Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cosaint an chomhshaoil sa Bhanc Ceannais Eorpach

Tá ról le himirt againn freisin i gcosaint an chomhshaoil agus sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide trínár lorg oibríochtúil a laghdú.

In 2007, ar mhaithe lenár bhfeidhmíocht comhshaoil a fheabhsú agus ár lorg carbóin a laghdú a mhéid is féidir, chuireamar beartas comhshaoil inmheánach chun feidhme. Ó 2020 i leith, táimid cláraithe le Scéim an Chomhphobail um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht.

Léigh an ráiteas is déanaí uainn ar an gcomhshaol

Mar a d’fheabhsaíomar ár bhfeidhmíocht chomhshaoil in 2024

Rinneamar athrú go dtí oibreán fuaraithe a bhfuil poitéinseal téimh dhomhanda níos ísle aige.

Seoladh treoirlíne maidir le taisteal gnó chun roghanna iompair atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol le haghaidh taisteal gnó a chothú.

Seachtain na bithéagsúlachta a cheiliúradh le léacht le saineolaithe ón gCumann Senckenberg um Taighde an Dúlra.

Maoirseacht agus anailís fheabhsaithe ar thomhaltas fuinnimh, ag tacú le bainistiú fuinnimh níos fearr maidir le háitreabh.

Forbairt an Chláir nua maidir le Bainistíocht Chomhshaoil.

Seoladh na seirbhíse le haghaidh comhroinnt rothar tar éis treoirthionscadal rathúil.

Sracfhéachaint ar lorg carbóin oibríochtúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE)

Ról cosanta comhshaoil an Bhainc Ceannais Eorpaigh

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Cén chaoi a bhfuil cosaint an chomhshaoil á chur chun cinn ag an mBanc Ceannais Eorpach?

Lenár mbeartas comhshaoil, táimid faoi cheangal an lorg carbóin oibríochtúil a laghdú agus feidhmíocht chomhshaoil an Bhainc Ceannais Eorpaigh a fheabhsú. Tá dul chun cinn faoi stiúir Córas Bainistíochta Comhshaoil an Bhainc Ceannais Eorpaigh, deimhnithe le ISO 14001 agus cláraithe faoi EMAS. Braitheann ár gcuspóir laghdaithe astaíochtaí do 2030 ar mhodheolaíochtaí bunaithe ar an eolaíocht.

Léigh ár mbeartas comhshaoil

Cad é príomhchúram comhshaoil an Bhainc Ceannais Eorpaigh le haghaidh 2025-2027?

Tá cosaint an chomhshaoil sa Bhanc Ceannais Eorpach ag dul isteach i dtimthriall nua, faoi threoir ár gClár nua maidir le Bainistíocht Chomhshaoil le haghaidh 2025-27. Ag tógáil ar an taithí a fuarthas roimhe seo, is é is aidhm don chlár tionchar comhshaoil ár n-eagraíocht a laghdú a thuilleadh, ag díriú ar na sé ghnéithe a leagtar amach thíos. Beidh ár ngníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar ár bhfeidhmíocht chomhshaoil faoi threoir ár gClár nua maidir le Bainistíocht Comhshaoil 2025-2027.

Sé phríomhréimse dár ngníomhaíochtaí comhshaoil le haghaidh 2025-2027:

Leanúint lenár gcuspóir laghdaithe astaíochtaí atá ailínithe le Comhaontú Pháras a shaothrú.

Leanúint d’fhéachaint ar bhealaí chun an éifeachtúlacht fuinnimh inár n-áitreabh a fheabhsú.

Cultúr athúsáide agus athchúrsála a chur i bhfeidhm go daingean tríd an eagraíocht.

Gairdín an phríomhfhoirgnimh a oiriúnú tuilleadh chun tearmann bithéagsúlachta a sholáthar.

Astaíochtaí a bhaineann le taisteal a laghdú trí athbhreithniú córasach a dhéanamh ar an mbeartas.

Iompraíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn i measc fhoireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

FÉACH FREISIN

COSAINT AN CHOMHSHAOIL SA BHANC CEANNAIS EORPACH AGUS IN INSTITIÚIDÍ EILE DE CHUID AN AONTAIS

Gnéithe choigilte fuinnimh dár bpríomhfhoirgneamh

Foghlaim cén chaoi a n-athchúrsálaimid fuinneamh, teas agus uisce báistí chun go mbeidh ár bhfoirgneamh chomh glas agus is féidir.

Foghlaim tuilleadh faoin gcaoi a ndéanaimid athchúrsáil ar fhuinneamh

Comhar idirinstitiúideach

Faigh tuilleadh eolais faoin gcaoi a n-oibríonn an Banc Ceannais Eorpach agus na hinstitiúidí Eorpacha eile atá cláraithe le EMAS le chéile chun a lorg éiceolaíoch a laghdú.

Tuilleadh eolais faoin gcomhar idirinstitiúideach

Gach leathanach sa rannóg seo