Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)

Nollaig 2024

13 Nollaig 2024

Oibríochtaí margaidh

Athruithe ar fhoilsiú sonraí punainne beartais airgeadaíochta faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP)

An 5 Nollaig 2024, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe athruithe ar fhoilsiú sonraí punainne beartais airgeadaíochta faoin PEPP, toisc, nuair a scoirfear d’athinfheistíochtaí faoin PEPP ag deireadh 2024, nach mbeidh, den chéad uair ó 2014 i leith, aon bhannaí ceannaithe ag an Eurochóras faoin gclár ceannaithe sócmhainní (CCS) ná faoin PEPP. Cinnteofar leis na hathruithe atá beartaithe go leanfaidh an leibhéal trédhearcachta a sholáthraítear leis na sonraí a fhoilseofar amach anseo de bheith iomchuí. Go háirithe, cuirfear deireadh le foilsiú mhiondealú an bhunmhargaidh/an mhargaidh thánaistigh do chláir PEPP na hearnála príobháidí, chun cleachtais a ailíniú le hathruithe a rinneadh le déanaí ar an gcóras foilseacháin do chláir CCS na hearnála príobháidí. Ina theannta sin, foilseofar na sonraí PEPP uair sa mhí seachas uair amháin gach dhá mhí, chun teacht leis an tsraith choibhéiseach sonraí CCS, agus foilseofar sonraí stairiúla míosúla don tsraith ó thús an chláir. Déanfar córais foilsithe PEPP agus CCS a ailíniú a thuilleadh, le foilsiú sonraí fuascailte siarbhreathnaitheacha agus réamhbhreathnaitheacha araon le haghaidh PEPP. Déanfar gach athrú, a léireofar i gCeisteanna Coitianta PEPP nuashonraithe ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh, a chur chun feidhme amhail ón 8 Eanáir 2025.

Comhairle maidir le reachtaíocht

Tuairim BCE maidir leis an oibleagáid glacadh le híocaíochtaí in airgead tirim

An 6 Nollaig 2024, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2024/39 ar iarratas ó Aireacht Airgeadais na hÍsiltíre.

Rialachas corparáideach

Comhaltas ar Choiste Iniúchóireachta an Bhainc Ceannais Eorpach

An 11 Nollaig 2024, cheap an Chomhairle Rialaithe Olli Rehn, Gobharnóir Suomen Pankki – Banc na Fionlainne, ina chomhalta den Choiste Iniúchóireachta ar feadh téarma trí bliana a mhairfidh go dtí deireadh 2027. Tiocfaidh an tUasal Rehn i gcomharbas ar Yannis Stournaras, Gobharnóir Bhanc na Gréige, a bhfuil deireadh tagtha lena shainordú ina chomhalta den Choiste Iniúchóireachta.

Staidreamh

Amlíne nuashonraithe chun tuairisciú staidrimh na mbanc a chomhchuibhiú

An 4 Nollaig 2024, d’eisigh an Banc Ceannais Eorpach preasráiteas inar fógraíodh amlíne nuashonraithe le haghaidh chlár an Chreata Tuairiscithe Chomhtháite (IReF), lena gcomhchuibheofar tuairisciú staidrimh ar fud bhainc an limistéir euro, lena laghdófar an t-ualach tuairiscithe agus lena bhfeabhsófar cáilíocht na sonraí atá ar fáil do lucht ceaptha beartas agus d’anailísithe. Tá sé beartaithe faoi láthair tús a chur le tuairisciú IReF sa cheathrú ráithe de 2029. Tá plean cur chun feidhme mionsonraithe le scaoileadh go déanach in 2025.

Nótaí bainc agus boinn

Torthaí staidéar na bliana 2024 ar dhearcadh na dtomhaltóirí i leith íocaíochtaí

An 5 Nollaig 2024, thug an Chomhairle Rialaithe dá haire staidéar 2024 ar dhearcadh na dtomhaltóirí i leith íocaíochtaí sa limistéar euro (SPACE) agus d’fhormheas sí a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Tá an tríú staidéar SPACE seo bunaithe ar shuirbhé a rinne an Banc Ceannais Eorpach idir Meán Fómhair 2023 agus Meitheamh 2024 in 18 gcinn de 20 tír an limistéir euro. Comhlánaíodh sonraí an tsuirbhé le sonraí comhchuibhithe ó shuirbhéanna náisiúnta íocaíochta a rinne Deutsche Bundesbank agus De Nederlandsche Bank in éineacht le Comhlachas Íocaíochtaí na hÍsiltíre. Tá sé beartaithe an staidéar, a mbeidh preaseisiúint ag gabháil leis, a fhoilsiú an 19 Nollaig 2024. Foilsíodh an chéad staidéar SPACE in 2020.

Maoirseacht Baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Torthaí an athbhreithnithe ar cháilíocht sócmhainní le haghaidh J.P. Morgan SE

An 21 Samhain 2024, ní dhearna an Chomhairle Rialaithe agóid i gcoinne an teimpléid nochta, arna fhormheas ag an mBord Maoirseachta, ina raibh torthaí deiridh an athbhreithnithe ar cháilíocht sócmhainní do J.P. Morgan SE, a rinne an Banc Ceannais Eorpach tar éis don bhanc a bheith aicmithe mar institiúid shuntasach. Tá an teimpléad nochta agus preasráiteas gaolmhar le fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Tosaíochtaí maoirseachta maidir leis an Sásra Maoirseachta Aonair le haghaidh 2025-2027

An 29 Samhain 2024, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta tosaíochtaí maoirseachta SMA do 2025-2027 a fhoilsiú, ina sonraítear straitéis SMA do na trí bliana amach romhainn. Foilseofar na tosaíochtaí an 17 Nollaig 2024 ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

Nochtadh mhodheolaíochtaí an Phróisis Athbhreithnithe agus Meastóireachta Maoirseachta (SREP)

An 2 Nollaig 2024, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta doiciméad athbhreithnithe leathanach gréasáin mhodheolaíocht mhaoirseachta SREP, na modheolaíochtaí athbhreithnithe maidir le riosca creidmheasa, riosca margaidh agus rialachas inmheánach agus bainistiú riosca, chomh maith le modheolaíochtaí nua maidir le riosca ráta úis sa leabhar baincéireachta (IRRBB) agus riosca um raon difríochta creidmheasa sa leabhar baincéireachta (CSRBB) agus maidir le riosca oibriúcháin agus riosca teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Tá sé beartaithe é a fhoilsiú an 17 Nollaig 2024 ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

Tuarascáil 2024 ar mhaoirseacht ar institiúid ar lú a suntas (LSI)

An 11 Nollaig 2024, níor chuir an Chomhairle Rialaithe in aghaidh moladh ón mBord Maoirseachta doiciméid ar mhaoirseacht LSInna in 2024 a fhoilsiú. Tá an tuarascáil, ina scrúdaítear gnéithe struchtúracha na hearnála LSI, a príomhfhorbairtí agus a mórghníomhaíochtaí maoirseachta, ar fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa