Tabhair cuairt orainn
AR AN LEATHANACH SEO
Déanaimid ár ndícheall a bheith trédhearcach, inrochtana agus intuigthe do gach saoránach
Tá Ionad Cuairteoirí an Bhainc Ceannais Eorpaigh lonnaithe inár bpríomhfhoirgneamh in Frankfurt am Main, an Ghearmáin. Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim faoi ról agus faoi fhreagrachtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar bhealach idirghníomhach ach cuairt a thabhairt orainn. Is féidir leat tuiscint níos fearr a fháil freisin ar an tionchar a bhíonn ag ár gcinntí ar do shaol laethúil.
Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach go gcoimeádtar praghsanna cobhsaí agus cén tionchar a bhíonn aige sin ar do chumhacht ceannaigh? Conas is féidir linn a chinntiú go bhfuil do chuid coigiltis sábháilte i do bhanc? Cad iad na príomhéachtaí a baineadh amach leis an euro?
An bhfuil spéis agat tuilleadh a fhoghlaim? Féach ar na gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl inár nIonad Cuairteoirí
Gníomhaíochtaí san Ionad Cuairteoirí
INSERTED BY ANONYMOUS PROXY
Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more
Turais ar an Ionad Cuairteoirí
Tugann ár dturais 75 nóiméad (do ghrúpaí 1-40 rannpháirtí), arna n-óstáil ag foireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh, léargas ar róil agus ar fhreagrachtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Tá siad saor in aisce agus ar siúl ón Luan go dtí an Aoine ag sliotáin ama shocraithe. Ní mór d’áit ar thuras a chur in áirithe seachtain amháin roimh ré ar a laghad.
Iarr turasLéachtaí ar an láthair
Tá ár léachtaí ar an láthair faoi ábhair ar leith (forléargas ar an institiúid, beartas airgeadaíochta, maoirseacht baincéireachta, an euro digiteach, agus an t-athrú aeráide) dírithe ar ghrúpaí a bhfuil tuiscint mhaith acu ar shainordú an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Níl aon chostas ag baint leis na léachtaí 60 nóiméad seo agus is féidir le grúpaí 15-80 rannpháirtí freastal orthu. Má tá do ghrúpa róbheag chun léacht a iarraidh, is féidir leat páirt a ghlacadh i léacht atá eagraithe do ghrúpa eile.
Iarr léacht ar an láthairLéachtaí fíorúla
Tá ár léachtaí fíorúla faoi ábhair ar leith (forléargas ar an institiúid, beartas airgeadaíochta, maoirseacht baincéireachta, an euro digiteach, agus an t-athrú aeráide) dírithe ar ghrúpaí a bhfuil tuiscint mhaith acu ar shainordú an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Níl aon chostas ag baint leis na léachtaí fíorúla 60 nóiméad seo.
Iarr léacht fhíorúilTurais ar an bPríomhfhoirgneamh
Glac páirt sna turais seo chun cuairt a thabhairt ar páirteanna éagsúla dár bpríomhfhoirgneamh. Faigh amach faoi stair agus ailtireacht an fhoirgnimh agus tabharfaimid léargas duit freisin ar a bhfuil i gceist le bheith ag obair anseo.
Cuairteanna eile
INSERTED BY ANONYMOUS PROXY
Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more
Cuairt ar chuimhneachán na nGiúdach
Cuid an-dorcha de stair an phríomhfhoirgnimh is ea é gur baineadh úsáid as íoslann Grossmarkthalle sa Dara Cogadh Domhanda mar phointe tionóil do níos mó ná 10 000 Giúdach. Aistríodh na daoine sin ón íoslann ar traein go dtí sluachampaí géibhinn agus sluachampaí díothaithe. Is féidir cuairt a thabhairt ar an gcuimhneachán ach turas a chur in áirithe le Músaem Giúdach Frankfurt.
Tabhair cuairt ar Mhúsaem na nGiúdach, FrankfurtTaispeántas Elsaesser
Ba é an t-ailtire Martin Elsaesser a dhear an Grossmarkthalle i lár an phríomhfhoirgnimh agus tógadh é le linn 1926 agus 1928. Ag an am sin bhí sé ar cheann de na foirgnimh ba mhó in Frankfurt agus ba é an t-aon struchtúr concréide treisithe saor é ar domhan.
Cláraigh le haghaidh turas treoraithe arna eagrú ag Fondúireacht Elsaesser (i nGearmáinis amháin)