Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

Cinntí beartais airgeadaíochta

12 Nollaig 2024

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach a ísliú 25 bhonnphointe. Go háirithe, tá an cinneadh an ráta úis ar an tsaoráid taisce a ísliú – an ráta trína stiúrann an Chomhairle Rialaithe seasamh an bheartais airgeadaíochta – bunaithe ar a measúnú nuashonraithe ar an ionchas boilscithe, ar dhinimic an bhoilscithe fholuitigh agus ar neart tharchur an bheartais airgeadaíochta.

Tá an próiseas díbhoilscithe ar an mbóthar ceart. Measann baill foirne go mbeidh boilsciú príomha ar an meán ag 2.4% in 2024, 2.1% in 2025, 1.9% in 2026 agus 2.1% in 2027 nuair a thiocfaidh Córas Trádála Astaíochtaí leathnaithe an Aontais i bhfeidhm. Maidir leis an mboilsciú gan fuinneamh agus bia san áireamh, réamh-mheasann an fhoireann gur 2.9% ar an meán a bheidh ann in 2024, 2.3% in 2025 agus 1.9% in 2026 agus 2027 araon.

Tugann an chuid is mó de bhearta an bhoilscithe bhunúsaigh le fios go socróidh boilsciú thart ar sprioc mheántéarmach 2% na Comhairle Rialaithe ar bhonn leanúnach. Tá laghdú tagtha ar an mboilsciú intíre ach tá sé fós ard, go príomha toisc go bhfuil pá agus praghsanna in earnálacha áirithe fós an-mhall ag dul in oiriúint don bhorradh a bhí ar bhoilsciú roimhe seo.

Tá coinníollacha maoinithe ag maolú, agus tá na ciorruithe a rinne an Chomhairle Rialaithe le déanaí ar rátaí úis ag déanamh iasachtaí nua níos saoire de réir a chéile do ghnólachtaí agus do theaghlaigh. Ach tá siad fós daingean toisc go bhfuil an beartas airgeadaíochta sriantach i gcónaí agus tá arduithe ar rátaí úis san am atá thart fós á dtarchur chuig an stoc creidmheasa gan íoc.

Tá an fhoireann ag súil anois le téarnamh eacnamaíoch níos moille ná mar a bhí sna réamh-mheastacháin i mí Mheán Fómhair. Cé gur tháinig méadú ar fhás sa tríú ráithe den bhliain seo, tugann táscairí suirbhé le fios gur mhoilligh sé sa ráithe reatha. Measann an fhoireann go bhfásfaidh an geilleagar 0.7% sa bhliain 2024, 1.1% sa bhliain 2025, 1.4% sa bhliain 2026, agus 1.3% sa bhliain 2027. Tá an téarnamh réamh-mheasta ag brath go príomha ar ioncaim réadacha atá ag ardú – rud ba cheart a chur ar chumas teaghlach níos mó a chaitheamh – agus ar chumas gnólachtaí tuilleadh infheistíochta a dhéanamh. Le himeacht ama, ba cheart go dtacódh éifeachtaí an bheartais shriantaigh airgeadaíochta, ar éifeachtaí iad atá ag dul i léig de réir a chéile, le méadú ar an éileamh intíre.

Tá an Chomhairle Rialaithe meáite ar a chinntiú go gcobhsóidh an boilsciú ar bhealach inmharthana go dtí 2%, is é sin, an sprioc mheántéarmach, gan mhoill. Leanfaidh sé cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Go háirithe, beidh cinntí na Comhairle Rialaithe faoi rátaí úis bunaithe ar a mheasúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú bunúsach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl an Chomhairle Rialaithe ag déanamh aon ghealltanas fós maidir le treo ar leith rátaí.

Eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach a ísliú 25 bhonnphointe. Dá réir sin, laghdófar na rátaí úis ar an tsaoráid taisce, ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe agus ar an tsaoráid iasachta imeallach go 3.00%, 3.15% agus 3.40% faoi seach, le héifeacht ón 18 Nollaig 2024.

An clár ceannaithe sócmhainní (CCS) agus an clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (CCÉP)

Tá punann an chláir ceannaithe sócmhainní (CCS) ag laghdú ag ráta measta intuartha, toisc nach ndéanann an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ar fad ó urrúis atá ag teacht in aibíocht a athinfheistiú a thuilleadh.

Ní dhéanann an tEurochóras na príomhíocaíochtaí go léir ó urrúis a aibíonn a ceannaíodh faoi CCÉP a athinfheistiú a thuilleadh, rud a chuireann laghdú €7.5 billiún ar an meán ar phunann PEPP in aghaidh na míosa. Cuirfidh an Chomhairle Rialaithe deireadh le hathinfheistíochtaí faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime ag deireadh 2024.

Oibríochtaí athmhaoinithe

Aisíocfaidh na bainc na méideanna atá fanta a fuarthas ar iasacht faoi na hoibríochtaí athmhaoinithe spriocdhírithe fadtéarmacha an mhí seo, rud a thugann an chuid seo de phróiseas normalaithe an chláir chomhardaithe chun críche.

***

Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena hionstraimí uile a choigeartú laistigh dá sainordú chun a chinntiú go gcobhsóidh boilsciú ar bhealach inmharthana go dtí a sprioc, is í sin 2%, sa mheántéarma agus chun tarchur réidh beartais airgeadaíochta a choinneáil. Tá an Ionstraim Cosanta Tarchurtha ar fáil chun cur i gcoinne dinimicí margaidh neamhordúla nach bhfuil údar leo agus ar bagairt thromchúiseach iad do tharchur an bheartais airgeadaíochta i ngach tír de chuid an limistéir euro, agus, ar an gcaoi sin, cuirtear le cumas na Comhairle Rialaithe a sainordú cobhsaíochta praghsanna a shaothrú ar bhealach níos éifeachtúla.

Déanfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh trácht ar na breithnithe a bhí mar bhunús leis na cinntí seo ag preasráiteas a thosóidh ar 14:45 CET inniu.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar ar chinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa