Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Gnéithe dearaidh

Íomhánna ailtireachta

Tá dearadh shraith Europa bunaithe ar théama “aoiseanna agus stíleanna” na chéad sraithe. Rinneadh na nótaí bainc nua a athrú, áfach, chun cuma úr a thabhairt dóibh agus chun freastal ar réimse gnéithe slándála nua agus feabhsaithe, rud a fhágfaidh go mbeidh sé éasca idirdhealú a dhéanamh idir an dá shraith.

Roghnaíodh dearthóir nótaí bainc neamhspleách a bhí lonnaithe i mBeirlín, Reinhold Gerstetter, chun dearadh na nótaí a athnuachan.

Ar thaobh amháin den dá shraith nótaí bainc euro, taispeántar fuinneoga agus doirse. Is siombail iad de mheon Eorpach na hoscailteachta agus an chomhair. Is siombail iad na droichid ar an taobh eile den chumarsáid idir muintir na hEorpa agus idir an Eoraip agus an chuid eile den domhan.

Cosúil leis an gcéad sraith, léiríonn nótaí bainc nua shraith Europa stíleanna ailtireachta ó thréimhsí éagsúla i stair na hEorpa, ach ní léiríonn siad aon séadchomharthaí ná droichid arb ann dóibh san fhíorshaol. Is iad seo a leanas na stíleanna:

  • €5: Clasaiceach
  • €10: Rómhánúil
  • €20: Gotach
  • €50: Stíl na hAthbheochana
  • €100: Barócach agus rocócó
  • €200: Ailtireacht iarainn agus ghloine ón 19ú haois

Léarscáil na hEorpa

Tá léiriú geografach den Eoraip le feiceáil ar chúl an dá shraith nótaí bainc euro. Tá léarscáil leasaithe den Eoraip ag sraith Europa, a bhfuil Málta agus an Chipir san áireamh uirthi. Taispeánann na boscaí beaga bídeacha in aice le bun an nóta bainc na hOileáin Chanáracha agus roinnt críocha thar lear de chuid na Fraince ina n-úsáidtear an euro freisin. Ní thaispeántar oileáin atá an-bheag ar na nótaí bainc toisc nach féidir iad a athchruthú go cruinn trí úsáid a bhaint as aischlódóireacht ardtoirte.

Dathanna

Tá dath sách sainiúil ar gach nóta. Is ionann dath nótaí bainc shraith Europa agus na nótaí bainc sa chéad sraith, i.e. liath ar €5, dearg ar €10, gorm ar €20, oráiste ar €50, uaine ar €100 agus donn buí ar €200.

Áirítear ar eilimintí eile dearaidh:

  • ainm an airgeadra – an euro – in aibítir na Laidine (EURO) agus na Gréige (EYPΩ) sa chéad sraith; san aibítir Choireallach (EBPO) atá an t-ainm ar shraith Europa freisin, mar thoradh ar bhallraíocht na Bulgáire san Aontas Eorpach;
  • inisealacha an Bhainc Ceannais Eorpaigh i naoi dteanga éagsúla do nótaí bainc nua €5, €10 agus €20 agus i ndeich dteanga éagsúla do nótaí bainc nua €50, €100, agus €200, agus aontachas na Cróite leis an Aontas in 2013 á chur san áireamh. Priontáiltear na giorrúcháin de réir ordú prótacail an Aontais do thíortha agus do na teangacha oifigiúla.
    • BCE (Fraincis, Iodáilis, Portaingéilis, Rómáinis, Spáinnis)
    • ECB (Seicis, Danmhairgis, Ollainnis, Béarla, Laitvis, Liotuáinis, Slóvaicis, Slóivéinis, Sualainnis)
    • ЕЦБ (Bulgáiris)
    • EZB (Gearmáinis)
    • EKP (Eastóinis, Fionlainnis)
    • EKT (Gréigis)
    • ESB (Cróitis)
    • EKB (Ungáiris)
    • BĊE (Máltais)
    • EBC (Polainnis)
  • an tsiombail © a léiríonn cosaint cóipchirt; agus
  • bratach an Aontais Eorpaigh.

Mar a rinneadh leis an gcéad sraith nótaí bainc, chuathas i gcomhairle le húsáideoirí lagamhairc le linn chéim deartha shraith Europa, rud a d’fhág go raibh gnéithe ar leith san áireamh sna dearaí deiridh.

Sínithe

Ar gach nóta bainc tá síniú Willem F. Duisenberg, Jean-Claude Trichet, Mario Draghi nó Christine Lagarde – an chéad Uachtarán, an dara hUachtarán, an tríú hUachtarán agus an ceathrú hUachtarán faoi seach ar an mBanc Ceannais Eorpach. Tá na nótaí bainc sin go léir chomh bailí céanna.

An chéad sraith

Willem F. Duisenberg
Jean-Claude Trichet
Mario Draghi

Sraith Europa

Mario Draghi
Christine Lagarde

Sraithuimhreacha ar shraith nótaí bainc Europa

Is iad na sraithuimhreacha ar an tsraith seo an dá uimhir atá clóite ar chúl an nóta bainc: uimhir chothrománach priontáilte i ndubh agus uimhir ingearach priontáilte i ndath difriúil.

Dhá litir agus deich ndigit a bhíonn san uimhir chothrománach. Sainaithnítear sa chéad litir na hoibreacha priontála – féach an liosta thíos. Níl aon bhrí ar leith leis an dara litir; is amhlaidh a mhéadaíonn sí an méid sraithuimhreacha gur féidir a úsáid.

Saothair chlódóireachta agus litreacha

Nationale Bank van België/Banque Nationale de Belgique Z
Banc na Gréige Y
Giesecke & Devrient GmbH (Munich) X
Giesecke & Devrient GmbH (Leipzig) W
IMBISA V
Banque de France U
Banc Ceannais na hÉireann T
Banca d’Italia S
Bundesdruckerei GmbH R
Joh. Enschede Security Printing BV P
Oesterreichische Banknoten und Sicherheitsdruck GmbH N
Valora M
Níl sannta L
Níl sannta K
De La Rue Currency (Gateshead) J
De La Rue Currency (Loughton) H
Níl sannta G
Oberthur Fiduciaire AD (Sofia) F
Oberthur Fiduciaire SAS (Chantepie) E
Polska Wytwórnia Papierów Wartościowych D
Níl sannta C
Níl sannta B
Níl sannta A

Cóid tíre ar an gcéad sraith nótaí bainc

Léirítear an banc ceannais a choimisiúnaigh priontáil nóta bainc (ach ní gá go mbeadh tír na clódóireachta ann) le litir nó cód tíre roimh an tsraithuimhir, mar a thaispeántar anseo:

Clóbhuaileadh an nóta bainc áirithe seo, ar a bhfuil an litir ‘S’, don Banca d’Italia. Tá na cóid tíre liostaithe thíos.

Cóid tíre

¹ Bíonn cód bhainc cheannais na dtíortha ina dtáirgtear nótaí bainc i gcomhair Lucsamburg ar na nótaí bainc euro neamhshruthaithe a eisíonn Banque Centrale du Luxembourg.
An Bheilg Z
An Ghearmáin X
An Eastóin D
Éire T
An Ghréig Y
An Spáinn V
An Fhrainc U
An Iodáil S
An Chipir G
An Laitvia C
An Liotuáin B
Lucsamburg ¹
Málta F
An Ísiltír P
An Ostair N
An Phortaingéil M
An tSlóivéin H
An tSlóvaic E
An Fhionlainn L

Gach leathanach sa rannóg seo