Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

Cinntí beartais airgeadaíochta

An 27 Deireadh Fómhair 2022

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu ardú 75 bhonnphointe a chur ar na trí phríomhráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach. Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an gComhairle Rialaithe maidir leis an bhfreastal airgeadaíochta a tharraingt siar, agus an tríú hardú ar rátaí úis as a chéile déanta anois aici. Ghlac an Chomhairle Rialaithe cinneadh an lae inniu, agus é measta aici go n-ardóidh sí rátaí úis tuilleadh amach anseo, chun filleadh an bhoilscithe chuig an sprioc mheántéarmach, is í sin 2%, a áirithiú. Bunóidh an Chomhairle Rialaithe an chonair le haghaidh rátaí úis beartais sa todhchaí ar an ionchas boilscithe agus ar an ionchas geilleagrach, i gcomhréir leis an gcur chuige cruinniú‑ar‑chruinniú atá aici.

Tá boilsciú fós i bhfad ró-ard agus fanfaidh sé ag leibhéal os cionn na sprice ar feadh tréimhse fhadaithe. I mí Mheán Fómhair bhí boilsciú sa limistéar euro ag 9.9%. Tá brúnna phraghasanna agus ardaithe boilscithe tar éis scaipeadh le roinnt míonna anuas de dheasca praghsanna fuinnimh agus bia fíor-arda, scrogaill soláthair agus theacht aniar an éilimh tar éis na paindéime. Is é is aidhm le beartas airgeadaíochta na Comhairle Rialaithe laghdú a dhéanamh ar na gnéithe sin a thacaíonn le héileamh, agus cosaint a dhéanamh in aghaidh an riosca go mbuanófar ionchais maidir le harduithe boilscithe.

Chinn an Chomhairle Rialaithe freisin téarmaí agus coinníollacha an tríú sraith d’oibríochtaí athmhaoinithe spriocdhírithe fhadtéarmacha (TLTRO‑III) a athrú. Le linn ghéarthréimhse na paindéime, bhí ról ríthábhachtach ag an ionstraim sin chun cur i gcoinne rioscaí ar an taobh thíos den chobhsaíocht praghsanna. I bhfianaise an ardaithe neamhghnách ar bhoilsciú nach rabhthas ag súil leis, is gá an ionstraim sin a choigeartú anois chun a áirithiú go dtiocfaidh sí le próiseas leathan normalaithe an bheartais airgeadaíochta agus chun tarchur na n‑arduithe rátaí beartais a neartú i gcás dálaí iasachtaithe bainc. Chinn an Chomhairle Rialaithe dá bhrí sin na rátaí úis is infheidhme maidir le TLTRO III a choigeartú ón 23 Samhain 2022 amach agus chun dátaí luath‑aisíochta deonacha a thairiscint do bhainc.

Ar deireadh, chun íocaíocht cúlchistí íosta i seilbh institiúidí creidmheasa ag an Eurochóras a chur in oiriúint ar bhealach níos gaire le dálaí sa mhargadh airgid, chinn an Chomhairle Rialaithe íocaíocht cúlchistí a shocrú ag ráta shaoráid taisce an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Cuirfear sonraí na n‑athruithe ar théarmaí agus coinníollacha TLTRO III ar fáil i bpreasráiteas ar leith a fhoilseofar ag 15:45 CET. Foilseofar preasráiteas teicniúil eile freisin ag 15:45 CET ina sonrófar na hathruithe ar íocaíocht cúlchistí íosta.

Príomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Chinn an Chomhairle Rialaithe ardú 75 bhonnphointe a chur ar na trí phríomhráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach. Dá réir sin, ardófar an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe agus na rátaí úis ar an tsaoráid iasachta imeallach agus ar an tsaoráid taisce go 2.00%, 2.25% agus 1.50% faoi seach le teacht i bhfeidhm an 2 Samhain 2022.

Clár ceannaithe sócmhainní (APP) agus clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP)

Na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis arna gceannach faoi APP atá ag teacht in aibíocht, tá sé beartaithe ag an gComhairle Rialaithe leanúint dá n‑infheistiú ina n‑iomláine ar feadh tréimhse ama fhadaithe tar éis an dáta a thosaigh sí ag ardú phríomhrátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus, i gcás ar bith, chomh fada agus is gá chun dálaí leachtachta leordhóthanacha agus freastal airgeadaíochta iomchuí a choimeád ar bun.

Na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis PEPP atá ag teacht in aibíocht, tá sé i gceist ag an gComhairle Rialaithe iad a athinfheistiú go dtí deireadh 2024 ar a luaithe. I gcás ar bith, déanfar scor céimnitheach phunann PEPP amach anseo a bhainistiú ionas nach gcuirfidh sé isteach ar an seasamh beartais airgeadaíochta iomchuí.

Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe léi ag cur solúbthachta i bhfeidhm maidir le hathinfheistiú fuascailtí dlite i bpunann PEPP d’fhonn cur i gcoinne rioscaí in aghaidh mheicníocht tarchurtha an bheartais airgeadaíochta, ar rioscaí iad a bhaineann leis an bpaindéim.

Oibríochtaí athmhaoinithe

Chinn an Chomhairle Rialaithe na rátaí a bhaineann le TLTRO III a choigeartú. Ón 23 Samhain 2022 go dtí an dáta aibíochta nó go dtí dáta na luath‑aisíocaíochta le haghaidh gach oibríocht TLTRO III atá amach, déanfar an ráta úis ar oibríochtaí TLTRO III a innéacsú leis na príomhrátaí úis is infheidhme de chuid an Bhainc Ceannais Eorpaigh don tréimhse sin. Chinn an Chomhairle Rialaithe freisin dátaí luath‑aisíocaíochta breise a thairiscint do bhainc. I gcás ar bith, déanfaidh an Chomhairle Rialaithe measúnú ar bhonn rialta ar an gcaoi a bhfuil oibríochtaí athmhaoinithe spriocdhírithe ag cur lena seasamh beartais airgeadaíochta.

***

Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena hionstraimí uile a choigeartú laistigh dá sainordú chun a áirithiú go gcobhsófar boilsciú ag an sprioc, is í sin 2%, sa mheántéarma. Tá an Ionstraim Cosanta Tarchurtha ar fáil chun cur i gcoinne dinimicí margaidh neamhordúla nach bhfuil údar leo agus ar an gcaoi sin cuirtear le cumas na Comhairle Rialaithe a sainordú cobhsaíochta praghsanna a shaothrú ar bhealach níos éifeachtúla.

Déanfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh trácht ar na breithnithe a bhí mar bhunús leis na cinntí seo ag preasráiteas a thosóidh ag 14:45 CET inniu.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar ar cinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa