Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

An t-athrú aeráide agus an Banc Ceannais Eorpach

Tá rún daingean againn ár bpáirt a dhéanamh chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, laistigh dár sainordú.

Tá riosca ag gabháil leis an athrú aeráide agus le díghrádú an dúlra dár ngeilleagar agus don earnáil airgeadais. Ní mór dúinn measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag na rioscaí seo agus ag an aistriú chuig sochaí atá neodrach ó thaobh carbóin de ar ár ngeilleagar, ionas gur féidir linn cuntas a thabhairt ar an tionchar atá acu ar ár gcuid oibre mar bhanc ceannais agus mar mhaoirseoir baincéireachta. Cabhróidh sé seo linn praghsanna a choinneáil cobhsaí agus bainc a choinneáil sábháilte.

Ár gcuspóirí

Díríonn ár gcuid oibre maidir leis an athrú aeráide ar thrí phríomhchuspóir. Cabhraíonn na cuspóirí seo linn ár mbeartais a choimeád éifeachtach agus oiriúnach le haghaidh domhan atá ag athrú.

Rioscaí a bhainistiú a bhaineann leis an aeráid

Oibrímid chun rioscaí a bhaineann leis an aeráid i mbeartas airgeadaíochta agus in oibríochtaí infheistíochta, chomh maith le rioscaí sa chóras airgeadais, a thuiscint níos fearr, monatóireacht níos fearr a dhéanamh orthu agus iad a bhainistiú níos fearr. Chomh maith leis sin, déanaimid measúnú ar thionchar eacnamaíoch na mbeartas a bhaineann leis an aeráid agus fiosraímid an gaol idir an aeráid, an dúlra agus an geilleagar.

Tuilleadh maidir le rioscaí aeráide a bhainistiú
Tacú leis an aistriú glas

Tacaímid le haistriú ordúil go geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de ag úsáid bearta atá laistigh dár sainordú. Áirítear leis seo airgeadas inbhuanaithe a fhorbairt agus dreasachtaí a chruthú le haghaidh córas airgeadais níos glaise.

Tuilleadh maidir le tacú leis an aistriú glas
Gníomhaíocht níos leithne a chothú

Cuidímid le feabhas a chur ar an tuiscint ghinearálta ar rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus leis an dúlra, agus oibrímid i ndlúthchomhar le comhpháirtithe Eorpacha agus idirnáisiúnta ar ábhair aeráide agus airgeadais inbhuanaithe. Oibrímid freisin chun trédhearcacht ár ngníomhaíochtaí a fheabhsú, agus chun ár dtionchar féin ar an gcomhshaol a laghdú.

Tuilleadh maidir le gníomhaíocht níos leithne a chothú

Ár gcur chuige

Táimid ag gníomhú cheana féin an oiread agus is féidir laistigh dár sainordú. Agus, déanaimid ár straitéis aeráide a oiriúnú i gcomhréir leis na feabhsuithe leanúnacha ar na sonraí agus ar na samhlacha a úsáidimid chun rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus leis an dúlra a thuiscint.

Gníomhaíocht aeráide leanúnach sa Bhanc Ceannais Eorpach

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Sracfhéachaint ar ár bplean aeráide agus dúlra 2024-2025

Tá trí réimse fócais sainaitheanta againn a threoróidh ár ngníomhaíochtaí in 2024 agus 2025.

Tuilleadh faoin bplean

Maoirseacht baincéireachta

Mar chuid dár ról maoirseachta, táimid freagrach as a áirithiú go ndéanann bainc rioscaí a bhainistiú, lena n-áirítear na rioscaí sin a eascraíonn as an athrú aeráide. Sin an fáth a bhfuilimid ag obair chun ceisteanna a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol a chur san áireamh inár maoirseacht.

Foghlaim tuilleadh

Cosaint an chomhshaoil

Táimid ag obair go leanúnach dá bhrí sin chun an lorg comhshaoil a bhaineann lenár ngníomhaíochtaí corparáideacha laethúla a laghdú.

Foghlaim tuilleadh

Ár nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid

Mar chuid dár dtiomantas do thrédhearcacht agus do na cuspóirí aeráide atá againn, nochtaimid faisnéis go rialta faoi lorg carbóin ár n-infheistíochtaí agus faoin riosca a bhaineann leo don aeráid.

Tuilleadh faoinár nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid

Straitéis agus comhordú inmheánach

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

An t-ionad um athrú aeráide

Chuireamar ar bun an t-ionad um athrú aeráide chun cabhrú lenár gclár oibre aeráide a mhúnlú agus a stiúradh, trí obair agus saineolas a thabhairt le chéile ó réimsí éagsúla gnó.

Preasráiteas

An bealach atá romhainn i dtreo todhchaí níos glaise

Cad atá amach romhainn inár n-obair ar an athrú aeráide in 2024 agus 2025? Cén chaoi a rachaimid i ngleic le rioscaí airgeadais ó chailliúint agus díghrádú an dúlra?

I bPodchraoladh an Bhainc Ceannais Eorpaigh, scrúdaíonn ár láithreoir Stefania Secola agus ceannasaí an ionaid um athrú aeráide Irene Heemskerk ár bplean aeráide agus dúlra.

Éist le Podchraoladh an Bhainc Ceannais Eorpaigh maidir lenár bplean aeráide agus dúlra

Gach leathanach sa rannóg seo