Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Céard a dhéanann an Banc Ceannais Eorpach duitse?

Is cobhsaíocht a bhaint amach an cúram is tábhachtaí atá orainn

Teastaíonn cobhsaíocht ó gach duine agus is é an príomhchúram atá orainn sa Bhanc Ceannais Eorpach ná praghsanna a choinneáil cobhsaí. Go bunúsach, déanaimid níos éasca duitse é a bheith ag pleanáil, a bheith ag sábháil agus a bheith ag infheistiú do do thodhchaí. Ach céard a chiallaíonn sé sin i gcleachtas? Cén chaoi go díreach a mbíonn tionchar ag ár gcuid oibre ortsa agus ar na nithe atá tábhachtach duit?

Féach ar ár leathanach Instagram agus foghlaim tuilleadh Céard a dhéanann an Banc Ceannais Eorpach duitse?

Mar a théann an obair a dhéanaimid chun tairbhe duitse

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Is féidir leat muinín a bheith agat as an euro

Tugaimidne aire den euro, ár n-airgeadra coiteann. Is féidir leatsa agus 346 milliún Eorpach muinín a bheith agaibh as an euro, ag baile agus nuair atá sibh ag taisteal, ag staidéar nó ag obair thar lear. Cuireann an euro i gcuimhne dúinn gach lá go bhfuil síocháin, saoirse agus rathúlacht againn mar gheall gur oibríomar le chéile.

Foghlaim tuilleadh faoin tairbhe a bhaineann tusa as ár n-airgeadra coiteann

Is féidir leat do thodhchaí a phleanáil le níos mó muiníne

Déanaimidne níos éasca duit é do thodhchaí a phleanáil. Cén bealach? Déanaimidne nithe amhail príomhrátaí úis a shocrú chun aghaidh a thabhairt ar bhoilsciú. Cuidímid freisin chun an córas airgeadais a choinneáil ag imeacht go réidh trí rioscaí do chobhsaíocht airgeadais a laghdú. Mar sin is féidir leatsa an bealach le do chuid airgid a shábháil agus a chaitheamh a phleanáil le muinín.

Faigh amach tuilleadh faoin gcaoi a chuidímidne leat do thodhchaí a phleanáil

Tá do chuid airgid sábháilte i mbainc an limistéir euro

An bhfuil do chuid airgid sábháilte sa bhanc? Tá, má chuireann tusa do chuid airgid i mbanc sa limistéar euro, is féidir leat a bheith cinnte de go bhfuil sé sábháilte. Cinntíonn maoirseacht sheasta, chaighdeánaithe go bhfanann do bhanc rathúil agus go bhfuil sé ábalta aon tuairt a sheasamh.

Féach ar Sracfhéachaint ar an maoirseacht baincéireachta Eorpach

Cé na bealaí eile atá againn chun cobhsaíocht a bhaint amach?

Cuidíonn an obair a dhéanaimid lena chinntiú go gcoinníonn do chuid airgid a luach agus go bhfásann an geilleagar timpeall ort. Sin bealach amháin a chuirimid cobhsaíocht ar fáil.  Féach ar an bhfíseán seo chun na bealaí eile a fháil amach: