Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

Cinntí beartais airgeadaíochta

16 Márta 2023

Réamh-mheastar go bhfanfaidh boilsciú ró-ard ar feadh rófhada. Dá bhrí sin, chinn an Chomhairle Rialaithe inniu trí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh a ardú 50 bonnphointe, i gcomhréir lena dhiongbháilteacht a chinntiú go dtugtar boilsciú ar ais go pras go dtí an sprioc mheántéarmach 2%. Treisíonn an leibhéal ardaithe neamhchinnteachta an tábhacht atá le cur chuige sonraí-bhunaithe i leith chinntí na Comhairle Rialaithe faoi bheartas rátaí úis, a chinnfear lena measúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú bunúsach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta.

Tá an Chomhairle Rialaithe ag déanamh monatóireacht dhlúth ar theannais sa mhargadh reatha agus tá sí faoi réir freagairt a thabhairt mar is gá chun cobhsaíocht praghsanna agus cobhsaíocht airgeadais a choinneáil sa limistéar euro. Tá earnáil baincéireachta an limistéir euro athléimneach, agus tá staid láidir chaipitil agus leachtachta aici. I gcás ar bith, tá creat uirlisí beartais an Bhainc Ceannais Eorpaigh iomlán ábalta tacaíocht leachtachta a chur ar fáil do chóras airgeadais an limistéar euro más gá agus tarchur réidh beartais airgeadaíochta a choinneáil.

Tugadh réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha nua fhoireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh chun críche ag tús mhí Márta sular tháinig teannais chun cinn le gairid sa mhargadh airgeadais. Mar sin, tugann na teannais seo le fios go bhfuil neamhchinnteacht bhreise ann maidir leis na measúnaithe bonnlíne boilscithe agus fáis. Sular tháinig na forbairtí is déanaí seo chun cinn, bhí coigeartú anuas déanta cheana féin ar an gcosán bonnlíne do bhoilsciú foriomlán, mar gheall go príomha ar ranníocaíocht níos lú ó phraghsanna fuinnimh ná mar a bhí reámh-mheasta. Síleann foireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh anois go mbeidh boilsciú 5.3% ar an meán in 2023, 2.9% ar an meán in 2024 agus 2.1% ar an meán in 2025. Ag an am céanna, tá brúnna bunúsacha praghais fós láidir. Lean boilsciú gan fuinneamh agus bia sa áireamh ag ardú i mí Feabhra agus síleann foireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh gur 4.6% ar an meán a bheidh ann in 2023, ráta atá níos airde ná mar a measadh i réamh-mheastacháin mhí na Nollag. Ina dhiaidh sin, meastar go dtiocfaidh sé anuas go dtí 2.5% in 2024 agus go dtí 2.2% in 2025, de réir mar a bheidh na brúnna aníos ó thurraingí soláthair roimhe seo agus ó athoscailt an gheilleagair ag imeacht agus de réir mar a bheidh beartas airgeadaíochta níos daingne ag cur maolú níos mó ar éileamh.

Tá na réamh-mheastacháin bonnlíne le haghaidh fáis in 2023 coigeartaithe suas go dtí 1.0% ar an meán mar thoradh ar an titim ar phraghsanna fuinnimh agus athléimneacht níos fearr an gheilleagair i leith na timpeallachta idirnáisiúnta dúshlánaí araon. Síleann foireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh ansin go n-ardóidh fás tuilleadh, go 1.6%, in 2024 agus 2025 araon, agus margadh saothair láidir mar thaca faoi, muinín feabhsaithe agus téarnamh i bhfíor-ioncaim. Ag an am céanna, tá an t-ardú a bheidh ar fhás in 2024 agus in 2025 níos laige ná mar a measadh i mí na Nollag, mar gheall ar an daingniú a rinneadh ar bheartas airgeadaíochta.

Eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Chinn an Chomhairle Rialaithe trí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh a ardú 50 bhonnphointe. Dá réir sin, ardófar an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe agus na rátaí úis ar an tsaoráid iasachta imeallach agus ar an tsaoráid taisce go 3.50%, 3.75% agus 3.00% faoi seach, agus tiocfaidh sin i bhfeidhm ón 22 Márta 2023.

Clár ceannaithe sócmhainní (APP) agus clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP)

Tá punann an chláir ceannaithe sócmhainní (CCS) ag laghdú ag ráta measta intuartha, toisc nach ndéanann an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ar fad ó urrúis atá ag teacht in aibíocht a athinfheistiú. Laghdú €15 bhilliún a bheidh ann gach mí ar an meán go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2023 agus cinnfear an luas ina dhiaidh sin le himeacht ama.

Maidir leis na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis CCÉP atá ag teacht in aibíocht, tá sé i gceist ag an gComhairle Rialaithe iad a athinfheistiú go dtí deireadh 2024 ar a luaithe. I gcás ar bith, déanfar scor céimnitheach phunann CCÉP amach anseo a bhainistiú ionas nach gcuirfidh sé isteach ar an seasamh beartais airgeadaíochta iomchuí.

Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe léi ag cur solúbthachta i bhfeidhm maidir le hathinfheistiú fuascailtí dlite i bpunann CCÉP d’fhonn cur i gcoinne rioscaí in aghaidh mheicníocht tarchurtha an bheartais airgeadaíochta, ar rioscaí iad a bhaineann leis an bpaindéim.

Oibríochtaí athmhaoinithe

Ós rud é go bhfuil na méideanna a tógadh ar iasacht faoi na hoibríochtaí athmhaoinithe spriocdhírithe fadtéarmacha á n-íoc ar ais ag na bainc, déanfaidh an Chomhairle Rialaithe measúnú rialta ar an gcaoi a gcuireann oibríochtaí fadtéarmacha iasachtaithe lena seasamh maidir le beartas airgeadaíochta.

***

Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena hionstraimí uile a choigeartú laistigh dá sainordú chun a chinntiú go bhfillfidh boilsciú go dtí a sprioc, is í sin 2%, sa mheántéarma agus chun tarchur réidh beartais airgeadaíochta a choinneáil. Tá creat uirlísí an Bhainc Ceannais Eorpaigh iomlán ábalta tacaíocht leachtachta a chur ar fáil do chóras airgeadais an limistéir euro más gá. Tá an Ionstraim Cosanta Tarchurtha ar fáil chun cur i gcoinne dinimicí margaidh neamhordúla nach bhfuil údar leo agus ar bagairt thromchúiseach iad do tharchur an bheartais airgeadaíochta i ngach tír de chuid an limistéir euro, agus, ar an gcaoi sin, cuirtear le cumas na Comhairle Rialaithe a sainordú cobhsaíochta praghsanna a shaothrú ar bhealach níos éifeachtúla.

Déanfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh trácht ar na breithnithe a bhí mar bhunús leis na cinntí seo ag preasráiteas a thosóidh ar 14:45 CET inniu.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar ar chinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa