Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha

Tá sé d’aidhm ag na réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha staid fhoriomlán an gheilleagair a thuar agus a thuiscint. Tá faisnéis iontu a bhaineann leis an bhfás eacnamaíoch, boilsciú, pá, dífhostaíocht agus trádáil.

Cruthaíonn baill foirne an Eurochórais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha ina gcumhdaítear an t‑ionchas don limistéar euro agus don gheilleagar domhanda. Úsáidtear na réamh‑mheastacháin seo chun cur le measúnú Chomhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar fhorbairtí eacnamaíocha agus ar rioscaí cobhsaíochta praghsanna.

Foilsítear iad ceithre huaire sa bhliain (i mí an Mhárta, mí an Mheithimh, mí Mheán Fómhair agus mí na Nollag).

Márta 2024
Sracfhéachaint

An t‑ionchas boilscithe

Ba cheart go laghdódh boilsciú sna blianta beaga amach romhainn, ach is laghdú níos moille a bheidh ann ná mar a chonacthas in 2023. Mar gheall ar bhrúnna costais atá ag dul i léig agus tionchar bheartas airgeadaíochta an Bhainc Ceannais Eorpaigh, ba cheart go laghdódh boilsciú foriomlán ó 5.4% in 2023 go 2.3% in 2024 agus ansin go 2.0% in 2025, ag baint amach 1.9% in 2026.

Léigh tuilleadh
An t‑ionchas olltáirgeachta intíre

Fanfaidh fás eacnamaíoch lag sa ghearrthéarma mar gheall ar dhálaí maoiniúcháin dochta agus muinín lag. De réir mar a laghdaíonn boilsciú, mar a théarnaíonn ioncam teaghlaigh agus mar a neartaíonn éileamh eachtrach, ba cheart go méadódh fíor-OTI 0.6% in 2024, 1.5% in 2025 agus 1.6% in 2026.

Léigh tuilleadh

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

An tuarascáil iomlán

Tá measúnú mionsonraithe sa tuarascáil fhoriomlán ar an ionchas do gheilleagar an limistéir euro.

Léigh an tuarascáil ina hiomláine

Réamh-mheastacháin reatha agus san am atá caite

Déan comparáid idir ár réamh-mheastacháin bhoilscithe agus fáis eacnamaíoch roimhe seo. Is féidir réamh-mheastacháin roimhe seo don limistéar euro agus do thíortha sa limistéar euro a íoslódáil anseo.

Na réamh-mheastacháin uile uainn

Gach leathanach sa rannóg seo