Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

Cinntí beartais airgeadaíochta

10 Márta 2022

Is cor cinniúnach don Eoraip é ionradh na Rúise ar an Úcráin. Cuireann an Chomhairle Rialaithe a lántacaíocht do mhuintir na hÚcráine in iúl. Cinnteoidh sí dálaí leachtachta réidh agus cuirfidh sí na smachtbhannaí i bhfeidhm ar chinn an tAontas Eorpach agus rialtais Eorpacha orthu. Déanfaidh an Chomhairle Rialaithe pé gníomh is gá chun sainordú an Bhainc Ceannais Eorpaigh a chomhlíonadh, is é sin, cobhsaíocht praghsanna a shaothrú agus cobhsaíocht airgeadais a choimirciú.

Clár ceannaithe sócmhainní (APP)

Bunaithe ar a measúnuithe nuashonraithe agus an timpeallacht éiginnte á cur san áireamh, rinne an Chomhairle Rialaithe athbhreithniú inniu ar a sceideal ceannaigh le haghaidh APP sna míonna atá romhainn. Beidh luach €40 billiún le glancheannacháin mhíosúla faoi APP i mí Aibreáin, luach €30 billiún leo i mí na Bealtaine agus luach €20 billiún i mí an Mheithimh. Beidh calabrú na nglancheannachán le haghaidh an tríú ráithe ag brath ar shonraí agus beidh sé ina léiriú ar a measúnú athraitheach ar an ionchas. Má thagann na sonraí a thiocfaidh isteach leis an tuar nach mbeidh laghdú ar an ionchas boilscithe meántéarmach fiú tar éis dúinn deireadh a chur le glancheannacháin sócmhainní, cuirfidh an Chomhairle Rialaithe deireadh le glancheannacháin faoi APP sa tríú ráithe. Má thagann athrú ar an ionchas boilscithe meántéarmach agus má tharlaíonn sé nach bhfuil dálaí airgeadais ag teacht le tuilleadh dul chun cinn i dtreo ár sprice, is í sin 2 %, seasaimid réidh chun ár sceideal le haghaidh glancheannachán a athbhreithniú ó thaobh méide agus/nó faide de.

Na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis arna gceannach faoi APP atá ag teacht in aibíocht, tá sé beartaithe ag an gComhairle Rialaithe leanúint dá n‑infheistiú ina n‑iomláine ar feadh tréimhse ama fhadaithe tar éis an dáta a thosóidh sí ag ardú phríomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus, i gcás ar bith, chomh fada agus is gá chun dálaí leachtachta fabhracha agus freastal airgeadaíochta fairsing a choimeád ar bun.

Príomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Fanfaidh an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe, an ráta úis ar an tsaoráid iasachta imeallach agus an ráta úis ar an tsaoráid taisce gan athrú ag 0.00%, 0.25% agus −0.50% faoi seach.

Coigeartuithe ar bith atá le déanamh ar phríomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh, déanfar iad sin ar bhealach céimnitheach tamall tar éis deireadh a chur le glancheannacháin na Comhairle Rialaithe faoi APP. Leanfar de chonair phríomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh a bhunú ar réamhthreoir na Comhairle Rialaithe agus ar a gealltanas straitéiseach boilsciú a chobhsú ag 2 % sa mheántéarma. Dá réir sin, measann an Chomhairle Rialaithe go gcoimeádfar príomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag na rátaí ag a bhfuil siad faoi láthair go dtí go bhfeictear di go mbainfear boilsciú ag ráta 2 % amach i bhfad roimh dheireadh thréimhse a réamh-mheastacháin agus go dtí go measann sí dul chun cinn leordhóthanach a bheith déanta maidir le boilsciú bunúsach le go mbeidh sé comhsheasmhach le cobhsú an bhoilscithe ag 2 % sa mheántéarma.

Clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP)

Sa chéad ráithe de 2022, tá an Chomhairle Rialaithe ag déanamh glancheannacháin sócmhainní faoi PEPP ag luas níos moille ná an ráithe roimhe seo. Cuirfidh sí deireadh le glancheannaithe sócmhainní faoi PEPP ag deireadh mhí an Mhárta 2022.

Na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis arna gceannach faoi PEPP atá ag teacht in aibíocht, tá sé i gceist ag an gComhairle Rialaithe na híocaíochtaí sin a athinfheistiú go dtí deireadh 2024 ar a luaithe. I gcás ar bith, déanfar scor céimnitheach phunann PEPP amach anseo a bhainistiú ionas nach gcuirfidh sé isteach ar an seasamh beartais airgeadaíochta iomchuí.

Léiríodh i rith na paindéime, agus dálaí struis ann, gur cuidiú a bhí sa tsolúbthacht maidir le dearadh agus cur i gcrích ceannachán sócmhainní chun dul i ngleic le tarchur beartais airgeadaíochta lagaithe agus gurb éifeachtaí iarrachtaí na Comhairle Rialaithe a cuspóir a bhaint amach de bharr na solúbthachta sin. Laistigh de shainordú na Comhairle Rialaithe, agus dálaí struis ann, beidh an tsolúbthacht sin fós mar chuid den bheartas airgeadaíochta i gcás ar bith ina gcuirfear gnóthú na cobhsaíocht airgeadaíochta i mbaol de dheasca bagairt ar tharchur beartais airgeadaíochta. Go háirithe, i gcás ilroinnt margaidh athnuaite, féadfar athinfheistíochtaí PEPP a choigeartú ar bhealach solúbtha ó thaobh ama de, agus ar fud aicmí airgeadais agus dlínsí, am ar bith. D’fhéadfadh ceannach bannaí arna n‑eisiúint ag an bPoblacht Heilléanach a bheith san áireamh leis sin de bhreis ar rolladh fuascailtí chun cur isteach ar íocaíochtaí sa dlínse sin a sheachaint, rud a d’fhéadfadh tarchur an bheartais airgeadaíochta chuig geilleagar na Gréige a lagú fad is atá sé fós ag téarnamh ó thionchar na paindéime. D’fhéadfaí tús a chur an athuair le glancheannacháin faoi PEPP, dá mba ghá, chun dul i ngleic le turraingí diúltacha a bhaineann leis an bpaindéim.

Oibríochtaí athmhaoinithe

Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe d’fhaireachán a dhéanamh ar dhálaí cistiúcháin banc agus áiritheoidh sí nach gcuirfidh teacht in aibíocht oibríochtaí faoin tríú sraith oibríochtaí athmhaoinithe spriocdhírithe fhadtéarmacha (TLTRO III) isteach ar tharchur mín a beartais airgeadaíochta. Déanfaidh an Chomhairle Rialaithe measúnú ar bhonn rialta ar an gcaoi a bhfuil oibríochtaí athmhaoinithe spriocdhírithe ag cur lena seasamh beartais airgeadaíochta. Mar a fógraíodh, measann sí go dtiocfaidh deireadh leis na coinníollacha speisialta is infheidhme faoi TLTRO III i Meitheamh na bliana seo. Déanfaidh an Chomhairle Rialaithe measúnú freisin ar chalabrú iomchuí a córas dhá leibhéal le haghaidh íocaíocht cúlchiste ionas nach gcuirfear srian le cumas idirghabhála banc le beartas an ráta úis dhiúltaigh i dtimpeallacht ina bhfuil leachtacht bhreise fhairsing ann.

Línte leachtachta le bainc cheannais nach bhfuil sa limistéar euro

I ngeall ar an timpeallacht rí‑éiginnte atá ann de dheasca ionradh na Rúise ar an Úcráin agus ar riosca iarmhairtí réigiúnacha a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar mhargaí airgeadais an limistéir euro, chinn an Chomhairle Rialaithe síneadh a chur leis an tsaoráid comhaontuithe athcheannaigh le haghaidh bainc cheannais (EUREP) go dtí an 15 Eanáir 2023. Leanfaidh EUREP, dá bhrí sin, de chur leis na gnáthshocruithe leachtachta euro atá ann do bhainc cheannais nach bhfuil sa limistéar euro. Is tacar cuimsitheach saoráidí cúlstop iad seo le chéile chun dul i ngleic le riachtanais fhéideartha leachtachta euro i gcás mífheidhmeanna margaidh lasmuigh den limistéar euro a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar tharchur réidh bheartas airgeadaíochta an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Maidir le hiarratais ó bhainc cheannais nach bhfuil sa limistéar euro ar línte leachtachta aonair, déanfaidh an Chomhairle Rialaithe iad a mheas ar bhonn cás‑ar‑chás.

***

Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena hionstraimí uile a choigeartú, de réir mar is iomchuí, chun a áirithiú go gcobhsófar boilsciú ag an sprioc, is í sin 2%, sa mheántéarma.

Déanfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh trácht ar na breithnithe a bhí mar bhunús leis na cinntí seo ag preasráiteas a thosóidh ag 14:30 CET inniu.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar a chinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa