An Institiúid Eorpach Airgeadaíochta (1994-98)
In 1992 leag an Conradh ar an Aontas Eorpach, ar a dtugtar Conradh Maastricht freisin, treochlár amach chun airgeadra agus banc ceannais coiteann a bhunú don Aontas Eorpach. Mar chuid de sin, bunaíodh an Institiúid Eorpach Airgeadaíochta (IEA) i mí Eanáir 1994 mar chéim idirmheánach ach ríthábhachtach i dtreo an Banc Ceannais Eorpach a bhunú. Murab ionann agus an Coiste Gobharnóirí a tháinig roimhe, bhí a phearsantacht dhlítheanach féin ag IEA agus leathnaigh sí go tapa, mar eagraíocht agus ó thaobh líon na foirne de. Tháinig Willem Frederik Duisenberg i gcomharbacht ar an gcéad Uachtarán ar IEA, Alexandre Lamfalussy, i mí Iúil 1997, agus ceapadh é ina chéad Uachtarán ar BCE in 1998. Bhí Uachtarán IEA ina chathaoirleach ar Chomhairle IEA, a raibh Leas-Uachtarán IEA agus gobharnóirí bhainc cheannais Bhallstáit AE ina gcomhaltaí di freisin.
Le linn na gceithre bliana go leith ina dhiaidh sin, bhunaigh IEA a struchtúr eagrúcháin go tapa. Rinne fochoistí, meithleacha agus tascfhórsaí bunúsacha na mbanc ceannais agus IEA obair mhór i gcomhthráth; struchtúr comhoibritheach a bunaíodh cheana faoin gCoiste Gobharnóirí.
Ba é príomhfhócas IEA Córas Eorpach Banc Ceannais a bhunú, lena n-áirítear BCE, agus an bealach a réiteach don airgeadra comhchoiteann nua. Thug sí aghaidh freisin ar roinnt cúraimí oibríochtúla, amhail teacht in ionad an Chiste Eorpaigh um Chomhar Airgeadaíochta. Bhí sé d’aidhm ag IEA:
- comhordú níos fearr a dhéanamh ar bheartas airgeadaíochta san Aontas Eorpach;
- cobhsaíocht airgeadais a fhorfheidhmiú;
- feabhas a chur ar chórais íocaíochta (trasteorann) san Aontas;
- creat rialála, eagrúcháin agus lóistíochta a fhorbairt;
- straitéis choiteann beartais airgeadaíochta a fhorbairt don euro;
- margadh airgid aonair a ullmhú.
Tá thart ar 85 méadar líneacha de dhoiciméid théacsúla i gcnuasach aon fhoinse IEA. Baineann siad sin den chuid is mó le cruinnithe, páipéir oibre agus tuarascálacha Chomhairle IEA agus Choiste na gComhaltaí Malartacha, chomh maith le cruinnithe, páipéir oibre agus tuarascálacha de chuid fhochoistí agus ghrúpaí saineolaithe um beartas airgeadaíochta, malartú eachtrach, córais íocaíochta, maoirseacht baincéireachta, staidreamh, forbairt nótaí bainc agus ábhair eile a thagann faoi inniúlacht IEA. Áirítear leo freisin doiciméid a bhaineann leis an gcaidreamh le hinstitiúidí Eorpacha agus idirnáisiúnta agus le fóraim. Clúdaíonn na doiciméid den chuid is mó an tréimhse ó 1994 go 1998 agus is i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis atá siad den chuid is mó.
Brabhsáil an t-ábhar thíos chun teacht ar dhoiciméid atá ar fáil.
Áirítear leis an gcéad rannán doiciméadacht maidir le bunús (agus leachtú) IEA agus maidir le gníomhaíochtaí idirdhisciplíneacha, amhail riarachán airgeadais, foirne agus foirgneamh, coimeád taifead agus iniúchadh.
- 1993-1998
-
IEA 1.1 Bunú agus comhdhéanamh
- 1992-1998
-
IEA 1.2 Eagrúchán inmheánach
- 1993-1998
-
IEA 1.3 Airgeadas inmheánach, buiséad agus rialú
- 1994-1998
-
IEA 1.4 Áitribh IEA
- 1993-1998
-
IEA 1.5 Acmhainní daonna agus caidreamh foirne
- 1994-1998
-
IEA 1.6 Bainistíocht faisnéise
Cumhdaítear leis an dara rannán ábhair a bhaineann le gníomhaíochtaí caidrimh phoiblí IEA, go háirithe gníomhaíochtaí na nUachtarán Alexandre Lamfalussy agus Wim Duisenberg ach chomh maith leis sin, gníomhaíochtaí an Ard-Stiúrthóra, Robert Raymond, agus bhaill foirne áirithe. Áirítear leis seo óráidí agus cuairteanna a thug siad chomh maith le cuairteoirí ar fhear siad fáilte rompu i gceanncheathrú IEA.
- 1994-1998
-
IEA 2.1 Óráidí agus ionchur an Uachtaráin agus an Ard-Stiúrthóra
- 1994-1998
-
IEA 2.2 Óráidí agus ionchur na mball foirne
- 1994-1999
-
IEA 2.3 Foilseacháin IEA agus saincheisteanna gaolmhara
- 1994-1998
-
IEA 2.4 Cuairteanna agus cuairteoirí
- 1994-1998
-
IEA 2.5 Seimineáir agus comhdhálacha IEA
- 1994-1998
-
IEA 2.6 Teagmhálacha do na meáin agus don phobal
Áirítear sa tríú rannán doiciméadú cruinnithe Chomhairle IEA agus Choiste na gComhaltaí Malartacha.
- 1994-1998
-
IEA 3.1 Eagrúchán agus cruinnithe Chomhairle IEA
- 1994-1998
-
IEA 3.2 Eagrúchán agus cruinnithe Choiste na gComhaltaí Malartacha
Cuimsíonn an ceathrú rannán príomhghníomhaíochtaí sa phróiseas ullmhúcháin don tríú céim den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA) agus do ghníomhaíochtaí grúpaí saineolaithe i réimse an bheartais airgeadaíochta ar cuireadh tús leo cheana le linn thréimhse an Choiste Gobharnóirí.
- 1993-1998
-
IEA 4.1 Céimeanna i bpróiseas an chomhtháthaithe airgeadaíochta sna 1990idí
- 1993-1998
-
IEA 4.2 Creat beartas, ionstraimí agus nósanna imeachta
- 1993-1998
-
IEA 4.3 Barúlacha ar fhorbairtí airgeadaíochta, airgeadais agus eacnamaíoch agus na hoibríochtaí a bhaineann leo
- 1995-1998
-
IEA 4.4 An Fochoiste um Beartas Airgeadaíochta (MPSC): fostruchtúir
- 1994-1998
-
IEA 4.5 An Fochoiste um Beartas Airgeadaíochta (MPSC): tuairisciú agus gníomhaíochtaí
Cuimsíonn an cúigiú rannán cúrsaí malairte eachtraí agus doiciméid de chuid fóraim shaineolacha. Príomhghníomhaíocht de chuid IEA ab ea malairt eachtrach agus a chomhchuibhiú i bhfianaise Chéim a Trí den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA).
- 1996-1997
-
IEA 5.1 Gníomhaíochtaí comhair
- 1995-1998
-
IEA 5.2 Creat dlíthiúil beartas agus nósanna imeachta
- 1994-1998
-
IEA 5.3 Barúlacha agus oibríochtaí ar ghluaiseachtaí malairte eachtraí agus caipitil
- 1993-1998
-
IEA 5.4 An Fochoiste um Beartas Malairte Eachtraí (FXPSC): fostruchtúir
- 1994-1998
-
IEA 5.5 An Fochoiste um Beartas Malairte Eachtraí (FXPSC): tuairisciú agus gníomhaíochtaí
Cumhdaítear leis an séú rannán nithe a bhaineann le córais íocaíochta. Bhí gá le comhar níos dlúithe idir bainc cheannais agus údaráis eile ar leibhéal fornáisiúnta chun margaí airgeadais an Aontais a aontú agus chun earnáil na baincéireachta a dhigitiú tuilleadh.
- 1994-1998
-
IEA 6.1 Gníomhaíochtaí comhair
- 1993-1998
-
IEA 6.2 Creat dlíthiúil beartas agus nósanna imeachta
- 1994-1998
-
IEA 6.3 An Mheitheal um Chórais Íocaíochta AE (WGPS): fostruchtúir
- 1993-1998
-
IEA 6.4 An Mheitheal um Chórais Íocaíochta AE (WGPS): tuairisciú agus gníomhaíochtaí
Cumhdaítear leis an seachtú rannán gníomhaíochtaí a lean oibríochtaí de chuid CECA a bhí ann cheana agus a thóg IEA ar láimh. Cuireadh na hoibríochtaí sin i gcrích i gcomhthéacs CEA, ar tháinig an euro ina ionad in 1999.
- 1993-1998
-
IEA 7.1 Comhar sa Chóras Airgeadaíochta Eorpach
- 1994-1998
-
IEA 7.2 Tabhairt isteach an Euro
Cumhdaítear leis an ochtú rannán ábhair a bhaineann le cobhsaíocht bhaincéireachta, rioscaí agus maoirseacht baincéireachta IEA agus fóraim saineolaithe ghaolmhara.
- 1991-1992, 1994-1998
-
IEA 8.1 An Fochoiste um Maoirseacht Baincéireachta (BSCC): fostruchtúir
- 1993-1998
-
IEA 8.2 An Fochoiste um Maoirseacht Baincéireachta (BSCC): tuairisciú agus gníomhaíochtaí
Baineann an naoú rannán le hábhair a bhaineann le sonraíochtaí teicniúla a ullmhú, le ceanglais dhlíthiúla agus le gnéithe deartha na nótaí bainc coiteanna a bheidh ann amach anseo arna ngabháil de láimh ag IEA, ag bainc cheannais agus, go háirithe, grúpaí saineolaithe. Cumhdaítear leis freisin taifid de chomórtas chun an dearadh is oiriúnaí nótaí bainc a roghnú.
- 1994-1998
-
IEA 9.1 An Mheitheal um Nóta Bainc Eorpach a Phriontáil agus a Eisiúint (BNWG): tuairisciú agus gníomhaíochtaí
- 1994-1998
-
IEA 9.2 An Mheitheal um Nóta Bainc Eorpach a Phriontáil agus a Eisiúint (BNWG): fostruchtúir
- 1994-1998
-
IEA 9.3 Ceisteanna dlí a bhaineann le nótaí bainc
- 1993-1998
-
IEA 9.4 Dearadh na nótaí bainc
- 1994-1998
-
IEA 9.5 Gnéithe teicniúla agus táirgthe nótaí bainc
Baineann an deichiú rannán le comhchuibhiú agus athchoigeartú modhanna staidrimh a bhfuil gá leo de réir aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa agus le comhar idir IEA/grúpaí saineolaithe banc ceannais agus comhlachtaí eile maidir le saincheisteanna staidrimh. D’eisigh IEA sraitheanna sonraí staidrimh freisin.
- 1994-1998
-
IEA 10.1 Gníomhaíochtaí comhair
- 1993-1998
-
IEA 10.2 Creat beartas, modheolaíochtaí agus saincheisteanna teicniúla
- 1993-1998
-
IEA 10.3 An Mheitheal um Staidreamh (WGS): fostruchtúir
- 1993-1998
-
IEA 10.4 An Mheitheal um Staidreamh (WGS): tuairisciú agus gníomhaíochtaí
Baineann an t-aonú rannán déag le modhanna cuntasaíochta agus le hioncam airgeadaíochta mar a phléitear iad i mbainc cheannais, in IEA agus, go háirithe, i bhfóraim shaineolacha thiomnaithe.
- 1994-1998
-
IEA 11.1 An Mheitheal um Shaincheisteanna Cuntasaíochta (WGAI): fostruchtúir
- 1994-1998
-
IEA 11.2 An Mheitheal um Shaincheisteanna Cuntasaíochta (WGAI): eagrúchán, cruinnithe agus gníomhaíochtaí
Cumhdaítear leis an dara rannán déag iarrachtaí chun córais agus bonneagar teicneolaíochta faisnéise a bhunú do IEA agus chun í a ullmhú do na comhghníomhaíochtaí a bheidh ann amach anseo.
- 1993-1997
-
IEA 12.1 An Mheitheal um Chórais Faisnéise (WGIS): eagrúchán agus cruinnithe
- 1994-1997
-
IEA 12.2 Forbairt agus cur chun feidhme an chórais
Cumhdaítear leis an tríú rannán déag caidreamh Eorpach agus idirnáisiúnta IEA lasmuigh de na bainc cheannais.
- 1992-1998
-
IEA 13.1 Comhthéacs institiúideach Eorpach agus AE
- 1996-1998
-
IEA 13.2 Comhthéacs idirnáisiúnta
Cumhdaítear leis an gceathrú rannán déag saincheisteanna dlíthiúla a bhaineann le IEA agus lena gníomhaíochtaí. Cé gur féidir teacht ar dhoiciméid dhlíthiúla in aon rannán de chnuasach aon fhoinse IEA, clúdaíonn an rannán seo gníomhaíochtaí fóram saineolaithe dlí agus sraith téacsanna bunúsacha.
- 1995-1998
-
IEA 14.1 Meitheal na Saineolaithe Dlí (WGLE) agus fostruchtúir: eagrúchán agus cruinnithe
- 1994-1998
-
IEA 14.2 Comhairle dlí agus comhairliúcháin dlí
- 1995-1997
-
IEA 14.3 Gníomhaíochtaí breise
Foghlaim tuilleadh faoi IEA san fhardal cartlainne nó déan teagmháil linn.