Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Féach an leagan Béarla den leathanach seo le do thoil chun an t-eolas is déanaí a fháil.

Cogadh na Rúise ar an Úcráin

Seasaimid le muintir na hÚcráine

Ba chor cinniúnach don Eoraip é ionradh na Rúise ar an Úcráin ar an 24 Feabhra 2022. Tá a lántacaíocht curtha in iúl ag an gComhairle Rialaithe do mhuintir na hÚcráine. 

Cuirfimid na smachtbhannaí atá cinnte ag an Aontas Eorpach agus na rialtais Eorpacha chun feidhme agus táimid réidh le cibé gníomh is gá a dhéanamh chun cobhsaíocht praghsanna agus airgeadais sa limistéar euro a áirithiú. 

An beartas airgeadaíochta i bhfianaise an chogaidh san Úcráin 

Déanann an Chomhairle Rialaithe a cinntí beartais airgeadaíochta gach sé seachtaine agus cuireann an tUachtarán agus an Leas-Uachtarán iad i láthair ag preasócáid.

Preasócáidí

Cén tionchar atá ag an gcogadh ar ár ngeilleagar?

Tá fíor-éiginnteacht anois ann maidir leis an ionchas don fhás eacnamaíoch agus do bhoilsciú sa limistéar euro i ngeall ar an gcogadh san Úcráin. 

Foilsímid ár réamh‑mheastacháin mhaicreacnamaíocha gach ráithe agus bíonn tionchar acu sin ar ár gcinntí beartais airgeadaíochta.

Réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Cén tionchar atá ag an gcogadh ar bhoilsciú?

Is tragóid dhaonna é cogadh gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Tá an cogadh ag imirt tionchar eacnamaíoch ar an Úcráin agus ar thíortha eile chomh maith. Díríonn Blag an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar bhoilsciú sa chéad bhlag i sraith blaganna a bhaineann leis an ionradh. 

Léigh tuilleadh anseo

Dídeanaithe ón Úcráin sa limistéar euro

Tá na milliúin de mhuintir na hÚcráine ar a dteitheadh óna dtír féin mar gheall ar chogadh gan údar na Rúise. Tá tearmann faighte ag go leor díobh sa limistéar euro agus tá méadú dá réir ar an bhfórsa oibre atá ar fáil ann. Baineann an Banc Ceannais Eorpach úsáid as sonraí nua chun léargas a fháil ar an áit a bhfuil teifigh ón Úcráin agus ar a ndéimeagrafaic. 

Read more

An bhfuil tuilleadh eolais uait?

Oibrímid chun cabhrú leatsa. Bí i dteagmháil má bhíonn aon cheist agat.