Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Christine Lagarde
The President of the European Central Bank
Luis de Guindos
Vice-President of the European Central Bank
  • RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

PREASÓCÁID

Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Luis de Guindos, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Frankfurt am Main, an 2 Feabhra 2023

Dia daoibh. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid.

Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an gCróit i dtosach báire ar theacht isteach sa limistéar euro ar an 1 Eanáir 2023. Cuirimid fearadh na fáilte freisin roimh Boris Vujčić, Gobharnóir Hrvatska narodna banka, chuig an gComhairle Rialaithe. Tabharfaimid tuairisc anois ar thoradh chruinniú an lae inniu.

Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe uirthi ag déanamh arduithe suntasacha seasmhacha ar rátaí úis agus coinneoidh sí ag leibhéil iad atá sriantach a ndóthain chun a áirithiú go bhfillfidh boilsciú go 2%, is é sin, an sprioc mheántéarmach atá againn. Dá réir sin, chinn an Chomhairle Rialaithe ardú 50 bonnphointe a chur ar thrí phríomhráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh inniu agus measaimid go n-ardóimid tuilleadh iad amach anseo. I bhfianaise na mbrúnna atá ar bhoilsciú bunúsach, tá sé ar intinn againn na ráta úis a ardú 50 bonnphointe eile ag an gcéad chruinniú beartais airgeadaíochta eile a bheidh againn i mí an Mhárta agus déanfaimid measúnú ansin ar chonair an bheartais airgeadaíochta ón bpointe sin amach. Má choimeádtar rátaí úis ag leibhéal sriantach, is é a tharlóidh, le himeacht ama, go laghdófar an boilsciú tríd an éileamh a mhaolú agus go dtabharfar cosaint freisin in aghaidh an riosca go n-ardófaí ionchais boilscithe ar bhonn leantach. Beidh ár gcinntí faoi bheartas rátaí úis amach anseo i gcás ar bith ag brath ar shonraí i gcónaí agus leanfar le cur chuige cruinniú-ar-chruinniú.

Rinne an Chomhairle Rialaithe cinneadh inniu freisin ar na módúlachtaí chun laghdú a dhéanamh ar shealúchas urrús an Eurochórais faoin gclár ceannaithe sócmhainní (CCS). Mar a cuireadh in iúl i mí na Nollag, tiocfaidh laghdú €15 bhilliún ar an meán in aghaidh na míosa ar phunann CCS ó thus mhí an Mhárta go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2023 agus cinnfear luas laghdaithe na punainne ina dhiaidh sin amach anseo. Déanfar páirt-athinfheistíochtaí i gcomhréir leis an gcleachtas atá anois ann, den mhórchuid. Go háirithe, déanfar na méideanna athinfheistíochta atá fanta a leithdháileadh i gcomhréir le scair na bhfuascailtí i ngach comhchlár den CCS agus, i gcás chlár ceannaigh na hearnála poiblí (CCEP), leithdháilfear iad i gcomhréir le sciar na bhfuascailtí atá ag gach dlínse agus ag eisitheoirí náisiúnta agus fornáisiúnta. I gcás na mbannaí corparáide atá ceannaithe againn, cuirfear na hathinfheistíochtaí atá fanta níos láidre i dtreo eisitheoirí a bhfuil feidhmíocht aeráide níos fearr acu. Gan dochar dár gcuspóir cobhsaíochta praghsanna, tacófar tríd an gcur chuige seo le dícharbónú céimnitheach shealúchas bannaí corparáide an Eurochórais, i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras.

Leagtar amach na cinntí uile a rinneadh inniu i bpreasráiteas atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin. Déantar cur síos mionsonraithe ar na módúlachtaí chun sealúchas CCS a laghdú i bpreasráiteas a fhoilseofar ag 15:45 CET.

Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar an mboilsciú, agus ansin míneoimid ár measúnú ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.

Gníomhaíocht eacnamaíoch

Dé réir réamh‑mheastachán sealadach Eurostat, tháinig fás 0.1 faoin gcéad ar gheilleagar an limistéir euro sa cheathrú ráithe de 2022. Cé gurb airde an figiúr sin ná mar atá i réamh‑mheastacháin fhoireann an Eurochórais i mí na Nollag, fágann an toradh sin gur léir go bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch moillithe go suntasach ó lár 2022 i leith agus measaimid go mbeidh sé fós lag sa ghearrthéarma. Rioscaí don fhás sa limistéar euro fós iad an ghníomhaíocht eacnamaíoch maolaithe agus an éiginnteacht mhór gheopholaitiúil atá anois ann, go háirithe de dheasca chogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus a muintire, nach bhfuil bonn cirt faoi. Mar thoradh ar na rioscaí sin, mar aon leis mboilsciú ard agus dálaí maoinithe níos géire, maolaítear caiteachas agus táirgeadh, go háirithe san earnáil déantúsaíochta.

Dá ainneoin sin, tá scrogaill soláthair á bhfuascailt de réir a chéile, tá soláthar an gháis éirithe níos cinnte anois, tá gnólachtaí fós ag obair ar riaráistí agus tá muinín ag ardú. Thairis sin, tá aschur san earnáil seirbhísí fós ag na leibhéil chéanna go dtí seo agus tacaíonn na hiarrachtaí athoscailte agus éileamh níos láidre ar ghníomhaíochtaí fóillíochta leis sin. Agus pá ag ardú agus laghdú le déanaí ar bhoilsciú fuinnimh, feabhsóidh an caillteanas a bhraith go leor daoine ina gcuid cumhachta ceannaigh de dheasca boilsciú ard. Cuirfidh sé sin le tomhaltas freisin. Ar an iomlán, léiríodh go raibh an geilleagar níos láidre ná mar a rabhthas ag súil leis agus meastar go mbeidh tearnamh ann sna ráithí seo atá romhainn.

Bhí an ráta dífhostaíochta fós ag 6.6 faoin gcéad i mí na Nollag, an ráta is ísle a bhí riamh ann. Mar sin féin, d’fhéadfadh moill teacht ar an ráta ag a bhfuil poist á gcruthú agus d’fhéadfadh ardú teacht ar dhífhostaíocht sna ráithí atá romhainn.

Maidir le bearta tacaíochta rialtais a bhfuil sé mar aidhm leo an geilleagar a chosaint ar thionchar praghsanna arda fuinnimh, ba cheart iad a bheith sealadach, dírithe, agus in oiriúint do dhreasachtaí chun níos lú fuinnimh a úsáid. Tá sé tábhachtach anois, go háirithe agus géire na géarchéime fuinnimh á maolú, go dtosófar ar na bearta sin a tharraingt siar ar bhealach comhbheartaithe agus go pras i gcomhréir leis an laghdú ar phraghsanna fuinnimh. Mura dtagann bearta leis na prionsabail sin, is mó an seans go gcuirfear leo le brúnna praghsanna agus go mbeadh freagairt beartais airgeadaíochta níos láidre de dhíth dá dheasca. Chomh maith leis sin, de réir chreat rialachais eacnamaíoch an AE, ba cheart go ndíreodh beartais fhioscacha ar ár ngeilleagar a dhéanamh níos táirgiúla agus fiachas poiblí a ísliú de réir a chéile. Is féidir le beartais chun cumas soláthair an limistéir euro a fheabhsú, go háirithe in earnáil an fhuinnimh, cabhrú le brúnna praghsanna a laghdú go meántéarmach. Chuige sin, ba cheart do rialtais a gcuid pleananna maidir le hathchóiriú struchtúrach agus infheistíochta a chur i bhfeidhm go gasta faoin gclár Next Generation EU. Ba cheart críoch a chur le leasú ar chreat rialachais eacnamaíoch an AE go gasta.

Boilsciú

De réir mheastachán sealadach Eurostat, a ríomhadh trí úsáid a bhaint as meastacháin Eurostat don Ghearmáin, is ag 8.5 faoin gcéad a bhí boilsciú i mí Eanáir. B’ionann sin agus ráta 0.7 faoin gcéad níos ísle ná ráta mhí na Nollag, agus an titim mhór athnuaite ar phraghsanna fuinnimh ina príomhchúis leis sin. Tugtar le fios sna táscairí margadhbhunaithe go mbeidh praghsanna fuinnimh sna blianta atá amach romhainn i bhfad níos lú ná mar a measadh tráth ár gcruinnithe dheireanaigh. Tháinig ardú ar bhoilsciú praghsanna bia go dtí 14.1 faoin gcéad, agus an t-ardú ar chostas fuinnimh agus ar ionchuir eile i dtáirgeadh bia fós á gcur san áireamh i bpraghsanna tomhaltóirí.

Tá brúnna praghsanna fós láidir, i bpáirt toisc go bhfuil costais arda fuinnimh ag scaipeadh tríd an ngeilleagar. Bhí boilsciú gan fuinneamh ná bia san áireamh fós ag 5.2 faoin gcéad i mí Eanáir, tháinig ardú ar bhoilsciú le haghaidh earraí tionsclaíocha neamhfhuinnimh go 6.9 faoin gcéad agus tháinig laghdú ar bhoilsciú seirbhísí go 4.2 faoin gcéad. Tá táscairí eile ar an mboilsciú bunúsach fós ard. Maolófar boilsciú le bearta rialtais in 2023 chun costais arda fuinnimh do theaghlaigh a chúiteamh, ach meastar go gcuirfidh siad le hardú ar bhoilsciú nuair a rachaidh siad in éag. Ag an am céanna, tá an scála atá ag cuid de na bearta sin ag brath ar an éabhlóid a thiocfaidh ar phraghsanna fuinnimh agus tá éiginnteacht ann faoin gcaoi a meastar a gcuirfidh siad leis an mboilsciú.

Cé go bhfuil scrogaill soláthair á maolú de réir a chéile, tá tionchar moillithe acu fós ar bhoilsciú praghsanna earraí. Tá an rud céanna fíor i gcás dheireadh na srianta paindéime: cé go bhfuil sé ag maolú, tá tionchar an éilimh faoi chois ag ardú praghsanna go fóill, go háirithe san earnáil seirbhísí.

Tá fás níos tapúla ag teacht ar phá, rud a dtacaíonn margaí saothair láidre leis, agus roinnt cúitimh ar bhoilsciú ard ina phríomhthéama i gcaibidlíochtaí pá. Ag an am céanna, tá sonraí a cuireadh ar fáil le déanaí maidir le dinimic phá ag teacht lena raibh i réamh‑mheastacháin fhoireann an Eurochórais i mí na Nollag. Is ag thart ar a dó faoin gcéad, i láthair na huaire, atá formhór na dtomhas ar ionchas maidir le boilsciú níos fadtéarmaí, cé go bhfuil údar ann le monatóireacht leantach a dhéanamh orthu.

Measúnú riosca

Tá cothromaíocht níos mó ann anois maidir leis na riosca in aghaidh an fháis eacnamaíoch. Riosca suntasach ar an taobh thíos i gcónaí é cogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus a muintire, nach bhfuil bonn cirt leis, agus d’fhéadfadh ardú teacht ar chostais fuinnimh agus bia arís dá dheasca. D’fhéadfadh maolú breise ar fhás sa limistéar euro a bheith ann má lagaíonn geilleagar an domhain níos tobainne ná mar a bhfuilimid ag súil leis. Thairis sin, bheadh constaicí ann in aghaidh téarnaimh dá rachadh an phaindéim in olcas arís agus dá gcuirfí isteach ar sholáthar arís dá dheasca. Mar sin féin, d’fhéadfadh an turraing sin imeacht as ní ba thapúla ná mar a mheasfaí agus d’fhéadfadh cuideachtaí sa limistéar euro oiriúnú ní ba thapúla don timpeallacht idirnáisiúnta dhúshlánach. Thacódh sé sin le fás níos airde ná mar a mheastar faoi láthair.

Tá cothromaíocht níos mó ann freisin i leith an ionchais boilscithe, go háirithe sa ghearrthéarma. Ar an taobh thuas, d’fhéadfadh brúnna atá ann sa phíblíne faoi láthair praghsanna miondíola a ardú sa ghearrthéarma. Thairis sin, d’fhéadfadh borradh úr a bheith faoi phraghsanna tráchtearraí agus faoi éileamh eachtrach le téarnamh eacnamaíoch níos láidre ná mar a rabhthas ag súil leis sa tSín. D’fhéadfadh gnéithe inmheánacha amhail ardú seasta ar ionchais bhoilscithe os cionn ár sprice, nó arduithe pá ní b’airde ná mar a bhfuiltear ag súil leo, boilsciú a ardú tuilleadh, sa mheántéarma san áireamh. Ar an taobh thíos, d’fhéadfadh moill níos gasta teacht ar bhoilsciú ná mar a rabhthas ag súil leis i ngeall ar an titim le déanaí ar phraghsanna fuinnimh. D’fhéadfadh dinimic ní ba laige don bhoilsciú bunúsach eascairt as an mbrú anuas sin i ngné an fhuinnimh. Chuirfeadh lagú eile ar éileamh le brúnna praghsanna ní b’ísle ná mar a bhfuiltear ag súil leo faoi láthair, go háirithe sa mheántéarma.

Dálaí airgeadais agus airgeadaíochta

Agus an beartas airgeadaíochta á dhaingniú againn, tá rátaí úis margaidh ag ardú tuilleadh agus tá creidmheas don earnáil phríobháideach ag éirí níos daoire. Mhoilligh iasachtú bainc do ghnólachtaí go fíorthapa le míonna anuas. Eascraíonn cuid den mhoill sin as riachtanais mhaoinithe laghdaithe le haghaidh fardail. Ach is léiriú freisin é ar éileamh níos lú ar iasachtaí chun infheistíocht ghnó a mhaoiniú, agus i gcomhthéacs ardú géar ar rátaí iasachta bainc agus daingniú suntasach ar chaighdeáin chreidmheasa, rud eile atá le sonrú sa suirbhé ar iasachtú bainc is déanaí uainn. Leanadh leis an lagú ar iasachtú teaghlaigh chomh maith ar léiriú é ar rátaí iasachta atá ag ardú, caighdeáin chreidmheasa níos daingne agus titim mhór ar an éileamh ar mhorgáistí. Agus cruthú iasachtaí ag moilliú, tá fás an airgid ag moilliú go tapa agus laghdú mór tagtha ar na coda is leachtúla de, lena n-áirítear taiscí thar oíche, rud nach bhfuil ach cúiteamh páirteach á dhéanamh air leis an aistriú i dtreo taiscí téarma.

Conclúid

Mar achoimre, leanfaidh an Chomhairle Rialaithe uirthi ag déanamh arduithe suntasacha seasmhacha ar rátaí úis agus coinneoidh sí ag leibhéil iad atá sriantach a ndóthain chun a áirithiú go bhfillfidh boilsciú go dtí dó faoin gcéad, is é sin, an sprioc mheántéarmach. Dá réir sin, chinneamar inniu trí cinn de phríomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh a ardú 50 bonnphointe agus measaimid go n-ardóimid tuilleadh iad amach anseo. I bhfianaise na mbrúnna atá ar bhoilsciú bunúsach, tá sé ar intinn againn na ráta úis a ardú 50 bonnphointe eile ag an gcéad chruinniú beartais airgeadaíochta eile a bheidh againn i mí an Mhárta agus déanfaimid measúnú ansin ar chonair an bheartais airgeadaíochta ón bpointe sin amach. Má choimeádtar rátaí úis ag leibhéal sriantach, is é a tharlóidh, le himeacht ama, go laghdófar an boilsciú tríd an éileamh a mhaolú agus go dtabharfar cosaint freisin in aghaidh an riosca go n-ardófaí ionchais boilscithe ar bhonn leantach. De bhreis air sin, ó thús mhí an Mhárta 2023 amach, tiocfaidh laghdú ar phunann an chláir ceannaithe sócmhainní (CCS) ag ráta measta agus intuartha, toisc nach ndéanfaidh an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ar fad ó urrúis a thiocfaidh in aibíocht a athinfheistiú.

Beidh ár gcinntí faoi bheartas rátaí úis amach anseo ag brath i gcónaí ar shonraí agus socrófar ó chruinniú go cruinniú iad. Seasaimid réidh lenár n-ionstraimí uile a choigeartú laistigh dár sainordú chun a áirithiú go dtógfar boilsciú ar ais chuig ár sprioc mheántéarmach.

Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar ar chinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa