaimsire, agus an ghéarchéim aeráide atá ag teacht chun cinn ar bhonn níos leithne, praghsanna bia a ardú. I gcodarsnacht leis sin, d’fhéadfadh boilsciú iontas a chruthú agus é íslithe má dhéanann beartas airgeadaíochta an t-éileamh a mhaolú níos mó ná mar a bhíothas ag súil leis nó má éiríonn an timpeallacht eacnamaíoch sa chuid eile den domhan in olcas gan choinne.

Dálaí airgeadais agus airgeadaíochta

Rinneadh an gearradh ar an ráta beartais i mí an Mheithimh a tharchur go réidh chuig rátaí úis an mhargaidh airgid, agus bhí na dálaí airgeadais níos leithne beagán luaineach. Tá na costais mhaoiniúcháin fós sriantach de réir mar a leanann na méaduithe ar an ráta beartais a bhí againn roimhe seo de bheith ag obair tríd an slabhra tarchuir. Laghdaigh an meánráta úis ar iasachtaí nua do ghnólachtaí go 5.1% i mí na Bealtaine, agus d'fhan rátaí morgáiste gan athrú ag 3.8%.

Tá na caighdeáin chreidmheasa maidir le hiasachtaí fós docht. De réir an suirbhé iasachta bainc is déanaí uainn, d'éirigh caighdeáin iasachtaithe do ghnólachtaí níos doichte beagán sa dara ráithe, agus mhaolaigh na caighdeáin do mhorgáistí go measartha. Tháinig laghdú beag ar éileamh gnólachtaí ar iasachtaí, agus tháinig méadú ar éileamh teaghlach ar mhorgáistí den chéad uair ó thús 2022.

Ar an iomlán, tá dinimic chreidmheasa fós lag. D'fhás iasachtaí bainc do ghnólachtaí agus do theaghlaigh ag ráta bliantúil 0.3% i mí na Bealtaine, méadú beag ón mí roimhe sin. D'ardaigh an fás bliantúil ar airgead leathan – arna thomhas ag M3 – go 1.6% i mí na Bealtaine, ó 1.3% i mí Aibreáin.

Conclúid

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a dhéanamh ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfillfidh an boilsciú ar ár sprioc mheántéarmach dó faoin gcéad gan mhoill. Coinneoimid na rátaí beartais sriantach a ndóthain chomh fada agus is gá chun an aidhm sin a bhaint amach. Leanfaimid de chur chuige cruinniú-ar-chruinniú a bheidh ag brath ar shonraí a leanúint chun an leibhéal cuí agus fad an tsrianta a chinneadh. Go háirithe, beidh ár gcinntí faoi rátaí úis bunaithe ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Nílimid ag déanamh aon réamhghealltanas maidir le conair ráta ar leith.

I gcás ar bith, táimid réidh lenár n-ionstraimí uile a choigeartú laistigh dár sainordú chun a chinntiú go bhfillfidh boilsciú go dtí ár sprioc mheántéarmach agus an tarchur réidh beartais airgeadaíochta a choinneáil.

Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.

Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa