Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Straitéis airgid thirim an Eurochórais

Táimid tiomanta d’airgead tirim agus do chinntiú gur rogha i gcónaí é íoc le hairgead poiblí.

Tá fíorthábhacht ag baint leis an airgead tirim. Is ceann de do chuid roghanna íocaíochta é agus tá sé ríthábhachtach chun ionchuimsiú airgeadais a chinntiú do gach grúpa sa tsochaí. Tá sé mar aidhm ag ár straitéis airgid a chinntiú go bhfuil airgead tirim ar fáil go forleathan agus go nglactar leis mar mhodh íocaíochta agus stór luacha araon.

Is dlíthairiscint iad nótaí bainc agus boinn euro sa limistéar euro, agus is é airgead tirim an t-aon chineál airgid phoiblí ar féidir le gach duine rochtain dhíreach a fháil air. Tá freagracht bhunúsach ar an mBanc Ceannais Eorpach agus ar na bainc cheannais náisiúnta (ar a dtugtar an tEurochóras), i gcomhar le hearnáil na baincéireachta, soláthar rianúil airgid thirim a chinntiú agus íocaíochtaí in airgead tirim a éascú do dhaoine agus do ghnólachtaí.

Táimid ag cosaint thodhchaí an airgid thirim ar bhealaí éagsúla.


INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Cinntímid infhaighteacht airgid thirim in euro

Oibrímid lena chinntiú go mbíonn nótaí bainc agus boinn euro ar fáil don phobal i gcónaí. Cuireann na bainc cheannais náisiúnta seirbhísí airgid thirim saor in aisce ar fáil ina dtíortha agus oibríonn siad freisin chun an timthriall airgid a dhéanamh chomh héifeachtach agus is féidir ó thaobh costais de. Cuirimid riachtanais na margaí idirnáisiúnta san áireamh freisin toisc go bhfuil idir 30% agus 50% de na nótaí bainc euro i gcúrsaíocht lasmuigh den limistéar euro. Dá n-eiseofaí euro digiteach amach anseo, bheadh sé ann in éineacht leis an airgead tirim.

Tacaímid le rochtain ar sheirbhísí airgid thirim do gach duine

Táimid ag iarraidh go mbeadh rochtain ag daoine agus ag gnólachtaí ar a gcuid airgid, is cuma cad iad na roghanna agus na riachtanais íocaíochta atá acu. Le go dtarlóidh sé sin, ní mór do na bainc seirbhísí airgid thirim leordhóthanacha a chur ar fáil, lena n-áirítear aistarraingtí airgid thirim atá saor in aisce nó nach ngearrtar ach táillí réasúnta ina leith. Tacaímid freisin le miondíoltóirí a sholáthraíonn seirbhísí airgid comhlántacha ar nós “airgead ar ais” nó a éascaíonn aistarraingtí agus taiscí teoranta airgid. Cabhraímid le bainc déileáil le borradh tobann ar an éileamh ar nótaí bainc. Cinntímid chomh maith gur féidir airgead tirim a úsáid mar mhodh íocaíochta cúltaca i gcás nach bhfuil íocaíochtaí leictreonacha ar fáil go sealadach.

Cinntímid go nglactar le hairgead tirim i ngach áit

Measann formhór na ndaoine sa limistéar euro go bhfuil sé tábhachtach a bheith in ann íoc le hairgead tirim. Dá bhrí sin, is cuid ríthábhachtach den chóras íocaíochta é a chinntiú go nglactar le hairgead tirim i ngach áit agus tá sé ag teacht le stádas an airgid thirim mar dhlíthairiscint freisin. Tugann sé rogha íocaíochta do thomhaltóirí agus dá bhrí sin, níl daoine nach bhfuil rochtain acu ar íocaíochtaí leictreonacha faoi mhíbhuntáiste. Ní féidir le miondíoltóirí, trádálaithe agus gnólachtaí príobháideacha eile íocaíochtaí in airgead tirim a dhiúltú mura bhfuil modhanna íocaíochta eile comhaontaithe ag an dá chomhpháirtí roimhe sin. Ní mór d’údaráis phoiblí agus do sholáthraithe seirbhíse glacadh le hairgead tirim freisin, mura bhforáiltear a mhalairt sa dlí.

Forbraímid nótaí bainc euro atá nuálach agus slán

Tá nótaí bainc euro faoi chosaint ag na teicneolaíochtaí is déanaí agus is éifeachtaí. Dá bharr sin, is rídheacair iad a ghóchumadh agus is éasca iad a fhíordheimhniú. Cinntímid barántúlacht agus ardcháilíocht na nótaí bainc euro atá i gcúrsaíocht agus forfheidhmímid caighdeáin dhochta maidir leis an gcaoi a ndéanann bainc agus láimhseálaithe airgid thirim iad a sheiceáil agus a fhíordheimhniú. Faoi chlár PERICLES de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, tá forbairt gnéithe slándála á spreagadh d’uasghráduithe a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo ar na hainmníochtaí bonn euro atá againn faoi láthair. Ar deireadh thiar, is é is aidhm dúinn nótaí bainc euro a dhearadh a bhfuil ceangal ag muintir na hEorpa leo.

Coinneoimid nótaí bainc sábháilte agus inbhuanaithe

Cinntímid go bhfuil nótaí bainc sábháilte le táirgeadh agus le húsáid trí thaighde agus tástáil a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag táirgeadh nótaí bainc euro agus ag cúrsaíocht nótaí bainc ar shláinte an phobail.

Cuireann taighde cosúil leis an staidéar ar Lorg Comhshaoil Táirge ar ár gcumas a chinntiú go bhfanann airgead tirim chomh hinbhuanaithe agus chomh neamhdhíobhálach don chomhshaol agus is féidir. Déanann sé é sin trí chabhrú linn deiseanna a aithint chun tionchar nótaí bainc ar an gcomhshaol a laghdú tuilleadh trí theicneolaíochtaí agus próisis nua.

Gach leathanach sa rannóg seo