- PREASRÁITEAS
Seolann BCE comórtas dearaidh do nótaí bainc euro a bheidh ann amach anseo
15 Iúil 2025
- Iarrtar ar dhearthóirí ar fud na hEorpa iarratas a dhéanamh ón 15 Iúil 2025 amach
- Beidh an t-ardán um iarratais ar oscailt go dtí an 18 Lúnasa 2025
- Meastar go ndéanfaidh an Chomhairle Rialaithe a cinneadh maidir leis an dearadh críochnaitheach faoi dheireadh 2026 tar éis suirbhé poiblí
Inniu, sheol an Banc Ceannais Eorpach (BCE) comórtas poiblí do dhearadh na nótaí bainc a bheidh ann amach anseo – an chéad chéim eile i bpróiseas athdheartha na nótaí bainc euro. Tá dhá théama fhéideartha roghnaithe cheana féin ag Comhairle Rialaithe BCE le haghaidh na nótaí bainc a bheidh ann amach anseo tar éis di dul i gcomhairle le saineolaithe agus leis an bpobal. Is iad sin: “Cultúr na hEorpa”, a dhíríonn ar spásanna cultúir comhroinnte agus ar Eorpaigh thábhachtacha, agus “Aibhneacha agus éin”, a dhíríonn ar athléimneacht agus éagsúlacht éiceachórais nádúrtha na hEorpa. I mí Eanáir, roghnaigh an Chomhairle Rialaithe móitífeanna freisin chun an dá théama fhéideartha a léiriú.
Is é is aidhm don chomórtas dearaidh, a bhféadfaidh dearthóir grafaicí a bhfuil cónaí orthu san Aontas Eorpach páirt a ghlacadh ann, teacht ar na tograí dearaidh is fearr le haghaidh na nótaí bainc euro a bheidh ann amach anseo. Dhá chéim a bheidh sa chomórtas: céim an iarratais agus céim an togra dearaidh. Le linn chéim an iarratais, ní mór do na dearthóirí na ceanglais shonracha atá liostaithe san fhógra comórtais a chomhlíonadh. Déanfar measúnú ar na hiarratasóirí de réir a gcáilíochtaí agus a n-éachtaí.
Tabharfar cuireadh do dhearthóirí roghnaithe páirt a ghlacadh sa dara céim agus a dtograí dearaidh a chur isteach. Déanfaidh grúpa saineolaithe neamhspleácha – Giúiré an Chomórtais Dearaidh – meastóireacht ar na tograí agus roghnóidh siad suas le cúig dhearadh in aghaidh an téama.
“Tá níos mó i gceist leis an euro ná airgeadra – is siombail é ar aontacht agus éagsúlacht na hEorpa. Trí bhíthin an chomórtais seo tá cuireadh á thabhairt againn do dhearthóirí ar fud na hEorpa na nótaí bainc a bheidh againn amach anseo a mhúnlú ionas go dtabharfar léiriú ar ár bhféiniúlacht chultúir chomhroinnte agus ár n-oidhreacht nádúrtha” a dúirt Uachtarán BCE, Christine Lagarde.
Tar éis an chomórtais, tabharfar deis don phobal aiseolas a thabhairt ar na dearaí a roghnaíodh. Meastar go ndéanfaidh an Chomhairle Rialaithe cinneadh maidir leis an dearadh críochnaitheach faoi dheireadh 2026. Beidh na nótaí bainc nua réidh le dul i gcúrsaíocht roinnt blianta tar éis an chinnidh seo agus tar éis an phróisis táirgthe. Chun faisnéis mhionsonraithe a fháil faoin gcomórtas, féach suíomh gréasáin BCE agus Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Iarrtar ar dhearthóirí ar spéis leo páirt a ghlacadh sa chomórtas a n-iarratas a chur isteach faoi 12:00 CET an 18 Lúnasa.
Is féidir leis na meáin a gcuid ceisteanna a sheoladh chuig Alessandro Speciale, teil: +49 69 172 1670791, nó chuig Benoit Deeg, teil.: +49 172 1683704.
Nótaí
- Tá sé de dhualgas ar BCE agus ar bhainc cheannais náisiúnta an limistéir euro a chinntiú go leanfaidh nótaí bainc euro de bheith ina modh íocaíochta nuálach, slán agus éifeachtúil. Gnáthchleachtas do na bainc cheannais uile is ea sraith nua nótaí bainc a fhorbairt go rialta. I ndomhan ina bhfuil teicneolaíochtaí macasamhlaithe nótaí bainc ag athrú go tapa agus inar féidir le góchumadóirí rochtain éasca a fháil ar fhaisnéis agus ar ábhair, is gá nótaí bainc nua a eisiúint ar bhonn rialta. Chomh maith le breithnithe slándála, tá rún daingean ag BCE laghdú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag nótaí bainc euro ar an gcomhshaol le linn a saolré, agus ag an am céanna luí leis na nótaí bainc euro a bheith ag Eorpaigh de gach aois agus de gach cúlra mar aon le hiad a bheith níos cuimsithí d’Eorpaigh, lena n-áirítear grúpaí leochaileacha amhail daoine lagamhairc. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach ar an leathanach nótaí bainc amach anseo ar shuíomh gréasáin BCE.
- Is é an téama atá ag nótaí bainc an euro faoi láthair ná “Aoiseanna agus stíleanna” agus is fuinneoga, doirse agus droichid atá bunaithe ar stíleanna ailtireachta ó thréimhsí éagsúla i stair na hEorpa na móitífeanna is mó atá ar gach nóta bainc. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach ar an leathanach Gnéithe dearaidh ar shuíomh gréasáin BCE.
Banc Ceannais Eorpach
Stiúrthóireacht Cumarsáide
- Sonnemannstrasse 20
- 60314 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
- +49 69 1344 7455
- media@ecb.europa.eu
Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.
An Oifig Preasa