Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

Cinntí beartais airgeadaíochta

4 Bealtaine 2023

Leanann an t-ionchas boilscithe de bheith ró-ard ar feadh tréimhse rófhada. I bhfianaise na mbrúnna leanúnacha ó bhoilsciú ard, chinn an Chomhairle Rialaithe inniu ardú 25 bhonnphointe a chur ar na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach. Tríd is tríd, tacaíonn an fhaisnéis atá ag teacht isteach ar an mórgóir leis an measúnú ar an ionchas boilscithe meántéarmach a rinne an Chomhairle Rialaithe ag a cruinniú roimhe seo. Tá boilsciú foriomlán tite le roinnt míonna anuas, ach tá na brúnna bunúsacha praghais fós láidir. Ag an am céanna, tá na harduithe ar rátaí roimhe seo á n-aistriú go tréan chuig coinníollacha cistithe agus airgeadaíochta an limistéir euro, fad a bhfanann moilleanna agus láidreacht an aistrithe chuig an bhfíorgheilleagar neamhchinnte.

Cinnteoidh cinntí amach anseo na Comhairle Rialaithe go dtabharfar na rátaí beartais go dtí leibhéil a bheidh sriantach a ndóthain chun filleadh tráthúil an bhoilscithe go dtí an sprioc meántéarmach 2% a bhaint amach agus é a choinneáil ag na leibhéil sin chomh fada agus a bheidh gá leis. Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe de chur chuige a bheidh ag brath ar shonraí a leanúint chun an leibhéal cuí agus fad an tsrianta a chinneadh. Go háirithe, leanfaidh cinntí na Comhairle Rialaithe faoi bheartas rátaí úis de bheith bunaithe ar a mheasúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú bunúsach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta.

Is iad eochair-rátaí úis an Bhaic Ceannais Eorpaigh fós príomhuirlis na Comhairle Rialaithe chun an seasamh beartais airgeadaíochta a shocrú. I gcomhthráth, leanfaidh an Chomhairle Rialaithe de phunann chlár ceannaithe sócmhainní (CCS) an Eurochórais a laghdú ag ráta measta agus intuartha. I gcomhréir leis na prionsabail seo, tá an Chomhairle Rialaithe ag súil éirí as na hathinfheistíochtaí faoin CCS ó mhí Iúil 2023.

Eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Chinn an Chomhairle Rialaithe trí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh a ardú 25 bhonnphointe. Dá réir sin, ardófar an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe agus na rátaí úis ar an tsaoráid iasachta imeallach agus ar an tsaoráid taisce go 3.75%, 4.00% agus 3.25% faoi seach, agus tiocfaidh sin i bhfeidhm ón 10 Bealtaine 2023.

Clár ceannaithe sócmhainní (CCS) agus clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (CCÉP)

Tá punann an chláir ceannaithe sócmhainní (CCS) ag laghdú ag ráta measta intuartha, toisc nach ndéanann an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ar fad ó urrúis atá ag teacht in aibíocht a athinfheistiú. Laghdú €15 bhilliún a bheidh ann gach mí ar an meán go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2023. Measann an Chomhairle Rialaithe go n-éireofar as na hathinfheistíochtaí faoi CCS ó mhí Iúil 2023.

Maidir leis na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis CCÉP atá ag teacht in aibíocht, tá sé i gceist ag an gComhairle Rialaithe iad a athinfheistiú go dtí deireadh 2024 ar a laghad. I gcás ar bith, déanfar scor céimnitheach phunann CCÉP amach anseo a bhainistiú ionas nach gcuirfidh sé isteach ar an seasamh beartais airgeadaíochta iomchuí.

Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe léi ag cur solúbthachta i bhfeidhm maidir le hathinfheistiú fuascailtí dlite i bpunann CCÉP d’fhonn cur i gcoinne rioscaí in aghaidh mheicníocht tarchurtha an bheartais airgeadaíochta, ar rioscaí iad a bhaineann leis an bpaindéim.

Oibríochtaí athmhaoinithe

Ós rud é go bhfuil na méideanna a tógadh ar iasacht faoi na hoibríochtaí athmhaoinithe dírithe fadtéarmacha á n-íoc ar ais ag na bainc, déanfaidh an Chomhairle Rialaithe measúnú rialta ar an gcaoi a gcuireann oibríochtaí fadtéarmacha iasachtaithe lena seasamh maidir le beartas airgeadaíochta.

***

Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena hionstraimí uile a choigeartú laistigh dá sainordú chun a chinntiú go bhfillfidh boilsciú go dtí a sprioc, is í sin 2%, sa mheántéarma agus chun tarchur réidh beartais airgeadaíochta a choinneáil. Tá creat uirlisí an Bhainc Ceannais Eorpaigh iomlán ábalta tacaíocht leachtachta a chur ar fáil do chóras airgeadais an limistéir euro más gá. Tá an Ionstraim Cosanta Tarchurtha ar fáil chun cur i gcoinne dinimicí margaidh neamhordúla nach bhfuil údar leo agus ar bagairt thromchúiseach iad do tharchur an bheartais airgeadaíochta i ngach tír de chuid an limistéir euro, agus, ar an gcaoi sin, cuirtear le cumas na Comhairle Rialaithe a sainordú cobhsaíochta praghsanna a shaothrú ar bhealach níos éifeachtúla.

Déanfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh trácht ar na breithnithe a bhí mar bhunús leis na cinntí seo ag preasráiteas a thosóidh ar 14:45 CET inniu.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar ar chinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa