Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)

Meitheamh 2022

24 Meitheamh 2022

Cumarsáid sheachtrach

Ráiteas tar éis an chruinnithe ad hoc de chuid Chomhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh

An 15 Meitheamh 2022, bhí cruinniú ad hoc ag an gComhairle Rialaithe chun tuairimí a mhalartú maidir le staid an mhargaidh faoi láthair. Tá an preasráiteas lena mbaineann ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí

Cur siar ionghabháil mhargadh na Cróite i gCóras Socraithe Íocaíochtaí Meandracha TARGET (TIPS)

An 27 Bealtaine 2022, thug an Chomhairle Rialaithe na cúiseanna lena mbaineann dá haire agus d’fhormheas sí go gcuirfí ionghabháil mhargadh na Cróite siar go ceann sé mhí, eadhon, go mbeidh sí críochnaithe roimh dheireadh Mheitheamh 2023 ar a dhéanaí. Maidir le haontachas beartaithe na Cróite sa limistéar euro atá le tarlú an 1 Eanáir 2023 faoi réir chinneadh Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha riachtanacha, d’fhágfadh sé gur gá go ndéanfaí margadh na Cróite a ionghabháil in TIPS láithreach i ndiaidh aontachas na Cróite leis an euro, an t‑am céanna a ghlacfadh Hrvatska narodna banka páirt in TARGET2 mar bhanc ceannais sa limistéar euro. Baineann an phríomhchúis atá leis an gcur siar leis an gcomhtharlúint go gcuirfear i bhfeidhm mórthionscadal de chuid an Eurochórais, is é sin, comhdhlúthú TARGET2/urrúis TARGET2 (T2-T2S), i Samhain 2022, rud a chuirfeadh bac le tástáil leordhóthanach TIPS agus le haistriú mhargadh na Cróite. Ina theannta sin, leis na gníomhaíochtaí iomadúla a bheidh le déanamh ionas go mbeidh pobal baincéireachta na Cróite in ann a n‑airgeadra a mhalartú go euro, d’fhéadfaí go gcuirfí bac le hullmhacht an phobail sin teagmháil trasteorann a dhéanamh le haghaidh íocaíochtaí láithreacha roimh dháta beartaithe an aontachais. Ní chuirfear ionghabháil thráthúil in TARGET2 mar bhanc ceannais limistéir euro siar agus ní bheidh tionchar ag an gcinneadh seo uirthi.

Aontú maidir le rochtain údarás ábhartha (ÚRanna) ar stór mainneachtana socraíochtaí an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (ÚEUM)

An 2 Meitheamh 2022, thug an Chomhairle Rialaithe forálacha rialála dá haire lena gceanglaítear ar thaisclanna lárnacha urrús (CSDanna) sonraí maidir le mainneachtana socraíochtaí a thuairisciú do bhainc ceannais de chuid an Aontais Eorpaigh ina gcáil mar ÚRanna agus thug sí tairiscint ÚEUM do bhainc ceannais de chuid an Aontais Eorpaigh dá haire rochtain a cheadú gan costas ar na sonraí mainneachtana socraíochtaí atá aige trína stór agus d’fhormheas sí an comhaontú idir ÚEUM agus an Córas Eorpach Banc Ceannais (CEBC) maidir le rochtain ÚRanna ar stór mainneachtana socraíochtaí ÚEUM. Le stór ÚEUM, tá modh amháin tuairiscithe ar fáil i bhformáid tuairiscithe chomhtháite. Agus an stór in úsáid, ní bheadh ar gach ÚR córas TF comhthreomhar a fhorbairt chun sonraí arna bhfáil ó CSDanna a bhailiú, a stóráil agus a úsáid agus ba lú an t‑uallach tuairiscithe a bheadh ar CSDanna dá réir. Síneoidh ÚEUM an gníomhartha iltaobhach go luath mar sholáthraí seirbhíse agus síneoidh na bainc cheannais sin de chuid an Aontais Eorpaigh ar mian leo a bheidh mar chomhpháirtithe leis an gcomhaontú í go luath freisin.

Tuarascáil Bhliantúil TARGET 2021

An 2 Meitheamh 2022, thug an Chomhairle Rialaithe Tuarascáil Bhliantúil TARGET 2021 dá haire agus foilsíodh ina dhiaidh sin í ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh in éineacht le preasráiteas. Cuirtear faisnéis ar fáil sa tuarascáil maidir le trácht agus feidhmíocht TARGET2 (T2) agus faoi na príomhfhorbairtí a tharla in 2021. San áireamh ann tá seacht mbosca maidir le topaicí a bhfuil ábharthacht ar leith leo in 2021: an éabhlóid ar thrácht T2; nuashonrú maidir le bearta inrochtaineachta pan‑Eorpacha TIPS; peirspictíocht idirnáisiúnta ar íocaíochtaí trasteorann in T2; rannpháirtíocht indíreach in T2; an t‑athbhreithniú seachtrach a rinne Deloitte ar eachtraí a chuaigh i bhfeidhm ar sheirbhísí TARGET in 2020; cumarsáid oibríochtúil le rannpháirtithe T2; agus nuashonrú maidir le tionsacdal comhdhlúite T2-T2S agus seirbhísí RTGS amach anseo.

Ráitis airgeadais T2S 2021

An 17 Meitheamh 2022, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe foilsiú ráitis airgeadais T2S le haghaidh bhliain airgeadais 2021 agus thug sí an tuairim iniúchóireachta seachtraí dá haire. Le foilsiú na ráiteas sin, comhlíontar oibleagáid faoi Chreat Comhaontaithe T2S agus féachtar leis faisnéis a chur ar fáil do chustaiméirí agus do pháirtithe leasmhara T2S, agus don phobal trí chéile, faoi staid airgeadais T2S. Tá na doiciméid ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Comhairle maidir le reachtaíocht

Tuairim BCE maidir le togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 600/2014 maidir le trédhearcacht sonraí margaidh a fheabhsú, deireadh a chur le bacainní ar theacht chun cinn teilitéipe comhdhlúite, oibleagáidí trádála a bharrfheabhsú agus toirmeasc a chur ar íocaíochtaí a fháil d’orduithe cliant a chur ar aghaidh

An 1 Meitheamh 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2022/19 ar iarratas ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Tuairim BCE maidir le bunú agus feidhmiú an phointe rochtana aonair Eorpaigh (ESAP)

An 7 Meitheamh 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2022/20 ar a tionscnamh féin.

Tuairim BCE maidir le híocaíocht le Banc Ceannais na hÉireann i leith idirbhearta áirithe a bhaineann leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta

An 14 Meitheamh 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2022/21 ar iarratas ó Aireacht Airgeadais na hÉireann.

Staitisticí

Creat dlíthiúil nua le haghaidh Bunachar Sonraí Lárnaithe (CSDB) agus táirgeadh staidrimh um eisiúintí urrúis

An 19 Bealtaine 2022, ghlac an Chomhairle Rialaithe: (a) Treoirlíne BCE/2022/25 maidir leis an mBunachar Sonraí Lárnaithe um Urrúis agus táirgeadh staidrimh um eisiúintí urrús agus lena n-aisghairtear Treoirlíne BCE/2012/21 agus Treoirlíne (AE) 2021/834; agus (b) Moladh BCE/2022/26 maidir leis an mBunachar Sonraí Lárnaithe um Urrúis agus táirgeadh staidrimh um eisiúintí urrús agus lena n-aisghairtear Moladh BCE/2012/22. Cuirtear an Treoirlíne arna glacadh – a dhírítear ar bhainc ceannais an Eurochórais – agus an Moladh arna ghlacadh – a dhírítear ar bhainc ceannais náisiúnta nach bhfuil sa limistéar euro, de réir mar is infheidhme – in ionad na Treoirlíne agus an Mholta, faoi seach, a bhí ann cheana. Leis an gcreat dlíthiúil nua, feabhsaítear próisis oibríochtúla CSDB agus áirítear forálacha nua ann maidir le comhdhéanamh staitisticí eisiúintí urrúis bunaithe ar CSDB, arb iad na chéad staitisticí de chuid an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) arna gcur le chéile le micreashonraí i bpróiseas táirgthe atá á oibriú i gcomhpháirt le CEBC.

Comhar Idirnáisiúnta agus Eorpach

Tuarascáil eatramhach maidir le ról idirnáisiúnta an euro

An 19 Bealtaine 2022, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe an tuarascáil maidir le ról idirnáisiúnta an euro agus d’fhormheas sí a foilsiú ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Sa tuarascáil sin, tugtar forbhreathnú ar fhorbairtí maidir le húsáid an euro in 2021 i measc cónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro. I gcomhréir leis an timthriall débhliantúil um fhoilsiú tuarascálacha iomlána fada, is leagan eatramhach atá san eisiúint seo ina ndéantar cur síos ar threochtaí le déanaí. Tá an tuarascáil agus an preasráiteas lena mbaineann ar fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Maoirseacht Baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Clár Scrúdaithe Maoirseachta le haghaidh cigireachtaí ar an láthair agus fiosruithe ar shamhlacha inmheánacha in institiúidí suntasacha le haghaidh na bliana 2022

An 7 Meitheamh 2022, níor chuir an Chomhairle Rialaithe in aghaidh togra ón mBord Maoirseachta Clár Scrúduithe Maoirseachta (SEP) 2022 um chigireachtaí ar an láthair agus um fhiosruithe ar shamhlacha inmheánacha le haghaidh institiúidí suntasacha atá faoi mhaoirseacht baincéireachta Eorpach a fhormheas. Bunaítear SEP ar an láthair ar Thosaíochtaí Maoirseachta 2022-2024 a foilsíodh ar shuíomh gréasáin maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Comhlíonadh Threoirlínte ÚBE um fheabhsú inréiteachta le haghaidh institiúidí agus údaráis réitigh faoi Airteagail 15 agus 16 den Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc (BRRD)

An 8 Meitheamh 2022, ní dhearna an Chomhairle Rialaithe agóid i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta fógra a chur chuig an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), maidir leis na hinstitúidí suntasacha faoina mhaoirseacht dhíreach, go gcomhlíonann an Banc Ceannais Eorpach na treoirlínte maidir le feabhsú inréiteachta le haghaidh institiúidí agus údarás réitigh faoi Airteagail 15 agus 16 BRRD (na Treoirlínte Inréiteachta) (ÚBE/GL/2022/01). Tá sé d’aidhm ag na treoirlínte na caighdeáin idirnáisiúnta atá ann maidir le hinréiteacht a chur i bhfeidhm agus na dea-chleachtais atá forbartha go dtí seo ag údaráis réitigh an Aontais Eorpaigh a mheas. Go háirithe, leagtar amach treoir iontu maidir le hinréiteacht i réimse an leanúnachais oibríochtúil sa réiteach, rochtain ar bhonneagair an mhargaidh airgeadais, maoiniú agus leachtacht sa réiteach, feidhmiú tarrthála inmheánaí, atheagar gnó agus cumarsáid.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa